Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label teangacha werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label teangacha werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2021-05-08

Múnlaíonn teanga tuiscint

Dhá alt a tháinig mo threo ar Twitter le déanaí. Bhain ceann acu ón IASS i bPotsdam na Gearmáine le tábhacht na leaganacha a húsáidtear chun cuir síos ar imbhualadh ar na bóithre, agus an teanga a úsáidtear chun athrú córasach a bhaint amach i gcúrsaí iompair.

Déanaimis iarracht an teanga a úsáid. Tá malairt cathracha de dhíth orainn. Éilíonn sin malairt tuisceana. Agus múnlaíonn teanga tuiscint.

 Roinnt moltaí san alt: 

  • faiche stórais cairr seachas áit páirceála. 
  • bóthar oscailte (don iliomad trácht seachas carranna) seachas bóthar dúnta. 
  • Imbhualadh seachas tionóisc

 D'eascair roinnt plé ansin ar Twitter agus luadh réimse eile - gur dóigh eile amharc ar teanga nuair a deirtear "teanga mionlaithe" seachas "teanga mionlaigh" agus "Iar-Ghaeltacht" seachas "Galltacht".

Le intleacht shaorga seachas le daoine a bhaint an dara alt, nó le bheith cruinn an úsáid a bhaineann a leithéid as cnuasach teanga ar an idirlíon agus scéalta á mhúnlú aige do chluiche. Is cosúil de bharr a raibh "foghlamtha" aige ón cnuasach ar líne go raibh claonadh ag an inneall scéalta a chumadh ina raibh foréigean collaíochta ar leanaí go láidir iontu. Agus nuair a cuireadh cosc ar fhocail áirithe níor athraigh na hábhar mórán, d'aimsigh an inneall dóigh leis an ngraostacht a chuir in iúl le sofhriotal.

Bhí siar is aniar san alt faoi ach bhí abairt amháin a sheas amach dom "Lig sé dom taiscéaladh a dhéanamh ar ghnéithe de mo sícé nárbh eol dom  bheith ann".

Tá amhras orm go bhfuil a leithéid de thaiscéaladh bunaithe ar na cúinní is dorcha den idirlíon iomlán folláin. Níl gach rud san fo-chomhfhios gur ceart scóip a thabhairt dó! Tá sé go háirithe baolach dar liom barraíocht scóip a thabhairt d'fhantaisíocht faoi fhoréigean - gan amhras, is mionlach a dhéanfaidh iarracht é sin a thabhairt isteach san fíorshaol - ach is leor an mionlach sin chun eachtraí tubaisteacha a mbíonn tionchar leathan acu a chruthú. Meabhraíonn sé, mar shampla, uafás dúnmharú Ana Kriegel dom.

Tá cumhacht le teanga, ach athraíonn úsáid teanga an brí agus an tionchar. Is fiú a bheith airdeallach faoi - agus faoi cé atá á mhúnlú. Is cuimhin liom LTI - Lingua Tertii Imperii - Teanga an Treas Ríocht le Klemperer a léamh. Nótaí a thosaigh sé ag breacadh síos agus é san leathshaol ag seachaint a ghabháil ag na Naitsithe. Thosaigh sé air nuair a chuala sé freagra bean den lucht oibre ag trácht ar tuige a ghabh an Gestapo í - "Wejen Ausdruecke" - de bharr nathanna.

Tá amhras faoi leaganacha áirithe sa Ghearmáinis fós de bharr an mí-úsáid teanga a rinne na Naitsithe.

An ndóigh chíor Orwell an cheist leis an Newspeak i 1984. B'shin lomadh teanga. Tarlaíonn rudaí ar dhóigheanna níos caolchúisí anois sa dóigh is gur críonna an té a thuigeann go baileach cén brí atá le nathaíocht tráchtála agus údarásach - tá foghlamtha acu gur fearr iliomad focail bláfara d'fhonn an bhrí a cheilt!

Is mithid mar sin bheith airdeallach faoin teanga a mbainimid feidhm as.

2018-04-18

Aistí Eorpacha

Is dócha go raibh scata de haistí seo léite agam, nó leaganacha cíbe, san Irish Times nó Comhar. Ach bhí PoilGhael ar Twitter ag scaipeadh sleachta spéisiúla astu agus chuir mé fios ar an gcnuasach ón leabharlann.

