Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-02-27

Focalfhéile Feirsteach

Chonaic mé ar Twitter i rith na seachtaine go raibh Féile Focal beartaithe ag an gCultúrlann i mBéal Feirste chun feistiú jukebox filíochta ó Quotidian a chomóradh. Saothair le scór file Gaeilge, léite acu féin maille aistriúchán go Béarla atá le clos ón jukebox - agus freisin ó Soundcloud. Bhí máithreacha iomadúla ag an dtogra. Sí Celia de Fréine a rinne na filí a roghnú - Maria McManus ceann de na príomhfórsaí laistiar den dtogra níos leithne agus a choinnigh súil ar lucht na teicneolaíochta! Bhí baint i measc daoine eile ag Myra Zepf freisin. 


Trí imeacht ar fad a bhí i gceist leis an bhféile, ceardlann filíochta le Seán Ó Muireagáin um a haon déag, agallamh poiblí ar Máire Dinny Wren agus Celia de Fréine ag Máire Zepf um a haon, agus Reic um a trí. Bhí fhios agam go mbeadh sé indéanta bheith ann don dá ócáid deireadh sin ar iompar phoiblí - agus tá an spéis agam san triúr ban a bheadh ag caint sa mhullach ar mo spéis ó thús i Reic. (Deacair a chreidiúint go bhfuil Reic ar bun ó 2015!).

D'éirigh mé go moch dá réir chun an dá thuras bus aneas a dhéanamh. Agus bhí mé sa Chultúrlann in am mhaith chun bricfeasta Gaelach ó Bia Belfast a chaitheamh mar scroid eadra. (Taobh le McDonalds a bhí mé don gcéadphroinn toisc nach raibh caife ar bith le dealramh oscailte ag barr Sráid Uí Chonaill, críochfort aircoach. Fásach uirbeach ait an chuid sin den gcathair ainneoin Óstán an Gresham. Casinos agus siopaí bheaga...).

Faraor bhí an Covid bréan tar éis Máire Zepf a bhuaileadh arís (biseach luath uirthi). Ach tá sean taithí ag Caoimhe Ní Chathail ag mealladh cainte as daoine agus ghluais an comhrá go nádúrtha idir an triúr.
Bealaí éagsúla chun na scríbhneoireachta a ghlac Máire Dinny Wren agus Celia de Fréine. 

As Gaoth Dobhair í Máire Dinny Wren agus tógadh le gaois na Gaeltachta í. Ach fearacht go leor eile b'éigin di Londain a thabhairt uirthi féin ar mhaithe le hobair. Agus í ansin bhí baint aici le grúpa scríbhneoireachta Béarla, cé nár fhoilsigh sí tada. Tar éis di filleadh ar Ghaoth Dobhair bhí baint aici le ciorcal scríbhneoirí Gaeilge, a raibh Eoghan Mac Giolla Bhríde mar éascaitheoir leo agus foilsíodh scéal léi sa chnuasach Go dtí an lá bán a d'eascair as a cuid oibre. Le blianta beaga anuas bhí cúram a máthair ar Máire, rud nár fhág mórán deis aici bheith ag scríobh. D'fhorbair sí nósanna oibre a d'fheil dá cúraimí agus tá leabhar gearrscéalta Go mbeinnse choíche saor foilsithe ag Éabhlóid agus cnuasach filíochta Ó Bhile go Bile  le Coiscéim. Luaigh Máire Dinny an spreagadh a fuair sí ó pháirt a ghlacadh i comórtais, idir an ardú croí as iad a bhuachaint agus aiseolas ó mholtóirí. 
Tá filíocht agus scéalta Máire Dinny fáiscthe as saol agus dúlra Ghaoth Dobhair agus a cuimhní agus taithí. Léigh sí dhá dhán - ceann ag comóradh abhann An Chláidigh ach ag meabhrú dúinn freisin go bhfuil dualgas orainn ár gcuid a dhéanamh chun na haibhneacha agus an dúlra a chaomhnú. Agus dán faoi a máthair agus a Móraí ag cniotáil chun geansaithe a chur ar fáil do lucht rachmais. 
Anois agus a máthair, suaimhneas síoraí di, ar shlí na fírinne beidh ar Máire nósanna nua oibre a fhorbairt. Go raibh an bé flaithiúil léi! 

