Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-04-03

Conas mar a bhfuair agus a chaill mé Spáinnis


Ba theach idirnáisiúnta teach s'againne i gcónaí. Bhí idir aíonna agus au pair againn ó áiteanna éagsúla, ach formhór acu ón Spáinn. Ach ag pointe amháin bhí kimono agam mar róba seomra, toisc go raibh Seapánach linn agus mé iontach beag. Deir m'athair liom go raibh mé ar iompar aige agus gur scairt mé "Uisce, uisce" nuair a chonaic mé an fharraige, agus ansin chas go bean na Seapáine agus dúirt "Water, water"! 


 Is dóigh liom gurbh au pair ab ea Rita, ach go raibh aithne ag mo mhuintir ar a muintir freisin. I samhradh 1977, más cruinn mo chuimhne, in aois mo naoi mbliana, thug mé aghaidh ar Mhaidrid na Spáinne. Ba é mo chéad eitilt liom féin é, agus mura bhfuil dul amú orm, mo chéad eitilt in aon chor. Bhí mé an chorraithe. Bhí deartháir liom tar éis cuir ina luí orm go mbeadh bia aduain romham ar an eitleán, Green eggs and ham mar a bhí i leabhar Dr. Suess.

Ba "unaccompanied minor" mé, pacáiste cáipéisí i mála thart ar mo mhuineál, aeróstach ag coinneáil súil orm. Ní raibh aon chleachtadh agam ar crios sábhála nár chuaigh ó gualainn go com mar a dheineann sa ghluaisteán. D'éirigh liom ceann an eitleáin a fheistiú amhlaidh orm (bhí mé beag) ach ní raibh sé compordach. Ar ámharaí an tsaoil tháinig an aeróstach i dtarrtháil orm.

Is beag cuimhne agam ar Mhaidrid. Árasán, scata leanaí, leapacha a tháinig amach as cófra san oíche chun spás a spáráil. An chuimhne is soiléire ná go raibh buidéil beaga Coca cola acu. Rud annamh domsa. Rinne mé craos orthu agus bhí tinneas cinn millteanach orm dá dheasca. Is dóigh liom gur naoi chinn de bhuidéil 250 ml a shlog mé siar.

Chaitheamar an samhradh ar an dtrá in Almuñécar, gar do Granada. Al Andalus na Múrach. Tá dornán cuimhní agam. Go bhfeistigh duine de na mic duán mór ar bhata bambú agus chuaigh ag fiach, snorcal air. Mharaigh sé ochtapas, agus réitigh a mháthair béile as, dúch an éisc mar chuid den anlann.

Bhíodh umair mhóra ola fiuchta ar an gcladach istoíche agus sceallóga tanaí prátaí á réiteach a bhí iontach blasta. Is cuimhin liom ar éigin freisin carn mór éisc bídeacha trédhearcacha a bhí mar dinnéar againn lá.

Tholg mé Spáinnis trí tumoideachas agus fuair mé donnú gréine.

Tá Spáinnis éigin fós agam agus tá ar mo chumas ciall éigin a bhaint as alt nuachtáin nó comhrá éigin a dhéanamh. Ach ar chúis éigin ní dhearna mé aon fhorbairt ar an Spáinnis agus is annamh a bhíonn deis agam í a labhairt. Tá bearnaí móra foclóra agam. 

Is cúis aiféala anois dom nach ndearna mé iarracht níos fearr, agus go deimhin nár chuir mé le linn na dteangacha atá agam, ó tharla buntáiste an dátheangachas agam ón gcliabhán nach mór.