Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-02-24

Cosaint an Stáit

Foilsíodh Tuairisc an Choimisiúin um Óglaigh na hÉireann (as Béarla, ar ndóigh) thart ar an am go raibh ionadaithe na n-iascairí ag plé le hAmbasadóir na Rúise d'fhonn inlíochtaí Rúiseacha a bhogadh as limistéar eacnamaíochta na hÉireann - rud a raibh rath air. Ar ndóigh bhí mé ciniciúil ag an am faoin "mbua" seo ag na hiascairí - bhfacthas dom gur chuir an scéal mianta na Rúise - gníomh buaileam sciath le haird a fháil - chun cinn níos fearr ná dá mbeadh an inlíocht tar éis dul ar aghaidh gan aird a tharraingt.

Anois agus ionradh fíochmhar á dhéanamh ar an Úcráin ag Rúis Phutin, tá mo chiniciúlacht treisithe. Tá drogall ag tíortha daonlathacha trúpaí a chuir i gcogadh ar bith de bharr a dtaithí léanmhar. Ach níl cluas Putin ag máithreacha saighdiúirí na Rúise - dá mbeadh sé de misneach acu labhairt amach fiú. 

Is síochánaí mé. Creidim go bhfuil fírinne domhain i nath Tucholsky 

Soldaten sind Mörder

Dúnmharfóirí iad saighdiúirí 

Ignaz Wrobel (Kurt Tucholsky): Der bewachte Kriegsschauplatz

Cuirtear oiliúint ar shaighdiúirí chun daoine a mharú agus a ghoineadh; tá trealamh acu nach bhfuil d'fheidhm aige ach é sin a dhéanamh go héifeachtach. Mar atá pléite san alt úd "An machaire catha faoi gharda" tá péas míleata ann go dtarlaíonn an dúnmharú ceadaithe; agus éinne a dhiúltaíonn an dúnmharú a chur i gcrích, bíonn a shaol féin i mbaol.

Mar sin féin aithním nach féidir déanamh d'uireasa cosaint an Stáit; agus uaireanta gur gá don gcosaint sin a bheith faoi airm. Tá méid áirithe den tuairisc léite agam, ach tá sé an-meamráiméiseach. 

Leagtar amach na dúshláin do slándáil an stáit, ag tarraingt ar an páipéar bán ar chosaint. Leagtar amach na fadhbanna reatha le pá agus coinníollacha atá ag fágáil an cabhlach go háirithe le longa nach féidir iad a chuir i bhfarraige ceal foirne. Leagtar amach trí leibhéal "uaillmhéine" - rudaí a fhágail mar atá, roinnt infheistíocht a dhéanamh, neart infheistíochta a dhéanamh chun go mbeadh an Stáit ar chomhchéim le tíortha beaga eile san Eoraip.

Níl aon sainmhíniú dlí ar neodracht na hÉireann; níl an Stáit páirteach go díreach in aon chomhghuaillaíocht míleata; tá leathchos ag an Stáit in ECAT tríd Páirtnéireacht don Síochán. Táimid fite fuaite sna NA go míleata freisin. 

Táimid ailínithe thar mar a bhí sna 1950í, de bharr an domhandaithe agus ár mballraíocht san AE. Ní dóigh liom, agus an saol mar atá go bhfuil aon dul as againn ach nascanna eacnamaíochta agus comhghuallaíochta a chothú le stáit eile - mar thír bheag bheadh muid ró lag i leith na hollchomhlachtaí atá ag rialú an Domhan cuid mhór. Tá an saol feabhsaithe go mór abhus de bharr ballraíocht san AE, ar thogra síochána ó thús é.

Luaitear roinnt bagairtí seachas cogadh san tuarascáil; agus roinnt feidhmeanna eile a dhéanann na fórsaí cosanta thar cheann an chumhacht sibhialta.

I gcás cuid acu ní fheicim gur gá go mbeadh fir armtha ina mbun. 

An rud atá de dhíth i gcás cibéarionsaí, mar shampla, ná innealtóirí agus saineolaithe ar féidir le córáis cuí a dhearadh. Mar i gcéanna i gcás éigeandála - tá macasamhail an Technisches Hilfwerk sa Ghearmáin de dhíth - ní gá go mbeadh fir armtha de dhíth. Mar an gcéanna tarrtháil agus cuardach.  Fiú radar, ní léir dom gur gá go mbeadh sé faoi chúram fir armtha. 

Ba cheart, dar liom, gach is féidir a dhéanamh le heagraíochtaí sibhialtach; póilíní armtha agus oilte mar an rogha deiridh más gá. 

Beidh cabhlach, aerfhórsa agus arm talún de dhíth chun críocha áirithe cosanta agus cosaint síochána faoi scáth na NA; ba cheart iad a bheith ann agus na hacmhainní cuí a bheith acu. Ach ba cheart gur "fir armtha" an réiteach deiridh ar fhadhb ar bith, nach mbaintear feidhm as go dtí go bhfuil gach réiteach eile teipthe.

Ach ba cheart an cheist a phlé agus polasaí ceart móide acmhainní cearta a bheith againn mar stáit.