Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-12-12

An Bhean Istigh

Tá ríomhaithne na mblianta agam, mar chomhbhlagadóir,  ar Áine Durkin. Go deimhin casadh ar a chéile muid cúpla babhta agus Áine abhus san ardchathair. Bhí cuir amach éigin agam uirthi mar fhile, mar gur fhoilsigh sí corr dréacht ar an mblag. Bhí fhios agam freisin baint a bheith aici le cúirt filíochta an oireachtais.

D'fhulaing a muintir roinnt tragóid phoiblí, bás a deirfiúr faoi chúinsí nár soiléiríodh riamh agus í ar dhualgas le arm Mheiriceá san Afganastáin.

Tá taithí fhada sna dánta seo a cnuasaíodh thar scór bliain.

Dánta teaghlaigh, caidrimh, ceana.

Feictear dom gur leor dó féin an sonas, agus gur minice a éadromaíonn croí faoi bhuairt é féin i ndán.

Tá scáil an bhróin, ach freisin an teacht aniar as ar na dánta seo. Ach ní dánta gruama éadóchasach iad. Tá splanc an dóchais is an grá iontu; an anam daonna neartaithe agus maisithe, mar a bheadh ealaín Kintsugi na Seapáine, soitheach briste deisithe le hór.

Tá féin chíoradh agus iniúchadh an scríbhneora le fáil iontu freisin; mórtas agus grá  máthar, deirféar, iníne, gariníne, cara.

Bhí aithne freisin agam ar Nuala Nic Con Iomaire, suaimhneas síoraí uirthi: tugann marbhnaí Áine chun beatha arís í.

Goltraí agus geantraí, grá agus gruaim, gontacht agus greann.

Gura fada buan Áine!

Mise Áine: An Bhean Istigh
Cló Iar Chonnacht