Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-09-10

Der Krieg und Ich

Tá seachtó bliain ann ó ionradh fealltach na Gearmáine (agus APSS) ar an bPolainn a chuir tús leis an dara ár Eorpach agus an uileloscadh ar Ghiúdaigh a tharla faoina scáth.

Mar chuid den chuimhneacháin cpraoladh sraith ocht scannáin leathuaire thar an dá deireadh seachtaine ar KiKa, teilifís na leanaí sa Ghearmáin.

Bhí leanbh a mhair tríd an cogadh i ngach ceann acu - agus insíodh an scéal trína dhearcadh siúd.

An buachaill óg ar theastaigh uaidh bheith in Ógra Hitler fearacht gach duine ach atá ceanúil ar a chomharsa Giúdach. Mac iascaire san Iorua gafa atá ag iarraidh a iasc a choimeád chun a chlann a bheathú. Iníon ministéara Protastúnach sa Fhrainc Vichy, ag cabhrú le Giúdaigh teitheadh mar gurb é sin an rud ceart dar lena hathair - a ghabhtar. Déagóir fiáin san Albain nach bhfuil uaidh ach go bhfillfidh a athar - go dtí go dtiteann buamaí ar an gCluaidh. Mac óg Giúdach a éalaíonn ón ngeiteo díreach roimh an bailiú don ár is a fhaigheann dídean ó chomharsa. Cailín óg a theith as uafás Stalingrad. Ceoltóir óg Seiceach a thagann slán ar éigin as Auschwitz de bharr gean kapo. Buachaill óg, múnlaithe ag fás aníos le linn na Naitsíoch, a seoltar chun an fronta in éineacht le leanaí eile chun na Meiriceánach a stop agus an cogadh caillte.

Idir na scannáin ráitis ó leanaí eile an chogaidh.

Níor léiríodh, ar ndóigh, uafás iomlán an chogaidh. Ach measaim gur tugadh teachtaireacht láidir ar mithid é chlos faoi gan cluas bodhar a thabhairt don éagóir, seasamh i gcoinne tromaíocht agus gríosadh fuatha.

I ré a bhfuil náisiúnachas santach ciníoch ag borradh, tá gá le fianaise soiléir dá leithéid.