Murillo - Chica y su dueña
(Cailín agus a feighlí)
Ar an gcéad lá san ollscoil, uair éigin i nDeireadh Fómhair 1986, cruinníodh isteach san fhoirgneamh spóirt muid, a bhí úrnua. Agus muid ag suí ar an urlár rinneadh neart cainte ón ardán. Is beag is cuimhin liom seachas dhá abairt. Fear mór groí ab ea an séiplíneach de chuid Eaglais na hÉireann. Canónach. Chuir sé tús lena chuid cainte le nathán "They say the larger the canon, the larger the bore". Ní dóigh liom gur tháinig an chuid eile dá chaint leis sin. Agus ansin Déan na mBan. A chuir fainic ar na mná "Fainic an ghrá!".
Ar ndóigh formhór againn, idir fireann agus baineann, is as scoileanna aon inscne a tháinig muid. Déanta na fírinne, do mac léinn innealtóireachta, is beag a d'athraigh. As an trí chéad nó mar sin dalta a bhí sa rang céad bliana, bhí deichniúr ban.
Ní raibh mé iomlán gan teagmháil le mná ar chomhaois liom roimhe - bhí idir fir agus mná sa ghrúpa gasóga, agus bhí cúpla cara baineann eile agam. Ach ní raibh aon bhean meallta agam. D'iarr mé cúpla bean amach cgl, ach eiteach béasach a fuair mé. Seachas gur thionlacan bean chuig Debs mé, ach ní dheachaigh an chaidreamh mórán níos faide. Is dócha go raibh mé ciotach agus ar easpa muiníne.
Sin ráite, bhí mná i measc an chomhluadar caife agus lóin a bhí agam sa choláiste. Bhí formhór acu ag siúl amach le fir eile. A bhí sa chomhluadar freisin. (Níor thug siad ard ar an bhfainic, ach níor tháinig tuar faoi thairngreacht teipe de dheasca easpa airde an déin.) Aon bhean a thug faoi céim san innealtóireacht sna 80í bhí sí diongbháilte. Agus ar ndóigh, feiceálach sa léachtlann, cuma ar ghléas sí péacach mar a rinne bean amháin - folt catach fada dubh, cneas bán agus mionsciorta agus i dtólamh cúpla nóiméad mall don léacht, nó andraigíneach mar a rinne a formhór.
Bhí an dá slat tomhais ann le cúrsaí grá, rud a chuir as dom an uair úd féin. Stail groí ab ea an banaí, a bhí le bé eile gach ré seachtain. Fial lena cuid a bhí bean a rinne amhlaidh. Bhí cumann díospóireachta ag na hinnealtóirí, arbh mó de chumann scigmhagadh é. Is cuimhin liom duine ag fonóid faoi bhean amháin sa rang, mar ó dhea is go raibh cumann féin chabhrach de dhíth ar na fir ar fad a thréig sí...
Níl fhios agam an an uair úd nó roinnt blianta ina dhiaidh a chuala mé an sagart paróiste i mBaile Uí Mhatháin, áit dúchais mo mháthair, ag léamh dán faoin iníon drabhlásach in áit seanmóir. Inár cáineadh an easpa trócaire a fuair mná ar mheas an pobal iad a bheith imithe ar strae - óna dteaghlaigh féin, fiú. Smál fimíneachta nach bhfuil iomlán glanta go fóill ainneoin gach athrú eile sa sochaí.
Ar aon nós, táim féin anois pósta le tríocha bliain (roghnaigh mo shonuachar mise).
Ba chruinn teagasc Fhíthil:
“Cá ben dobér?” ar in mac.
“Da fagair na móra finna ocus na báingela duba, tabair íet.”
Cén bhean a thógfad? arsa an mac
Má fhaigheann tú na móra fionn agus na báingheala dubh, tóg iad.
Aguisín a rinne mé dearmad a bhreacadh síos: Bhí duine de cúpla comhionann sa rang liom. Ach cé go raibh siad ana chosúil le chéile le hamharc orthu, bhí siad an-éagsúil ó thaobh pearsantachta. Le leigheas a chuaigh an deartháir eile agus bhí sé cuideachtúil. Go deimhin, banaí a bhí ann. Ach níorbh amhlaidh don innealtóireacht. Dúnárasach a bhí seisean. Bhí roinnt léachtaí ag lucht leighis na céad bhliana in Ardán Phort an Iarla freisin. Is minic bé éigin ag beannú don innealtóir as ainm a dheartháir. Bhain sé pléisiúr míchuibhiúil as freagra borb a thabhairt orthu, agus ligeann don deartháir an fhadhb a réiteach ar ball...