2022-11-16
Sciuird chun na Rúise
2022-08-26
Dialann Oilithrigh
MÍNIÚCHÁNBHÍ cead cainte riamh ag an té rinne taisteal.
Éilímse ceart scríofa. B'fhéidir nach ró-éasca a leanfadh léitheoirí mo lorg. Sara dtéid níos sia bheirim comhairle dhóibh. Leabhar cois leapan a mheasaim a dhéanamh de seo. Ní bheidh sé oiriúnach ach don tráth i ndiaidh meán oíche nuair a bhíonn an ghéarchúis ar ceal agus cúrán meala ar na céadfaí. Solas coinnle is fearr don léamh seo. Óir is mór an milleadh na gága agus rian na dtairní a thaispeáint go róléir. Bíodh cuileanna agus leoin ar eiteallaigh timpeall an tsolais agus timpeall an léitheora. Léadh sé go mall réidh giota, na spéaclaí ar rinn a shróine. Léadh sé an giota ina dhiaidh sin fíarthrasna, na spéaclaí á ardú aige ar a éadan. Nuair thiocfaidh sé ar ní ná taitnfidh leis a bheag ná a mhór, déanadh sé gnúsacht bheag, ag rá: A leithéid de ráiméis! nó: Botún, botún! Ansin ag labhairt os ard leis féin abradh sé: Iomad dithnis fé ndear seo, nó: Anró taistil, nó Fíon Francach. Ansin machnaíodh sé ar an gcuma a chuirfeadh sé féin síos é go dtitfidh ina shámhchodladh. Ach má deir an léitheoir Truflais, truflais! nó Corp aineolais! is fearr dó an leabhar a dhúnadh, éirí agus a bhríste chur air mar ná fuil aon néall suain i ndán dó go maidin.
Ná tugadh éinne fén leabhar seo a léamh nuair a bhíonn tart air, le barr fiosrachta geograife, nó ag toraíocht teangeolais.
Ná tabharfadh éinne i láimh pháiste é, ná do chailíní aimsire ná d'éinne den dream sin nach féidir leo bearnaí a dhúnadh, achrainn a réiteach, ná an focal cóir a chur in áit an leath-fhocail. Ar ordshagairt, agus ar mhic léinn meánscoile a ghreamaíonn leabhar le flosc féinsmachta, atá mo sheasamh.
Orthu sin agus ar an dream beag díograiseoirí nár staon fós i ngnó na Cúise. Chun gur mhirede a n-aidhm chaoin theacht i gcrích sírim rath Dé ar mo shaothar.
mór saítho, bec torbai.In rí chon-daigi i foss,manim-bera latt, ní fogbai.Má théir don Róimh ar thóir do RíNí dóigh go bhfaighir a shamhail,Muna dtugair romhat é i gcomhad do chroíImeoir arís go meabhail.Má théir don Róimh ar thóir do RíIs dóigh go mbír ar meabhailMura dtugair romhat é i gcomhad do chroíSa Róimh ní bhfaighir a shamhail.
2022-08-03
Seilg i measc na nAlp
![]() |
| 1913 Saint-Moritz Bobsleigh derby le Albert Ewald |
Seilg san Eilbhéis! Seadh, — “Seilg,” an t-ainm is fearr liom. Agus nach mór a chuireas an focal sin i gcuimhne dhom!
Tar éis léacht Phádhraic Uí Ciardha ar litríocht taistil chuir mé fios ar sciar de na saothair a luaigh sé tríd an gcóras iasachtaí idirleabharlainne. De bhrí go ndearna na leabharlanna atheagar ar a gcórais, agus de bhrí gur minic leabhair as Gaeilge go domhain sa stóras, bhí orm iad a lorg cúpla uair agus moill mór orthu, ach tá roinnt faighte anois agam. Ar ndóigh, dá mbeinn ag smaoineamh i gceart bheadh Seilg i measc na nAlp ar fáil ó Chorpas ARÉ! Ní eagrán 1913 a fuair mé, ach eagrán a rinne Clódóirí Lurgan i 1980. Eagrán sa chló rómhánach, ar ndóigh - agus pictiúr leis ach iad comhaimseartha leis an eagrán sin seachas stairúil. Is fusa anois teacht ar ábhar a bhaineann le ré a scríofa agus turasóireacht Geimhridh san Eilbhéis ina thús - agus tacaíocht aige gan amhras ón líon mór daoine a bhí ag tarraingt ar na sléibhte ar mhaithe le faoiseamh ón eitinn. Mar a bhí Míchéal Breathnach féin.
Ní marú ainmhithe is ábhar don bpaimfléid ainneoin a theideal. Measaim go raibh brí eile ag Breathnach le seilg anseo - turas i gcomhluadar amuigh faoin aer. Tá sin le tuiscint óna thuras ar bhóithre na smaointe go "Cathair na gCeo (Londain!)" agus é ag smaoineamh ar a chairde sa Chonradh i Londain.
Turas aon lae atá i gceist leis an insint, ón sanatóir i Leisín go láthair eile sna hAlp - Les Diablerets - thart ar dhá mhíle déag tríd coillte agus sléibhte, agus radharc acu ar oighearshruth. Fán bealach tagann an grúpa ilnáisiúnta, atá ag taisteal ar traîneau (carr sleamhnáin á tharraing ag capaill) suas na cnoic agus ar luge (carr beag sleamhnáin) síos le fána, ar rásanna bobsleigh. Cuir síos an Bhreatnaigh ar an rás céanna croí an insint; tugann sé blas iontach ar an eachtraíocht. Tugann sé insint ana mhaith freisin ar an dtaobh tíre, ar an bpobal idirnáisiúnta a bhí cruinnithe, agus ar an siamsaíocht eile a tharraing siad acu féin - sleamhnú ar locha reoite, abair.
Tá an stíl áit éigin idir stíl an scéalaí agus an stíl a bheadh ag cainteoir deisbhéalach i measc a chairde. Bíonn an ruthag ann nuair is gá - agus is maith a fheileann a leithéid don cuir síos ar spóirt geimhridh sna laethanta luatha laochúla úd. Súil aige freisin don dúshlán roimh ar bpobal a mhair sna críocha sin, agus a raibh baol maidhmeanna sléibhe mar buanchuid dá saolta.
B'fhiú eagrán níos snasta den paimfléid seo a cuir amach - agus más féidir cuir leis as an méid a scríobh sé - go lear altanna más fíor, b'fhearrde fós é.
Tá oiread saibhreas atá ceilte ar leitheoirí na linne seo - ach n'fheadar conas é chuir ina lámha. Tuigim go mbeidh díolam litríocht taisteal ag eascairt as an dtogra a bhí ar bun ag Pádhraic agus daoine eile in Ollscoil Mhá Nuad.
2022-05-24
Cois Siúire
2022-04-26
Splancanna ó shaol eile

