Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-02-04

Ní hann do chiníocha. Is ann do chiníochas.

Timpeallgearradh Chríost
Klosterneuburger Evangelienwerk, fol. 13r.
Foinse - Wikimedia; Fearann Poiblí
Hata "Giúdach" ar Iósaf
 Tharraing Whoopi Goldberg achrann uirthi féin le linn plé ar an chosc atá déanta ag bord scoile i Meiriceá ar an úrscéal grafach Maus. 
"If you're going to do this, then let's be truthful about it, because the Holocaust isn't about race,...[it was] two white groups of people."

Tá a míthuiscint - agus is míthuiscint í, dar liom,  - sothuigthe i gcomhthéacs SAM áit a bhfuil an ciníochas ina dhlúth agus inneach den saol agus an forchiníochas geal ag neartú. Luíonn an bhróg sin go trom ar sliocht na ndaor a tugadh ann as an Afraic agus nach bhfuil cothrom na féinne bainte amach acu ainneoin buanna áirithe. Tá an ciníochas de réir lí craiceann follasach seanbhunaithe fairsing. Ach tá an fuath céanna ag na forchíníochaite geala do Giúdaigh...

Rinne an Rabbi Danya Ruttenberg idirdhealú spéisiúil idir "cine" agus "pobal" i snáithe fiúntach Twitter:

Measaim gur idirdhealú fiúntach atá anseo a fheileann do go leor dreamanna atá ag fulaingt leithcheal de bharr claontuairimí, pé acu an sliocht na ndaor ón Afraic, fuíoll na gcéad náisiúin, nó inimircigh ó thíortha teo nó Ioslamacha. Nó an lucht siúil. Ach tá na Giúdaigh ar an pobal leis an stair is faide agus is léanmhara de fulaingt leithcheal. Ó ré impireacht na Róimhe ba pobal iad a bhí éagsúil - go príomha de bharr a gcreideamh. Nuair a thit an Róimh as a chéile, ba pobal ar leith fós iad - go minic faoin Impire nó Rí go díreach; dlíthe ar leith a chosc gairmeacha go leor acu agus a d'fhág taobh le díol agus ceannach iad, gan cead acu seilbh a bheith acu ar talamh. Bhí an idirdhealú seo bunaithe ar creideamh - ach ní i gcónaí go bhfeadfaí éalú ón leithcheal tríd iompú creidimh pé acu deonach nó gan a bheith deonach. 

Ansin nuair a bhí flosc faoin díol agus ceannach daoir ón Afraic san 17ú aois tosaíodh ag cuma teoiric cíníoch a d'fhág go bhfeadfaí caitheamh le daoine áirithe mar mhaoin - ó ghlúin go glúin. Baineadh feidhm uaireanta as mallacht Naoi:

Nuair a tháinig Naoi chuige féin ón meisce fhíona agus go bhfaca sé cad a rinne an mac a ba óige leis, dúirt sé:

“Go raibh mallacht ar Chanán!
Beidh sé ina dhaor na ndaor
ag a dheartháireacha.”

Geineasas 9:24-25 

Glacadh leis gurb de shliocht Hám aon duine de lí craiceann dubh, agus smacht dá réir le ceart ag pobail eile orthu. Le teacht chun cinn na heolaíochta, cuireadh cuma na heolaíochta ar an leithcheal ciníoch seo agus idirdhealú cúramach de réir sinsear. Thug dlíthe Nürnberg an t-idirdhealú seo chun foirfeachta cé go raibh a mhacasamhail i gceist i Meiriceá, a d'áirigh duine mar dubh - nó ina octoroon dá mbeadh sin-sean-tuismitheoir dubh amháin acu ....



Tá an ghráin dearg agam ar an bhfocal Mischling - cloisim lasc an fuip ann. Tá neachtanna agus nia agam sa Ghearmáin arbh as an Afraic dá n-aithreacha agus a bhuailtear an lipéad seo orthu scaití. 

Cé go bhfuil bunús i gcúrsaí leighis abair, amharc ar treithe géiniteach i gceist cearta saoránachta nó dlí níl bunús ar bith leis. Cinnte, gabhann treithe áirithe le hoidhreacht - ach is deiseanna a chinntíonn a dtagann forbairt orthu. Is seafoid dá réir caint ar "chine" (i. sliocht) amháin a bheith níos fearr na sliocht eile - agus is seafóid dúbailte é an teoiric gur leor braon den "fuil" mícheart chun leithcheal agus dí-dhaonnú a dhlisteanú.

Tá an forchiniochas agus an t-idirdhealú a threisiú, agus an frith Giúdachas leis. Ní haon chabhair gníomhartha Rialtas Iosrael - a léiríonn forchiníochas iad féin i leith na Pailsitínigh. Ní frith Giúdach gach duine atá i gcoinne gníomhartha Iosrael - ach cuid den donas ná go dtugann na hainghníomhartha chéanna sciath chosanta dóibh siúd ar frith Ghiúdaigh iad agus tugann misneach dóibh leithcheal a imirt ar Ghiúdaigh - beag beann ar a seasamh siúd i leith ceist Iosrael.

Duine is ea duine, tá urraim dlite dó dá réir. Ní bhaineann urraim le tréithe fanacha oidhreachta. Tá pobail ann ar mithid iad a scaoileadh ó laincisí a leagann claontuairimí dreamanna eile orthu - ach níl na pobail seo le cuir in adharca a chéile. Ní bhaineann ach na forchiníochaithe leas as sin.

Agus sin mo racht go n-uige seo...