Cé gur rugadh Celia de Fréine i mBaile Nua na hArda, is i mBaile Átha Cliath a tógadh í. Ach chaith sí samhraí i measc a ngaolta i nDomhnach Daoi. Ní le Gaeilge a tógadh í, agus is ina cuid déaga a d'fhoghlaim sí Gaeilge mar theanga bheo seachas ábhar scoile. Is tríd an drámaíocht a thosaigh Celia ar bhóthar na scríbhneoireachta. Ag cóiriú scripteanna i dtosach, ansin ag scríobh drámaí. (Ní dóigh liom go bhfaca mé dráma léi ar stáitse, ach tá roinnt a léigh mé pléite anseo). Nuair a thosaigh sí ag múineadh thosaigh sí ag scríobh filíochta, ceal am plé le rudaí níos faide. Tá a céad cnuasach Faoi chabáistí agus ríonacha go mór faoi anáil téatar na háiféise agus osréalach dá réir. Lean a cnuasach faoi scannal Hepatitis C - Fiacha Fola. Seo an chéad cnuasach léi a léigh mé. Tuairisc phearsanta cumhachtach. 
Luaigh Celia gur chun rudaí a chur ar an dtaifead a scríobhann sí. Scríobh sí dráma i dtosach faoi Laoise Gabhánach Ní Dhufaigh, a cuireadh ar an ardán i 2016. (Bhí sé i gceist agam freastal ach bhuail fliú mé). De bharr nach bhfaca ach cúpla céad duine an dráma bheartaigh sí taifead níos buaine a thabhairt don scéal agus scríobh leabhar bunaithe ar a cuid taighde. Tá dhá saothair eile próis scríofa aici, an coirscéal Cur i gCéill agus an úrscéal tuairimíochta An Dara Rogha
Luaigh Celia freisin tábhacht sparánachtaí agus cónaitheachtaí - as sin agus rudaí a chonaic nó a léigh sí lena linn a d'eascair roinnt ciogal filíochta, mar atá mar shampla, i Cur amach seo dom, An Bhean uasal agus an aonadharcach (pléite anseo). Agus is as turas go Páras a d'eascair I bhfreagairt ar Rilke

Bhí Máire agus Celia ar aon fhocal go bhfuil dúshlán fós roimh scríbhneoireacht ag mná. Luaigh Celia go háirithe an fhadhb go stáitsítear drámaí le mná ar mhaithe leis an mbearna a líonadh ach gan na drámaí a bheith forbartha i gceart - rud atá ina bhac ar forbairt an scríbhneora. 

Lón machnaimh go leor. 


Chuir Ciara Ní É reic i láthair ansin um a trí. Mar is iondúil bhí píosaí dá cuid féin aici idir na reacairí eile. Míbhuntáiste de bheith ag freastal ar Reic go minic ná go raibh neart acu cloiste agam. Is cuma áfach, mar tá an cuir i láthair ann féin mealltach agus tugann úire don reacaireacht atá feicthe agam beo nó ar fhíseán cheana. 

B'iad Maoilíosa Nic Éadaoin an chéad aoi ar stáitse. Chuala mé iad an chéad uair ag an ócáid a reáchtáil Réaltán Ní Leannáin do Lá Idirnáisiúnta na mBan - i 2017 measaim. An uair úd bhí siad ag tógáil coiscéimeanna beaga i dtreo na Gaeilge. Chonaic cúpla bliain ina dhiaidh sin iad ag Reic le linn Éigse na Tríonóide, agus bhí forbairt tagtha ar a gcumas. Is léir go bhfuil an dua caite acu leis an bhfoghlaim agus iad in ann labhairt ar mothúcháin agus taithí sa chóras éadóchais le faobhar agus le fonn i ceachtar teanga. 

Lean Sinéad Ní Thumáin, buaiteoir Slam Liú Lúnasa iad, tar éis mír le Ciara. Bhí roinnt dánta macarónacha aici, ina measc ceann faoi cairde agus gaolta a rinne ise di. 

Seal Sheáin Uí Mhuireagáin a bhí ansin ann, agus i measc a chuid reacaireachta siúd bhí píosa faoi glanadh amach an tí tar éis dá athair dul ar shlí na fírinne. 

Bhí a dán cumhachtach faoina máthair reicthe ag Ciara roimhe sin. 

Bhuail mé le Ciara ag an pop up Déardaoin agus bhí luaite aici go raibh sí gann ar aíonna de bharr covid. Dúirt mé, dá mbeadh sí i sáinn, go mbeinn sásta cúpla blúire a rá. Ina measc bhí roinnt píosaí gairide a scríobh mé tráth ar éag mo mháthair féin i 2018.

Chur Ciara clabhsúr leis an ócáid le Ramhar, gránna, an iomarca smidiú, is lán di féin... 

Ócáid thar a bheith taitneamhach. Bhí deis agam pionta a ól i bhfochair Ciara agus John Boy roimh aghaidh a thabhairt ar na busanna abhaile.... 

Slán go fóill, Béal Feirste.