Tá go leor ama caite ag Torlach Mac Con Midhe ar imirce as Éirinn, i dtíortha nach bhfuil an Béarla in uachtar iontu. Tá sé ag cuir faoi anois i gceantar san Eilvéis ina bhfuil an Romainis á fhéachaint leis na mór theangacha thart uirthi.

Tá taithí agus machnaimh déanta aige dá réir ar an rud a dtugann sé 'domhan teanga'  - an cultúir iomlán a thugann teanga a bheith ar do thoil agat rochtain éigin air.

Tá domhan na Gaeilge faoi bhrú gan amhras agus í timpeallaithe, báite geal leis sa Bhéarla.

Mothaím féin go bhfuil baint agam le trí dhomhan teanga, Gearmáinis, Gaeilge agus Béarla agus tionchar agus ábhar machnaimh faoi leith ag teacht chugam ó chaon teanga acu.

Bhí bá agam leis na smaointe sna haistí, agus d'fhoghlaim mé astu.

Súil eile, fáiscthe as taithí neamhghnách fairsing.

Siúlach, scéalach, staidéarach.

Aistí Eorpacha
Torlach Mac Con Midhe
Coiscéim 2015

2017-10-13

Béarla agus ríomhchlárú

Bhí mé ag éisteacht leis an mír de Motherfoclóir le Neal Ó Riain inné. Luaigh siad sa phlé go bhfuil mórán gach teanga ríomhaireachta bunaithe ar an mBéarla, fiú nuair is Ísiltíreach (Python Guido van Rossum) nó Seapánach (Ruby Yukihiro Matsumoto) a cheap. Is fíor gur labhair Grace Hopper ar oideachas a chuir ar ríomhaire, agus is cosúla an teanga rathúil COBOL  a chum sí le béarla nádúrtha ná teanga ar bith roimhe ná ó shin.
Ach tá sé míchruinn smaoineamh ar theanga daonna mar samhail ar theanga códaithe. Nodaireacht caol le brí cinnte le gach siombal is ea teanga ríomhchláraithe. Is fíor go mbíonn na heochairfhocail ina bhfocail béarla, nó cosúil leo. Ach is cúinge i bhfad an brí leo agus an séimeantaic agus comhréir atá bhailí. Eochairfhocail C atá sa pictiúr thíos, tógtha as an leabhar a bhí agam agus an teanga á fhoghlaim agam sna 1990í. Leabhar atá as Gearmáinis, ó tharla gurb ansin a bhí mé ag obair. As Bell Labs i Meiriceá a tháinig C, forbartha ar ríomhaire DEC PDP 7. Tá alt ar a stair, scríofa ag an dream a cheap, anseo. Is C cnámh droma na ríomhaireachta. D'fhorbair an meitheal céanna an córas oibriúcháin UNIX, agus is iad an dís sin atá laistiar de mórán chuile córas ríomhaireachta. Tá teangacha fearacht Python nó Java ag braith ar innill eile, atá scríofa i C.
Buntáiste C na go mbíonn, go hiondúil, tiomsaitheoir ar fáil do mórán chuile lár aonad próiseála (LAP). Sin eithne gach ríomhaire. Ar ndóigh bíonn a chód dénártha féin ag gach aonad acu sin. Ag tús ré na ríomhaireachta is na huimhreacha sin a bhí le cuir isteach ag an ríomhchláraitheoir. An chéad céim chun teibíochta ab ea  teanga dhíolama rud a chuir ar cumas an ríomhchláraitheora leagan measartha soléite dá chlár a scríobh, le neamónach ag seasamh don cód d'ordú, ADD mara shampla do suimiú. Arís is bunaithe ar Béarla atá na giorrúchán seo. Déanann díolamóir, clár ríomhaire ar leith, é seo a iompú go uimhreacha don ríomhaire.
Tá leibhéal teibíochta eile ann, C agus COBOL agus a leithéid. Bíonn tiomsaitheoir de dhíth chun iadsan a iompú, go hiondúil tríd céim i teanga dhíolama, go cód meaisín.
Bíonn na nodaireachtaí seo níos fusa a léamh agus a phlé, buntáiste mhór d'innealtóirí bogearraí.
Is minic laincisí ar leith ar teangacha ríomhchláraithe a bhaineann leis an timpeallacht a forbraíodh iontu iad.
Ba i FORTRAN a rinne mise mo chuid oibre ar an ollscoil. Níor úsáid mé féin cárta pollta riamh, ach bhí tráth ann gurb ar cártaí pollta a cuireadh ríomhchlár ar fáil don ríomhaire a rinne tiomsú orthu. Iarsma de sin ná nach bhfuil líne cód FORTRAN bailí mura dtosaíonn sé ag colún 7!
