Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-09-30

Reic

Bhí mé i bpluais na cúise i bhfad ró luath Dé hAoine do Reic. Nós neamhghaelach amach is amach ach sé an chaoi go raibh mé ag teacht ón obair.

Diaidh ar ndiaidh líon an t-íoslach agus chuir Ciara tús le himeachtaí. Mar is iondúil bhí meascán ábhair agus caighdeáin ann, agus níl fúm léirmheas a thabhairt ar ghach thaibhe.

Bhí roinnt a chuaigh i bhfeidhm orm seachas a chéile.

Triúr ban go háirithe. Tá Ciara síoraí ag cuir lena répertoire spreagúil. Leagan nua aici dúinn de "Roghnaigh Saol", ceol cúlra agus tinfeadh ó Trainspotting. Sciolladh géar greannmhar ar fimíneacht i leith na mBan. Fimíneacht ó fhir, agus ó mhná...

Fear baoth ar líne a spreag an píosa fíorghreannmhar "Ramhar, gránna, iomarca smidiú, lán di féin". Bhí an curfá á chanadh léi sara bhfad ag a raibh ann.

Jill mac Mahon ag léiriú cás na mban atá cúngaithe ag éilimh an sochaí a bhíonn go hiondúil ag teacht salach ar a chéile - a fhágann bean ina riarthóir ar a colainn seachas ina príomhfheidhmeannach.

Elizabeth McGeown a tháinig aduaidh ó Bhéal Feirste agus a thug crobhaing dúinn - dánta ar dán na mban i saol an cheoil i measc cumann cuiditheach na bhfear a sainíonn tallann na mban. Dán ar uafás Thuama. Dán fhada faoi uaigneas agus fearg an té a déantar tromaíocht orthu ar scoil agus tearmann na samhlaíochta. (Mar duine a tháinig tríd tromaíocht mé féin, ainneoin é bheith i bhfad níos séimhe, chuaigh seo i bhfeidhm orm go háirithe).

Triúr fear.

Barry (Currivan ?). Canúint Béarla Duibhlinne. A dúirt faoi féin gur cúigiú colúnaí na Gaeilge é, ag briseadh an Bhéarla. Dán iontach aige faoi Supervalue Sanjay agus na hinimircigh eile atá níos Éireannaí ná na hÉireannaigh ina gcaint. Ina measc an créatúr ar mian leis bheith ina gheabaire ach atá Irish-Afro seachas Afro-irish... Reic sé dán as Gaeilge freisin - léiriú glé ar streachailt éigse Éireannach le teanga. A ghléas oibre.

Iarraidh ar Aindriú Mac an Rí an léann clasaiceach a mhúineadh do dhaltaí. Ó tharla gan é bheith eolach faoi b'éigean dó é féin a thumadh i miotais na Gréige is na Róimhe. B'fhiú é.

As scéal Echo, Narcissus agus Pan d'fháisc sé dán iontach comhaimseartha ach fréamhaithe sa mhiotas. Beanorgain. Tuismitheoirí faoi dobróin. Amharc deireadh TCI. Nach truamhéalach go bhfuil scéalta mar seo á insint leis na mílte bliain?

Colm Mac Gearailt a chuir clabhsúir leis an oíche. Reic sé an dán Deor-aíocht a bhuaigh Slam Liú Lúnasa dó. Dán faoi tréigean - leannáin nó tíre, nó an dá rud. Agus dán a thobchum sé ar an mbóthar ó thuaidh faoin críochdheighilt agus bagairt na Breatimeachta. Dán ag pléascadh le fearg cóir.

Taibhfhile ar leith Colm. Ní le focail agus guth amháin a reiceann sé. Bíonn gach orlach dá cholainn san reacaireacht - a aghaidh go háirithe. Riastradh.

Is iontach an ócáid Reic. Mar ionad thaithin broinn na filíochta i mbrú an generator níos fearr liom - ach tá a bhuanna féin ag Club an Chonartha.

Táim fíor bhuíoch gur thionscan Ciara an togra seo. Bail ón mBé ar reic agus ar thograí eile Chiara. Is saibhride mo shaol an éigse.