Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-04-13

53 csu

     Le Liesel. Ceadaithe faoi CC-by-SA 3.0

Nuair a bhíomar réidh leis an saotharlann ard cumhachta, thosaigh coimisiúniú ar an gcéad traein den réamhshraith. Bhí stráice promhaidh ag an gcuideachta gar do stáisiún beag traenach ar a mbíodh an traein thuas ag freastal. Ferkeltaxe - tacsaí bainbh - an leasainm a bhí air toisc go raibh sé in úsáid go minic ag feirmeoirí beaga chun ainmhithe a iompar. 

Bhí an tríú ráille cuí ar an stráice promhaidh, agus faid cúpla km. Bhí cnoc ag deireadh amháin. Bhí an both againn ag bhun an chnoic sin. Ach bhí an stráice fúinne agus mar sin bhí ar ar gcumas lá (fada) oibre a chur isteach. Thosaigh muid amach ag obair le haonad amháin den trí aonad a bhí sa traein. Muid lonnaithe i lár an traein agus ag caint ar raidió leis an tiománaí. 

Go hiondúil is faoin traein a bheadh an ríomhaire, toisc go raibh an traein féin ina thollán folamh le suíochán ar gach taobh.
    Lukas Beck CC-by-SA 4.0 

Ach ní fhéadfaí obair leis ansin. Feistíodh binse oibre dá réir, agus réitíodh cáblaí fada chun go mbeadh na nascanna uile ag an ríomhaire. Bhí ar ár gcumas dá réir na tomhais a bhí riachtanach a dhéanamh. 
Mise agus innealtóir ón rannóg díolacháin nach cuimhin liom a ainm. 

 
 I dtús báire bhí rudaí go breá. Rinneamar na céad trialacha gan faic as an gnách a thabhairt faoi ndeara. Ach! Nuair a d'éirigh an traein níos tapaí thosaigh an achrann. Ar chúis éigin chlis ar na hinnill ag 53 csu. Mar a dúirt mé cheana, tá srian ar an difríocht is féidir bheith idir an minicíocht leictreach agus an minicíocht meicniúil. Agus ar chúis éigin bhí sin á shárú. 

Níor thuigeamar cúis na faidhbe, mar bhí minicíocht i bhfad níos airde sroichte againn san saotharlann cumhachta. Cad a bhí éagsúil? 

Is minicíocht a ríomh an algartaim, agus bhí slabhra crua earraí - FPGA sa áireamh - a rinne na horduithe do na tíreastóir a ríomh de réir na minicíochta. Bhí an staid reatha le cuir san áireamh freisin ar ndóigh. Ach bhí gach rud togha san saotharlann? Cad a bhí éagsúil? 

De réir mo chuimhne, bhí mo chomhghleacaí ar cúpla seachtaine saoire. Fúmsa a bhí sé an fhadhb a réiteach. Is cuimhin liom comhrá buartha leis an saoiste. Shíl mé bhféidir, toisc an foinse cumhachta a bheith níos "glóraí", i. An cumhacht ag ardú agus ísliú agus minicíochtaí eile measctha tríd go raibh fabht éigin nach raibh tugtha faoi ndeara againn i gcúinsí saotharlainne san FPGA. B'é sin, tar éis an tsaoil, an comhpháirt is nuaí, agus ní raibh a leithéid in úsáid in aon togra eile. Bhí na codanna eile den gcóras in úsáid cheana. 

Lean na trialacha. Níl mé baileach cinnte ar bhain an eachtra seo leis an bhfadhb seo, nó le fadhb eile. Bhí trealamh chosanta ar an líne cumhachta. Dá mbraithfí go raibh an sruth ag ardú ag ráta ró ard, ghearrfaí an cumhacht - chun an baol sruth a scaoileadh tríd gearrchiorcad a sheachaint. Go hiondúil thiocfadh an chumhacht ar ais tar éis cúpla nóiméad. An lá áirithe seo, áfach, níor dhein. Bhíomar sáinnithe ar bharr an chnoic, km nó mar sin ón oifig sealadach agus an teileafón. 

Cad a bhí le déanamh? Úsáidtear aer comhbhrúite chun na coscáin meicniúla a scaoileadh. Nuair nach bhfuil aer sa chóras, feidhmíonn na coscáin. Bhí comhlaí sna doirse. Mar sin, duine ag gach doras - na comhlaí a scaoileadh, dul le fána, agus ar ordú na comhlaí a dhúnadh arís. Stopamar gar don oifig (nach maith gur sa ghleann a bhí sin seachas ar an ard!). 

Lean an chuardach do chúis na faidhbe ar aghaidh. Lá amháin, níl a fhios agam cad a phrioc mé, ach thóg mé cárta amháin as an ríomhaire stiúrtha liom go dtí an saotharlann, áit a raibh an mionsamhail fós feistithe. Isteach leis an gcárta sa ríomhaire ansin. Agus triail a dhéanamh. 

Agus féach! Theip air ag 53 csu! 

Is amhlaidh go raibh slis ar leith sa chóras a rinne minicíocht a chruthú bunaithe ar voltais ina ionchur. Bhí an minicíocht ríomhfa mar uimhir, voltais déanta as an uimhir sin agus ansin an slis seo ag déanamh minicíocht - sraith bíoga as an voltais. Ach is amhlaidh go raibh gá é sin a chuir in oiriúint i gceart. Agus bhí an slis athraithe ar an gcárta áirithe seo. Bhí teorainn shroichte aige - ag 53 csu! 

Mionathrú ar an friotacht ar an gcárta, slis athchóirithe. An fhadhb sin réitithe! Bíonn inspioráid agus ádh úsáideach!