Ar ndóigh, díreach toisc go bhfuil na heochairfhocail i mBéarla, ní chiallaíonn sin gur gá d'ainmneacha athróga ná feidhmeanna a bheith as Béarla.
Ag tús mo ghairm mar innealtóirí bogearraí, bhí mé ag obair leis an teanga PL/M. Bhí na heochairfhocail i mBéarla, ach bhí ainmneacha athróga agus feidhmeanna bunaithe ar bhéarlagair theicniúil na cuideachta - as Gearmáinis. Tháinig an béarlagair sin slán cuid mhór nuair a d'iompaigh muid ar C, agus bhí an cuir síos fós as Gearmáinis freisin.
Rud coitianta atá anseo. Nuair a bhí mé, traidhfil blianta ó shin, ag féachaint ar na cáipéisí don córas vótáil leictreonach in Éirinn ba ceann de na criticí ná go raibh an bogearra comhairimh 'scríofa in Ísiltíris'. Fírinne an scéil ná go raibh sé i gcanúint den teanga Pascal, Delphi. Ach is comhlacht ón Ísiltír a bhí ina bhun agus béarlagair Ísiltírise in úsáid dá réir.
I mo chás féin, i dtreo deireadh mo thréimhse sa Ghearmáin, bhí mé ag obair ar tograí idirnáisiúnta. Béarla an lingua franca teicneolaíochta, agus dá réir is as béarlagair béarla a eascraíonn ainmneacha athróga agus feidhmeanna.
Is beag togra anois nach bhfuil amhlaidh, agus is tograí foinse oscailte cuid mhór de na bogearraí a scríobhtar anois.
Is é an gné is cumhachtaí faoi na tograí foinse oscailte ná go gcuireann siad leabharlanna saibhre feidhmeanna, atá go hiondúil profa go dian, nó ar a laghad úsáidte ag go leor daoine.
Fágann sin go bhfuil seans maith ann go bhfuil aon bhotúin iontu aimsithe. (Níl sé iomlán foirfe - tamall ó shin aimsíodh fabht tromchúiseach ar a baisteadh Heartbleed in openSSL, leabharlann atá ag croí go leor córais chun teagmháil slán a dheánamh thar an idirlíon).
Fágann teangacha, leabharlanna agus creatlaigh bogearra mar seo go bhfuil ar chumas an ríomhchláraitheoir aonair i bhfad níos mó a bhaint amach.
Le bheith éifeachtach, is gá líon mór úsáideoir a bheith ag na bogearraí. Fágann sin go bhfuil an lingua franca in uachtar ó thaobh béarlagair de. Is fíor go bhfuil tograí ann chun an cáipéisíocht a bhaineann le teangacha agus leabharlanna a chuir ar fáil i dteangacha éagsúla. Ach go bunúsach, tá béarla sách cruinn ina riachtanas do ríomhchláraitheoir.
Tá roinnt nodaireachtaí gan mórán eochairfhocail iontu, ach is tearc iad.
Ag tús ré na ríomhaireachta bhí fear darb ainm Konrad Zuse ag saothrú sa Ghearmáin. D'fhág teip na Gearmáine san dara Cogadh domhanda áfach gur beag tionchar a bhí ag an Ghearmáin feasta sa réimse agus níor scaip a dhearadh siúd, ná an teanga siombalach a dhear sé Plankalkül. Ábhar staidéar fós atá ann mar go raibh a choincheapa cuanna ach tá an lá leis an Anglasféar sa réimse dáiríre.
Agus le C, UNIX agus a gclann, ainneoin go bhfuil go leor saineolaithe den tuairim nach iad an réiteach is fearr. (Tá sraith aistí ar an ábhar ag fear darb ainm Richard Gabriel faoin teideal Worse is Better).
Rud eile (le filleadh ar an tús) a bhí a phlé ag Neal ná an teanga ríomhaireachta Áireamhán atá cumtha aige le eochairfhocail as Gaeilge. Chaith mé súil air, agus is togra spéisiúil atá ann. Shamhlóinn gur fhoghlaim sé féin go leor as - tá dianmhachnamh de dhíth chun coincheap a thuiscint agus saothar mar é a chuir i gcrích. Luaigh sé féin go moltach saothar an Choiste Téarmaíochta agus tearma.ie
Caolseans go mbainfidh mé feidhm as áfach. Is beag úsáid a bhíonn agam d'áireamhán.
Sa bhreis ar sin, tá nodaireacht Polannach in úsáid aige do na hoibreoirí. Tá sin éasca a scagadh le clár ríomhaireachta. Ach tá sé mí nádúrtha don úsáideoir daonna!

