Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label taibhfhilíocht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label taibhfhilíocht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2020-11-14

Físdánta

Reáchtáil Reic comórtas filíochta ar líne aréir agus bhí mé ag faire ar le fonn. Tá Reic, a bhunaigh Ciara Ní É cúig bliana ó shin, ag dul ó neart go neart. Braithim uaim na hócáidí taibhfhilíochta fuinniúla i leithéid an Generator nó Club an Chonartha. Tá súil agam go bhfillfidh a leithéid.

Ach tá rudaí spéisiúla ag tarlú le tamall de bharr trealamh taifeadta agus uirlisí eagarthóireachta a bheith ag éirí níos uile láthraí. 

Bhí comórtas Slam Fhilíochta Liú Lúnasa agus an Cúirt Filíochta san Oireachtas ag brath ar míreanna taifeadta i mbliana freisin. 

Rinne roinnt daoine léamh sách traidisiúnta i gcomhar ceamara. 

Ach tá go leor eile atá ag baint feidhm éifeachtach as na féidearthachtaí nua, ag reic a gcuid filíochta go hilmheánach, ag cruthú scannáin áille.

Ceann ar leith le Eoin McEvoy a bhí i measc na dánta a bhain duais aréir. 

Bhí ceann iontach ag Jill McMahon do Féile Liú Lúnasa agus é ar fáil ar Facebook - Riarachán. 

Roimhe sin fuair Ciara Ní É Coimisiún ó Ionad na Scríbhneoirí agus rinne sraith snasta dánta a thaifid le réimse daoine, sa mhullach ar an corpas atá taifeadta aici féin agus atá ag fás. 

Tá roinnt taifead taibhsiúla déanta ag Nós freisin. 

Tá líon na ndaoine ag dul don obair spreagúil seo ag dul i méid agus i gcumas - agus cé gur áil atá á dhéanamh den éigean faoi láthair táim ag ceapadh go mbeadh an earnáil nua seo linn ar feadh i bhfad. 

Tá súil agam go bhfuil dream éigin ag smaoineamh ar cartlannú a dhéanamh - níl comhad dhigiteacha buan ná fadmharanthach. Beidh gá le hataifead agus caomhnú. 

2019-10-14

Sruth Teangacha

I ndiaidh dom Mo Chara a léamh le déanaí chuaigh mé sa tóir ar breis filíochta de chuid Gearóid Mac Lochlainn. Bhí Sruth Teangacha luaite i Mo Chara agus chuir mé fios air.

Tá réimse téamaí á chíoradh aige ach is iad na dánta faoi thrioblóidí an Tuaiscirt agus an slí a théann siad i bhfeidhm orthu siúd a mhair tríothu agus a tháinig in inmhe lena linn is mó a chuaigh i bhfeidhm orm. Bhí orm an leabhar a leagan uaim go minic chun na mothúcháin a dhíleá.

Cé gur taibhfhilíocht a chleachtann Mac Lochlainn agus gur cumhachtaí go mór a fhilíocht ráite tá faoi seo taithí éigin agam ar a theacht i láthair (tríd físeáin don mórchuid) go bhfuil a chanúint shainiúil uirbeach ar fáil do mo chluas inmheánach. 

Díolaim as Gaeilge agus Béarla atá anseo - ach ní lomaistriúchán atá i gceist ach dánta san dá theanga ar an téama céanna. Go háirithe nuair is é féin a chum an dá leagan. 

Tá dán amháin aige (a reiceann sé ar an CD) faoi bheith ag cuir aistriúcháin ar fáil ag léamha filíochta do dhream gan tuiscint ná mórán bá. 

Cuireann an CD atá leis an leabhar go mór leis. Leaganacha de na dánta reicthe. É ráite aige gur d'aon uaim a sheachain sé glaine an stiúideo ar mhaithe le taifead a dhéanamh é féin. Cinneadh stuama dar liom, a fhágann gairbhe na sráideanna a spreag iad le clos sna dánta.

