Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-12-11

Intleacht shaorga agus an dara réabhlóid tionsclaíochta

Le tamall anois tá comhrá scaoilte idir Eoin P. Ó Murchú, Tomaí Ó Conghaile agus mé féin faoi intleacht shaorga ar Twitter, muid ag tarraingt aird a chéile ar altanna spéisiúla a thagann muid orthu.

Le déanaí chuir Eoin an alt téagartha seo faoinár mbráid. (Cuid 1, Cuid 2)

Tagaim le go leor den léargas ann. Táim féin i gcampa an amhrais agus imní.

Ní hé an scéal aige faoi IS bradach a dhéanann díothú ar an gcine daonna ar mhaithe le cuir chun cinn a mhisean, eadhon nótaí buíochais foirfe a scríobh is a scaipeadh, atá ag déanamh scime dom.

Dímhorálta, mar a phléitear san alt, atá teicneolaíocht. Ach bíonn baint ag an úsáid a bhaintear as le moráltacht. Agus braitheann an feidhm a bhaintear as ar an dream a bhfuil smacht acu air.

Ainneoin a deirtear san alt faoi theicneolaíocht foinse oscailte a bheith ar fáil do chách, is foirne móra le trealamh chostasach a rinne an dul chun cinn is mó go dtí seo. Agus is iad sonraí eochair na héachtaí ríomhfoghlama. Fágann sin an lámh in uachtar ar na comhlachtaí móra atá i lár an 'chaipitleachais airdill', atá ag cnuasach na sonraí a bhronnann muid orthu ar mhaithe le táirgí atá neadaithe go domhain inár saol. Facebook agus Google.

Comhlachtaí a bhfuil smacht orthu ag líon ana bheag daoine. Meiriceánaigh fireannacha geala don gcuid is mó. Iad go hiondúil an-óg nuair a fuair siad seilbh ar ollshaibhreas. Sceith béil faoi seo go leor comhlachtaí teicneolaíochta maidir le urraim ar mhná agus mionlaigh, nó fiú oibrithe ar scil íseal.

Tá béalghrá faoin daonchairdeas agus liobrálachas coitianta ina measc. Ach liobraíochas an saor mhargadh a n-idéeolaíocht.

Chuimhnigh gur teip Mark Zuckerberg bean a mhealladh, agus fraoch dá bharr a chuir síol an togra as ar eascair Facebook.

Tá amhras orm faoin leagan amach ar dhaonchairdeas atá ag an drong shaibhir seo. Níl aon cheist ann ach go gcuirfidh siad aon táirgí intleacht shaorga i bhfeidhm chun cruinne níos fearr a chruthú, de réir a slat tomhais siúd.

Is féidir go mbeadh feabhas áirithe don gnáthdhuine i gceist. Tá an-leas déanta ag teicneolaíocht na faisnéise san Afraic- fóin soghluaiste ag cabhrú le cúrsaí airgeadais agus trádála.

Mar sin féin tá idé-eolaíocht láidir i Meiriceá go háirithe gur gá srian a chuir ar phobail sa chuid eile den domhain ar mhaithe le saol (ró-chaiteach) an iarthar.

Cinnte tá ocras ar domhan. Ach is mó duine atá i mbaol báis de bharr murtall. Agus is cúiseanna cogaidh is polaitíochta is mó atá ag gorta.

Ainneoin sin tá suimeanna móra á chaitheamh ag daonchairde an Iarthar chun frithghiniúint agus ginmhilleadh a bhrú ar an domhain i mbéal forbartha. Dearcadh coilíneach uasal le híseal.

Faoi láthair fónann sé do olagarcacht an Iarthar lucht saothair saor a bheith sna tíortha seo ar féidir teacht i dtír orthu le táirgí saora a chuir ar fáil do íseal aicme an Iarthar.

Ach de réir mar a thagann forbairt ar intleacht shaorga agus innil uathoibríoch beidh níos lú gá le seirbhísí daonna thiar, agus mar sin le déantúsaíocht daonna thoir.

Lean go leor fulaingt daonna an réabhlóid tionsclaíochta abhus.

Cad atá i ndán dúinn sa réabhlóid nua tionsclaíochta? Tá na hollchomhlachtaí níos láidre ná go leor stáit, agus a gcuid maoine á úsáid chun meon an phobail a chúbadh ar mhaithe leo féin.

Tá amhras agus imní orm!