2016-06-30

An Béarla san Eoraip

Chuir mise tús le mo shaol gairmiúil sa Ghearmáin. Tarlaíonn sé gurbh i mBeirlín nó san Gearmáin Thoir a bhí na tograí ar fad - tramanna agus traenacha faoi thalamh - a raibh mé ag obair orthu sna blianta tosaigh. Ba Gearmáinis (agus PL/M nó C, ach sin scéal eile) mo theanga oibre dá réir. Bhí comhghleacaithe liom áfach a bhí ag obair níos faide i gcéin - an tSualainn, An Ungáir, an tSín fiú. Bhí Béarla riachtanach dóibh siúd. 

Ansin cuireadh ag obair mé i dtogra ilnáisiúnta laistigh den gcomhlacht, tar éis cumasc le hollchomhlacht eile. Sualannaigh, Eilvéisigh (Gearmáiniseoirí ) agus dhá ionad sa Ghearmáin a bhí i gceist. Béarla an teanga oibre; iarradh ormsa go sonrach páirt a ghlacadh mar chainteoir dúchais Béarla. Níorbh fhada gur thuig mé nach gá gur buntáiste sin. Bhí Béarla líofa ag na Gearmáinseoirí - ach sár líofa ag na Sualannaigh. Ach Béarla ar leith a bhí ann; tionchar láidir ag a teangacha agus a meoin féin ann. Bhí foclóir níos leithne agamsa gan amhras - ach scaití is míthuiscintí a chothaigh sin seachas bheith ina bhuntáiste. Is cuimhin liom bheith ag cáineadh cáipéis as a chuid "turgid prose" - cheap go leor go raibh mé a spochadh as na hEilvéisigh a bhí lonnaithe in áit darbh ainm Turgi!

Murach Gearmáinis líofa a bheith agam, agus smeadar Fraincise agus Spáinnise, is dóigh liom go mbeadh deacrachtaí agam leis an gcineál Béarla a úsáidtear go gairmiúil san Eoraip.

Ó d'fhill mé go hÉireann agus i bpostanna éagsúla, táim ag plé fós le tíortha ar fud na hEorpa. As Béarla de chineál a bhíonn an bplé sin, ach tá tionchar na dteangacha eile air. (Shamhlóinn gur mó fós sin i gcás Béarla an AE, áit a bhfuil; focail Fraincise fite tríd an "acquis"). Sampla a bhain stangadh asam an gcéad uair a tháinig mé air ná "Responsible" mar ainmfhocal, don té a bhí freagrach as rud. Díreach ón bhFraincis.

Ag deireadh an lae níl i bhfoclóir ach cuid den cumarsáid; tá cultúr agus comhthuiscint i bhfad níos tábhachtaí ná foclóir nó fiú gramadach chun tuiscint a dhearbhú sa chumarsáid.

