Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-12-05

Ceiliúradh ar Conaire Mór

Ó ghlac Caitlín Nic Íomhair freagracht as an siopa leabhair, tá an spás níos gile agus níos eagraithe. Tá na leabhair eagraithe agus comharthaí soiléire ar na seilfeanna. Agus tá spás cluthar cruthaithe d'imeachtaí litríochta agus ealaíona.

Le déanaí bhí mé ag mion cheolchoirm de chuid IMLÉ ann.

Bhí mé ann arís aréir ag ócáid thar a bheith taitneamhach, agus an duaisleabhar Conaire Mór á sheoladh. Fuair mé féin an leabhar te bruite ó na clódóirí, agus tá mo léirmheas anseo.

Aréir is é Seosamh Ó Murchú, file bisiúil é féin a chuir an leabhar inár láthair, i bpíosa breá cainte ag tarraingt as an leabhar. Thug sé samhail thar a bheith spéisiúil don saothar atá cruthaithe ag Diarmuid Johnson, i. Siansa ceoil agus go leor ornáidíocht ann.

Léirigh Diarmuid Johnson féin, le tionlacan Bríd Harper ar an fidil, oiriúnacht an tsamhail tríd sleachta a léamh as an leabhar go drámatúil. Tháinig guth, insint agus ceol le chéile go paiteanta.

Go deimhin (ar an gcaolseans go bhfuil Alan Esslemont á léamh seo) tá mianach dráma físiúil in athinsint ealaíonta Dhiarmuid ar scéal atá ceilte le fada ar an té, fearacht mise, nach bhfuil sean Ghaeilge aige.

Is dócha áfach go mba ghá an Cartoon Saloon a chuir i mbun oibre chun na carachtar a thabhairt chun beatha...

Seod deartha an leabhar, mar a bhíonn muid ag dréim leis ó Leabhar Breac. Tá leagan Darach Ó Scolaí den Táin ar tí a fhoilsithe, agus cloisim go bhfuil leabhar eile ar na bacáin ag Diarmuid leo.

Bail ó Dhia ar an obair mo ghuí ar Dhiarmuid, ar Dharach agus ar Chaitlín! Gura fada buan iad.