Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-01-28

Gíreascóip

Gléas eile a chuireann mearbhall orm ná an Gíreascóp. Braitheann eitleáin agus spásárthaigh ar gíreascóip chun casadh a thomhas. I gcás gíreascóp meicniúil, is é atá i gceist ná diosca atá ag casadh ag luas ard, i fráma ar féidir leis bogadh thart ar gach ceann de na trí áis. De bharr prionsabal imchoimeád an mhóimintim agus táimhe an diosca ag casadh, cuireann an diosca i gcoinne athrú treo – agus is féidir an athrú treo a thomhas dá réir le braiteoirí ar an ngiombal.
Tá gléasanna éagsula ann a thagann i dtír ar an bprionsabal seo agus a ghineann comhartha leictreach i gcoibhneas leis an luas uilleach nó leis an luasghéarú. Tá a leithéid coitianta in fóin póca agus uaireadóirí glice agus cuireann siad ar chumas na gléasanna coiscéimeanna a thomhas, mar shampla. Ní minic anois gíreascóip meicniúil in úsáid chuige sin áfach.
Míbhuntáiste is ea baill a bhogann i ngléas fadmharthanach mar a bhíonn de dhíth don spás.
Mar sin, is ar éifeacht iomlán éagsúil a bhraitheann na gíreascóip snáthoptaice a bhíonn in úsáid ar spásárthaigh – éifeacht Sagnac. Scoiltear léas solais agus seoltar an dá léas i dtreonna éagsula tríd corn fhada snáithín optaice. Má tá an gléas ag casadh ní hionann an fhaid is gá don dá léas taisteal agus mar sin beidh trasnaíocht idir an dá léas – is féidir sin a thomhas agus beidh sé i gcoibhneas leis an luas uilleach.
Go hiondúil bíonn ceithre gíreascóp sa ghléas, sa dtreo agus gur féidir an luas uilleach thart ar thrí áis a thomhas agus go bhfuil comhartha sa bhreis ann chun cuir le cruinneas an toradh (agus mar iomarcaíocht sa chás agus go dteipeann ar cheann acu). Ar an gcúis sin ní bhíonn na gléasanna ailínithe le háiseanna an árthaigh agus bíonn maitrís in úsáid chun an tomhas a chasadh go fráma tagartha an árthaigh.

Bíonn an teocht le cuir san áireamh freisin; agus calabrúchán cúramach le déanamh ar an gcomhartha nuair atá an gléas ag an teocht oibrithe.
Breis castacht sna bogearraí!