Tá Béarla ina Lingua Franca, ní hamháin san Eoraip, ach ar fud na cruinne; ní hamháin ag maorlathaigh ach níos mó fós ag aos acadúil agus teicneolaíochta. Botún atá ann áfach talamh slán a dhéanamh de go bhfuil buntáiste ansin don cainteoir dúchais aonteangach Béarla. Níl; is minic a chothaíonn saibhreas a Bhéarla siúd míthuiscint, go háirithe nuair a tharraingíonn sé meafair agus nathanna chuige féin, rud a déantar de ghnáth i ngan fhios, go háirithe ag an té atá dall ar theangacha eile. (Mar a dúirt Goethe, tá an té atá gan eolas ar theangacha eile caoch i leith a theanga féin)

Go deimhin, táthar ann a mhaíonn gur leor Globish - canúint ar leith Béarla nach bhfuil ann ach 1500 focal, don cumarsáid gnó.

Tátal an fhánaíocht smaointe seo? Cothaímis ar gcuid Béarla, ach cothaímis freisin tuiscint ar chultúir eile na hEorpa - agus is deacair sin a dhéanamh gan a gcuid teangacha fhoghlaim.

2012-08-21

Paypal, Teangacha agus an Ardteist

Thug na torthaí Ardteiste deis eile do bhean Paypal a bheith ag olagón ar an nuacht náisiúnta nach bhfuil ar a cumas teacht ar daoine le Gearmáinis agus Ollainnis in Éireann. (Aisteach go leor ní fheicim a leithéid de phoist fógartha acu i nDún Dealgan pé scéal é! Ach tá in Áth Cliath.)
Anois, cé go n-aontaím léi go bhfuil lagaí suntasacha i múineadh teangacha (eachtrannacha agus dúchasacha!) abhus ní dóigh liom gurbh sin croí na faidhbe aici. Táimse ag obair i bpáirc gnó ina mbíonn gnólachtaí éagsúla ag feidhmiú go hidirnáisiúnta. Ach go hiondúil is eachtrannaigh a bhíonn ag freastal ar a dtíortha féin agus iad lonnaithe anseo. Seachas, dar ndóigh, go bhfuil cuid mór de na poist seo ag bogadh go críocha eile de bharr an chostas. Costas gnó, agus costas maireachtála. Is féidir trian den tuarastal a íoc le duine chun an post - díolaíocht abair - a chomhlíonadh i, mar shampla, Malaga na Spáinne. Agus beidh an duine féin níos sásta mar beidh a chuid costais maireachtála níos ísle, gan trácht ar an aimsir!
Tá an íomhá glas spéaclaí-och a bhíodh ag Gearmánaigh, agus a mheall anseo iad ar lorg Bhöll agus a Chinn Lae, scuabtha le gaoth le fada ag fíricí agus fiacha. Mar sin is beag duine a bheadh sásta teacht abhus agus obair i nglao aonad. Rud eile de: tá cultúr i gceist chomh maith le teanga; ní dóigh liom mar sin go n-éireoidh go ró mhaith le ógánach Éireannach, fiú ógánach líofa san teanga, ina leithéide de phost.
Pé scéal é, ní hiad pointe breise don Ardteist an leigheas ar easpa teangacha ag daltaí. Níl sa chóras pointí ach bealach chun líon teoranta áiteanna ollscoile a dháileadh: chuir boilsciú na bpointe do Mata as a riocht an córas rud beag i mbliana - ach tá an córas réasúnta cothrom. An láidreacht is mó faoin gcóras reatha ná gur anaithnid a déantar na scrúdaithe agus go mbíonn ar gach daltaí an scrúdú céanna a dhéanamh, agus an deis (beagnach) ceanna acu na pointí a bhaint amach. Faraor, ansin atá an laige is mó freisin mar go bhfuil an córas curtha as riocht ag daltaí agus oidí ag díriú ar conas an méid is mó pointí a bhlí as na scrúdaithe, ag roghnú ábhair dá réir seachas de réir riachtanas dá ngairm nó spéis. Bíonn na toradh le feiceáil, mar a phléigh  Ciarán mac an Bhaird ag Imbolc anuraidh: torthaí maithe ag daltaí gan iad ag tuiscint na bunúis. Jab dá réir ag a leithéidí siúd san Ollscoil ag leigheas an dochar. Tá amhras orm an mbeidh mórán difear ann le Tionscadal Mata.
Cé go bhfuil moltaí spéisiúla sna leasaithe a mholann na hOllscoileanna don gcóras iontrála, ní rachaidh sin go gcroí na ceiste. (Agus táim amhrasach faoi aon rud a thugann gné daonna isteach sa bhronnadh áit - osclaíonn sin an doras do fabhar agus idirdhealú. Tá an córas reatha olc go leor gan sin. Tá an Ardteist cothrom go maith, ach ní shroicheann gach duine ar bhealach cothrom é.)