Sruth Teangacha / Stream of Tongues
Gearóid Mac Lochlainn
Cló Iar-Chonnacht
https://www.cic.ie/books/published-books/sruth-teangacha-stream-of-tongues-leabhair-cloite

2019-09-30

Reic

Bhí mé i bpluais na cúise i bhfad ró luath Dé hAoine do Reic. Nós neamhghaelach amach is amach ach sé an chaoi go raibh mé ag teacht ón obair.

Diaidh ar ndiaidh líon an t-íoslach agus chuir Ciara tús le himeachtaí. Mar is iondúil bhí meascán ábhair agus caighdeáin ann, agus níl fúm léirmheas a thabhairt ar ghach thaibhe.

Bhí roinnt a chuaigh i bhfeidhm orm seachas a chéile.

Triúr ban go háirithe. Tá Ciara síoraí ag cuir lena répertoire spreagúil. Leagan nua aici dúinn de "Roghnaigh Saol", ceol cúlra agus tinfeadh ó Trainspotting. Sciolladh géar greannmhar ar fimíneacht i leith na mBan. Fimíneacht ó fhir, agus ó mhná...

Fear baoth ar líne a spreag an píosa fíorghreannmhar "Ramhar, gránna, iomarca smidiú, lán di féin". Bhí an curfá á chanadh léi sara bhfad ag a raibh ann.

Jill mac Mahon ag léiriú cás na mban atá cúngaithe ag éilimh an sochaí a bhíonn go hiondúil ag teacht salach ar a chéile - a fhágann bean ina riarthóir ar a colainn seachas ina príomhfheidhmeannach.

Elizabeth McGeown a tháinig aduaidh ó Bhéal Feirste agus a thug crobhaing dúinn - dánta ar dán na mban i saol an cheoil i measc cumann cuiditheach na bhfear a sainíonn tallann na mban. Dán ar uafás Thuama. Dán fhada faoi uaigneas agus fearg an té a déantar tromaíocht orthu ar scoil agus tearmann na samhlaíochta. (Mar duine a tháinig tríd tromaíocht mé féin, ainneoin é bheith i bhfad níos séimhe, chuaigh seo i bhfeidhm orm go háirithe).

Triúr fear.

Barry (Currivan ?). Canúint Béarla Duibhlinne. A dúirt faoi féin gur cúigiú colúnaí na Gaeilge é, ag briseadh an Bhéarla. Dán iontach aige faoi Supervalue Sanjay agus na hinimircigh eile atá níos Éireannaí ná na hÉireannaigh ina gcaint. Ina measc an créatúr ar mian leis bheith ina gheabaire ach atá Irish-Afro seachas Afro-irish... Reic sé dán as Gaeilge freisin - léiriú glé ar streachailt éigse Éireannach le teanga. A ghléas oibre.

Iarraidh ar Aindriú Mac an Rí an léann clasaiceach a mhúineadh do dhaltaí. Ó tharla gan é bheith eolach faoi b'éigean dó é féin a thumadh i miotais na Gréige is na Róimhe. B'fhiú é.

As scéal Echo, Narcissus agus Pan d'fháisc sé dán iontach comhaimseartha ach fréamhaithe sa mhiotas. Beanorgain. Tuismitheoirí faoi dobróin. Amharc deireadh TCI. Nach truamhéalach go bhfuil scéalta mar seo á insint leis na mílte bliain?

Colm Mac Gearailt a chuir clabhsúir leis an oíche. Reic sé an dán Deor-aíocht a bhuaigh Slam Liú Lúnasa dó. Dán faoi tréigean - leannáin nó tíre, nó an dá rud. Agus dán a thobchum sé ar an mbóthar ó thuaidh faoin críochdheighilt agus bagairt na Breatimeachta. Dán ag pléascadh le fearg cóir.

Taibhfhile ar leith Colm. Ní le focail agus guth amháin a reiceann sé. Bíonn gach orlach dá cholainn san reacaireacht - a aghaidh go háirithe. Riastradh.

Is iontach an ócáid Reic. Mar ionad thaithin broinn na filíochta i mbrú an generator níos fearr liom - ach tá a bhuanna féin ag Club an Chonartha.

Táim fíor bhuíoch gur thionscan Ciara an togra seo. Bail ón mBé ar reic agus ar thograí eile Chiara. Is saibhride mo shaol an éigse.