Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-01-23

Joe Steve

Ní cuimhin liom go baileach cathain ar chuir mé aithne léitheora ar Joe Steve i dtosach. Na húrscéalta Lámh LáidirScread Maidine is dócha. Tá na gearrscéalta agus roinnt den fhilíocht ar mo leabhragáin freisin. Uair éigin fadó d'éirigh liom lámh a fháil ar Fead Ghlaice lán grinn is spiorad. Ealaíon pobail. Thug sé a dhráma Faoi dheireadh thiar go Bleá Cliath i 2008 agus bhí mé i láthair.

Is mór agam an saothar chruthaitheach ach tá tábhacht ann dom freisin i smaointe agus taithí an ghníomhaí pobail, fréamhaithe i stair agus cultúr as ar fáisceadh an saothar cruthaitheach. 

B'fhéidir gur Ag caint linn féin atáimid. Ach bhí rud arb fiú éisteacht leis le rá ag Joe Steve in agallaimh agus aistí.

Thart ar an am a foilsíodh an leabhar úd bhí an agóid Slán le Seán ann agus bhí mé thiar. Thapaigh mé an deis mo bhuíochas a ghabháil le Joe Steve as an gcomaoin a chuir a shaothair orm. 

Traidhfil blianta ó shin thug sé Léacht Uí Chadhain i UCD. Bhí mé i láthair. 

I measc na rudaí spreagúla a dúirt sé ná go mba cheart do Ghaeil an Oirthir aghaidh a thabhairt siar anois is arís chun blaiseadh den gcultúr.

Lasmuigh de Ghaeltacht na leabhair, is le Corca Dhuibhne is mó nasc agamsa agus ní raibh mé thiar Cois Fharraige ach dornán uaireanta, ar Árainn mar dhéagóir óg abair. 

Ach nuair a chuala mé go raibh Joe Steve ar lár mhothaigh mé go raibh sé dlite dó freastal ar a shochraid. Leis an mótarbhealach agus an seirbhís feabhsaithe bus tá sé indéanta an aistear ó Cill Mhantáin agus ar ais a dhéanamh laistigh de lá (fada!).

Chuir mé chun bóthair mar sin um a sé ar maidin, isteach go lár Bhaile Átha Cliath ar bhus. Ar ámharaí an tsaoil bhí an trácht éadrom agus bhí mé in am maith do bhus na Gaillimhe – go deimhin bhí am agam le haghaidh cupán caifé ar mo shuaimhneas. Ag taisteal sa cheo a bhíomar ó Cill Dara ar aghaidh agus bhí an ceathrú uaire chun bus a aistriú sa Ghaillimh á ídiú beagán ar bheagán. Ansin agus Gaillimh beagnach bainte amach againn bhí oibreacha bóthair ann! Bhí sé deich a chlog, am imeachta bhus na Ceathrún Rua faoin am ar shroicheamar ionad nua na mbus sa Ghaillimh. Léim mé den bhus chomh gasta sin gur fhág mé mo hata teolaí RTÉ RnaG ar an mbus. Bhí bus Chonamara ag bogadh nuair a shroich mé An Fhaiche Mhór ach buíochas le Dia (agus an tiomanaí aireach) stop sé dom agus thug chomh fada le hIndreabhán mé. Áit a fuair mé greim le n-ithe (a bhí de dhíth go géar). 
Ó tharla go luaitear a mhalairt go minic, is as Gaeilge a rinne mé mo ghnó le muintir an tsiopa agus fear a bhus.