Ag deireadh an lae, is ionann dar liom fréamh na faidhbe san dá chás.  Mar a deir an tOllamh Les Hatton san páipéar seo (a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe ach is ionann na prionsabail):
Srathaithe seachas Modúlach atá Matamaitic.
Cineál teanga atá i gceist le mata; agus fearacht teanga caithfear í a shealbhú céim ar chéim, ó aois óg. Mar sin, is sa bhunscoil is gá tosú leis na leasaithe. Agus cur chuige céimneach, le hoidí atá oilte agus spreagtha a chuir i bhfeidhm. Oidí arbh cainteoirí dúchais nó ar a laghad cainteoirí líofa iad, agus i gcás na matamaitice daoine le tuiscint agus grá don mata. Agus iad oilte ina dhiaidh sin i modhanna éifeachtacha múinteoireachta.
An sprioc tar éis an tsaoil ná teanga shealbhú, ní teacht tríd bac-chúrsa de scrúdú.
Dála an scéil, dóibh siúd a mhaíonn gur buntáiste dúinn  gur cainteoirí dúchais Béarla muid, de bhrí gurbh sin an teanga gnó idirnáisiúnta - bhí alt san Irish Times an tseachtain seo a bhréagnaíonn sin: Ní Béarla, ach Globish an teanga atá de dhíth! Tagann sin le mo thaithí féin; go deimhin bhí amanna ann agus mé ag plé - trí Bhéarla - le eachtrannaigh agus cáipéisí scríofa acu - go mbeinn ar strae go hiomlán murach Gearmáinis agus rud beag Fraincise agus Spáinnise agam! 
Mar sin, an rud atá de dhíth ná oiliúint leathan, cumas foghlama fad saoil, agus thar rud ar bith eile, i ngach gairm ach sna gairm teicneolaíochta ach go háirithe, cumas machnamh!

Agus sin mo racht go n-uige seo!

2009-11-30

Heileo? Heileo? An tú atá ann?

Píosa breá faoi stair "Heileo" mar slí an guthán a fhreagairt.

N'fheadar an bhfuil an nós ag imeacht anois nuair a fhógraíonn an guthán - go hairithe an píobaire póca - cé atá ag glaoch ort? Is rud níos pearsanta an guthán póca, de ghnáth.

2009-10-05

Béarla is Béarlagar

Nuair a d'aimsigh an duine an focal céadraí,
Nuair a d'aimsigh gach ní de réir a chinéil:
Ainmhí, rud, is gach ball oirnéise,
D'fhás anall chugainn Béarla.

Nuair a d'aimsigh an duine téarma
Neamhdhuinigh é féin den léim sin,
Tháinig béarlagar ar áit an Bhéarla:
Mairg nár choill an feic sular fréamhaigh.


(Máirtín Ó Direáin, Crainn is Cairde, 1970)


Is é príomhuirlis an innealtóra agus an eolaí a theanga oibre. Go deimhin, is beag gairm daonna nach bhfuil an chaidreamh - an chaint - lárnach ann.

Dúirt Dijkstra tráth:
Seachas mianach mhatamaiticiúil, is é an t-acmhainn is riachtanaí ag ríomhchláraitheoir chumasach ná sár-mháistreacht ar a theanga dhúchais.
Ach is minic muid gafa le noda agus téarmaí (a cheapann muid) go dtuigimid féin iad - ach a chuireann dris cosain idir an ábhar agus iad siúd lasmuigh de dhoirí na gairme. Ní hamháin sin, ach uaireanta ceileann siad tuiscint cheart ar an ábhar. Má tá an teibiú a dhéanann muid - an samhail simplí de cheist casta - ró shimplí, ní leigheasfear an cheist ceart. Agus seans nach dtabharfaidh muid é sin faoi ndeara!

