Úrscéal neamhghnách stairiúil ó pheann Diarmuid Johnson. Scéal na Normannach a rinne ionradh ar Éirinn ar ball - ach iad fós ar imeall Ríocht Shasana, in adharca le muintir Cymru.
Na Gearaltaigh, go háirithe Muiris a thug a ainm do Chlár chlainne Mhuiris ar ball. A athair, Gearailt de Windsor. É pósta ar banphrionsa as Cymru ar ordú Anraí Rí.
Cláirseoir Breatnach an cláirseoir, scéal a thaoisigh agus na Taoisigh eile fite fuaite le scéal na Tiarnaí Mairge a earcódh Diarmuid na nGall ar ball. Agus a raibh airc talún orthu, iad míshocair san Marg toisc lucht Cymru a bheith ag neartú, agus Anraí Rí a bheith luaineach. Pléimeannaigh sa mheascán leis i roinnt na creiche ar imeall thiar na Breataine.
Siar is aniar idir Éirinn agus an Bhreatain chomh maith.
Snáithí an scéil fite ina bhréidín dhlúth ag Diarmuid, scéal thar na glúinte, troid agus trádáil, feall agus féile, searc agus mioscais.
Scéal a thugann stair chun beochta, réamhrá d'ionradh na Normannach ar Éirinn.
Léitheoireacht atá idir taitneamhach agus ina lón eolais.
Ní bearna atá i Muir Meann, ach nasc - go háirithe san tréimhse sin agus go ceann i bhfad ina dhiaidh.
Diarmuid Johnson
Leabhar Breac