Cé go raibh mé ag Séipéal Naomh Ainnín thart ar 11:00 – uair a chloig roimh an tsochraid – bhí an áit plódaithe cheana féin, seachas na suíocháin a bhí curtha i leataobh don dteaghlach. Fuair mé suíochán in aice le hÁine Durkin – ach ghéill mé é tar éis tamall do dhuine a bhí níos mó ina ghátair. Fágann sin go raibh mé amuigh – ag éisteacht (buíochas le callaire de chuid RTÉ RnaG) le linn na sochraide. Ní fear mór teilifíse mé ach tá Ros na Rún feicthe cúpla uair agam. Rud a fhág mearbhall orm faoi daoine a shíl mé a d'aithin mé ... Tá daoine a d'aithin mé cinnte ar ndóigh. Ina measc bhí toscaireacht Chorca Dhuibhne, Pádraig Ó Sé agus Toose Mac Gearailt. Bhí lucht léinn ann – Máirín Nic Eoin agus Máire Ní Annracháin. Daoine ó gach áit ag ó gach ghné de shaol Joe Steve.

Mhair an ceo trom, rud a d'fhág go raibh ciúnas diamhair timpeall ar an séipéal – seachas corr charr ag dul thar bráid agus ceiliúr an n-éan sa chlapsholas buan. Bhí an chaint agus an ceol le clos go soiléir. I measc an deichniúr sagart ar an altóir bhí dearthair Joe Steve Pádhraic, a thug an t-aitheasc ag cuir síos ar a chaidreamh le Joe – a bhí riamh umhal. An chaoi ar mhol sé dó i gcónaí bheith tuisceanach, nach raibh sé tar éis siúl i mbróga an fhir eile.
Le linn an aifrinn bhí scoth na gceoltóirí – óg agus níos sine – ag seinm agus ag amhrán, uaireanta le focail a scríobh Joe Steve féin.

Labhair mac Joe Steve, Páid go geanúil ag deireadh an aifrinn faoina athair – agus bhain gáire as an slua scaití, é ag trácht ar bheirt ban Joe Steve – máthair Pháid, Máirín, ar cheiliúr sé caoga bliain a phósta léi le déanaí. Agus a bhean i Ros na Rún, Máire Pheter – a raibh sé luaite léi ar feadh scór bliain. B'é seo an dara sochraid aige ar ndóigh freisin, tharla go raibh sochraid ag a charachtar i Ros na Rún tamall siar!

Is iad cliar Ros na Rún chomh maith le dalta scoile áitiúla, le cóipeanna de leabhair Joe Steve ar iompair acu, a bhí mar gharda onóra ar dhá thaobh an R336 agus muid á thionlacan amach as an séipéal ar a aistir deireanach. Shiúil muid go sollúnta trí cheo trom go reilig an Chnoic.

Dúradh na paidreacha deiridh. Chuir baill teaghlaigh craobhacha fraoigh sa mhullach ar an cónra – níos deise agus dúchasaí na rós ná lus eile. Nós Chonamara an uaigh a líonadh ar an bpointe; nós nach bhfuil againn thoir. Mar sin, bhí baicle dá chomharsan cruógach ag líonadh an uaigh ar feadh seal, gíoscán miotail na sluasaid agus an úir ghainmheach á chuir ar ais. Lena linn sin agus an chuid eile againn ag seasamh go ciúin canadh amhráin agus léadh filíocht de chuid Joe Steve. A "bhaintreach" ó Ros na Rún, Máire Pheter. Caitlín Pheaits. Josie Ó Cualáin. Déagóirí áitiúla freisin. Sollúnta, uaigneach, cumhach. Ach dóchasach freisin. Tá an fear imithe, ach níl a shaothar – agus tá dream óg ann atá in ann agus sásta an lóchrann an iompair.

Cé go raibh cuireadh oscailte ar ais ag an Conamara Coast, agus gur cinnte gur iomaí gol agus gáire a rinneadh ann i gcuimhne Joe , thug mé féin agus Áine aghaidh ar an nGealchathair. Béile deas agus dreas comhrá sular thug mé aghaidh ar an mbóthar abhaile.

Bhí mé sa bhaile roimh meán oíche!


Go dtaithní solas suthain Dé ar Joe Steve agus go dtuga Sé sólás dá chlann agus dá chairde.