Is cuimhin liom léamh uair amháin faoi ollamh a d'iarr ar mhac léinn dá chuid ábhar a thráchtais a mhíniú dó amhail is nach raibh seilbh ag an ollamh ar noda na matamaitice. Ar deireadh, b'éigean don mac léinn a admháil nach raibh a thuiscint féin cruinn go leor chun é sin a dhéanamh.

Rinne George Orwell grinn anailís ar an ngaol idir teanga agus ciall ina aiste "Politics and the English Language".

Caithfear cúram a dhéanamh de shoiléire san scríobh. I gcás na Gaeilge, tá baol ann go mbáfar muid faoi rabharta meamraiméise - béarlagar Bhéarla tiontaithe go Gaeilge, agus gan tuiscint ag aoinne ar chroí na ceiste!

Is maith ann an Coiste Téarmaíochta, agus Focal.ie. Ach fós is mithid scagadh, smaoineamh agus simpliú!

2008-09-11

Iompú teangain


Tá feachtas fógraíochta ag Budweiser leis na lipéid a bhí acu thar na blianta.

Cé gur earra Mheiriceánach ó thús é, thug mé suntas dó gur i nGearmáinis don chuid is mó ata na lipéid luatha.

Cuireann sin casadh eile i scéal na dreama úd, English First.

Is dóigh liom go raibh na SA níos ilteangach na mar a ghéilleann siad, agus nach rud nua é mionlach suntasach le teanga eile acu.

Ní ólfainn an deoch , dála an scéil - níl ann dar liomsa ach beoir amháin a bhfuil an ainm Budweiser tuillte aige!

2008-08-14

Ainm an Tiarna


( Íomha ó Wikimedia - ainm an Tiarna in aibitír na bhFéiníceach, na hAramaise agus Eabhraise an Lae inniu)

Scéal anseo ó Kath.net gur mian leis an Vatacáin go gcloífí le nós seanbhunaithe Iosrael, agus gan ainm an Tiarna - an Tetragramm naofa JHWH - a úsáid san liotúirge.

Spéisiúil. Agus inmholta dar liom - cabhraíonn urraim le creideamh agus "Eagla an Tiarna", mar a bhíodh sa chaiticeasma fadó.


Ná luaigh ainm Dé le mí-úsáid a bhaint as.

Deot: 5:11

Dúirt Dia le Maois "Is mé an Té atá ann"

Eax: 3:14

2008-06-20

Gide laidean is léigheanta

Alt mhaith anseo faoin dúshlán a bhaineann le Béarla (nó teanga ar bith eile) chruinn, cuanna, cumhachtach a chuir ar scrioptúr, go hairithe don liotúirge.

Táthar ag obair ar leagan nua a bheidh níos dílse don mbun Laidin; saothar thar a bheith tábhachtach, ach deacair.

Tá alt eile anseo ag Kath.net - i measc na moltaí ann ná go mbeadh lámh ag aos dána san obair, seachas é fhágáil faoi diagairí amháin.

Is dúshlán aon aistriú; ach ní mór do saothar creidimh a bheith ní hamháin cruinn de réir na diagachta, ach álainn - inurnaithe.

Is minic na leaganacha nua, i mBéarla ach go háirithe, coillte ag drochnósanna an Bhéarla reatha; an bladar, an ceart pholaitiúl, an ná cuir olc ar aoinne, an tsaghais Béarlagair a mbíonn an Feachtas um Ghlé Bhéarla de shíor ag troid ina choinne.

Sa bhreis ar sin, is Béarlaí atá ann - teanga díláraithe í an Bhéarla.

Go raibh rath ar an saothar....

2008-05-29

Meicsiceo ag iarraidh teanga a shábháil ón mBás

Scéal ó El Pais:

Níl fágtha de lucht labhartha an xwja ach ochtar atá ag druidim ar an ceithre scór.

De réir an Consejo Nacional para la Cultura y las Artes (Comhairle Náisiúnta don Cultúr agus na Dánta):

Is de bharr easpa úsáide, tost agus cuma liom a cailltear teangacha.