Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-02-14

Má bhíonn tú in Éirinn, bí in Árainn agus, má bhíonn tú in Árainn, bí in Eochaill!


Táim trí bliana níos sine ná an duine is giorra dom i gclann mo mhuintire, naonúr ar fad a mhair agus an duine is óige scóir bliain níos óige ná mé. Agus tá claonadh chun aonaránachta ionam. Agus fonn siúil riamh anall. 

Agus mé sna déaga chaitheamar cúpla saoire ar Árainn. Níl mé cinnte an faoi dhó nó faoi thrí a bhíomar ann. Babtha amháin, nó b'fhéidir faoi dhó i gCill Éinne gar don gcé agus Caisleán Chromail. Bhí mé níos óige an uair sin. Tá cuimhne éigin agam ar caidreamh éigin eadrainn le leaid áitiúil. Níl fhios agam an muide a mhúin an nós bharbartha dó siúd nó an bhealach eile thart. Bhíodh muid ag iascaireacht portáin ghlasa le baoite bairnigh. Ansin, le cruálacht na hóige, ag iompú rothar bun os cionn, ag cuir roth ag casadh faoi luas, agus ag déanamh smionagar de na portáin bhochta trí iad a chaitheamh tríd.
As Flies to wanton boys... 
Creidim gur samhraidh '85 a bhíomar ann an dara (nó tríú) babtha. Bheinn thart ar sé déag an uair sin. Bhíomar siar ó Chill Rónáin, gar do Tí Joe Wattie. Tá cuimhne éigin agam ar dul síos chun na céibhe le ceathrar bádóirí ón bhFrainc agus cúpla fámaire baineann óga i mbun craic - bhí ceol ag na Francaigh agus cóisir ar an luaimh acu. (N'fheadar anois conas a fuair mise cuireadh - níl ceol ar bith agam!) Bhí mé ag diúltú don bhfíon a bhí siad ag tathant orm - chloígh mé le pledge an cóineartú go dtí go raibh mé ocht déag. Agus bhí i mo phótaire ina dhiaidh sin, go dtí go raibh an clann óg agam agus tinneas póite i bhfad ró achrannach... 

Táim measartha gur '85 a bhí ann, mar bhí mé tar éis páirt a ghlacadh i gcomórtas na  nEolaithe Óga an bhliain sin, agus fáil amach faoi Seachtain Eolaíochta an RDS - campa samhraidh a d' fhreastail mé air an bhliain sin agus an bhliain ina dhiaidh, i Thomas Prior House, atá anois ina óstán. Slua mór déagóirí le spéis sna heolaíochtaí, ó gach cearn d'Éirinn, thuaidh agus theas, agus roinnt ó thar lear. 

Bhí mé tar éis aithne a chur ar neart daoine idir fireann agus baineann (ba ar scoil bheag lán buachaillí a d'fhreastail mé, ach ní raibh mé iomlán ciotach ó tharla go raibh deirfiúracha agam, agus mé le bliain nó mar sin le grúpa gasóga measctha.) Bhíos cúthail mar sin féin. Ach bhí cailín cuidsúlach le gruaig fhada chomh dubh le hairne. Luaigh sí go mbeadh sí ar Inis Meáin thart ar an am a mbeinn ar Árainn. Chuaigh mé sa tseans lá amháín agus thóg an bád farantóireachta trasna. Bhí sí díreach fágtha lá nó dhó roimhe sin. Chas mé ar mo sháil agus d'fhill ar an mbád. Cúis gáire do lucht an bháid, ach tuiscint acu do bhaois na hóige, Tá áiféala anois orm nár chaith mé an lá ag cuir aithne ar Inis Mheáin!

Bhí léarscáil Tim Robinson foilsithe le tamaill roimhe sin, agus cóip agam. Lá éigin bhuail mé an doras amach agus thug aghaidh ar Dhún Eochaille, agus thart ar a oiléain. Chuir mé líne fán bhealach a thóg mé, agus is athchrúthú ar sin atá sa léaráid thuas. Bhí radharc bhreá ó Dún Eochaille. Chuaigh mé siar ansin ar bhóithre glasa go dtí na haillte ar chósta an Atlantaigh. Chonaic mé poll na péiste. Ar feadh seal bhí mé ar siúl ar an aill in ait a raibh sraith den aill ós mo chionn agus sraith eile fúm. Ach chúngaigh an bhealach agus bhí orm cúlú go hairdeallach go dtí áit go bhfeadfainn an barr a bhaint amach le beagán de dhreapadh. 

Bhí Dún Aonghusa nach mór bainte amach agam faoi sin; agus as sin chuaigh síos go dtí an bóthar, agus amach go deireadh an oiléain; agus ar ais abhaile. 

Níl fhios agam ar ghlac mé grianghraif ar bith, nó an raibh ceamara agam in aon chor an uair úd. Gach seans nach raibh!

Taobh le cuimhní amháin atá mé - ar oileán scéirdiúil álainn, agus siúlóid spreagúil.