Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-04-01

Gliogar an bhuicéid beatha

Ba dearcadh lucht fógraíochta ná "Muca is ea daoine, agus gliogar an bhuicéid beatha is ea fógraíocht"
— George Orwell, Coinnigh an aspidistra ar foluain


Ar mhaithe le teacht i dtír ar an ioncam bhreise, tá Raidió na Gaeltachta anois ag glacadh le fógraí ó chomhlachtaí poiblí a bhfuil dualgas orthu faoin Acht Teanga sciar áirithe dá mbuiséid margaíochta a chaitheamh ar fhógraíocht i nGaeilge agus sciar de sin arís ar meáin Ghaeilge. Tá cúram ar Oifig an Choimisinéara cigireacht a dhéanamh ar an méid a chaitear, le cinntiú go bhfuil forálacha an Achta á chomhlíonadh.

Tá tuiscint ag fás i measc lucht tráchtála iad féin go bhfuil buntáiste le baint as úsáid na Gaeilge chun áitiúlacht agus dúchas a fhógairt.

Cé go bhfáiltím roimh breis aird agus acmhainní don nGaeilge agus do Raidió na Gaeltachta, is dona liom go bhfuil mo thearmann saor ó fhógraíocht bearnaithe.

Creidim gur botún ó thús a bhí ann ag RTÉ glacadh le fógraíocht.

“Ní féidir do dhuine ar bith dhá mháistir a riaradh; óir beidh fuath aige do dhuine acu agus grá aige don duine eile, nó beidh sé ag déanamh dúthrachta do dhuine acu agus ag déanamh neamhshuime den duine eile. Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t‑airgead."

Ná an phobal agus an t-airgead! 

Craoltóir seirbhíse poiblí ba cheart a bheith in RTÉ, agus go dtí seo bhí Raidió na Gaeltachta ina eiseamláir ag comhlíonadh an mhisin sin. Fréamhaithe sa phobal, ag tabhairt guth don bpobal, cluas éisteachta do imní, lúcháir agus dóchas an phobail. Tá súil agam nach mbeidh tionchar ag fógraíocht ar sin. Ach tá cuid mhór d'fhadhbanna reatha RTÉ ina iomláine fite fuaite le cúrsaí airgid agus tráchtála a bheith ag cuir cúrsaí eagarthóireachta as a riocht. 

Dhá fhógra is mó a chloisim faoi láthair ar Raidió na Gaeltachta (agus rud a chuireann soir ar fad mé, nuair is mian liom éisteacht le clár ar an seinnteoir). 

Bord na Móna ag buaileam sciath faoin dea thionchar atá acu ar an dtimpeallacht (Tá amhras orm!) Agus Bord Sholáthar Leictreachais ag maíomh as clisteacht a méadair cliste agus ag iarraidh mé a mhealladh chun scéim ar leith leictreachais a úsáid. An dá fhógra sa tuin mhilis a chleachtann aos fógraíochta. Ní mór dom a admháil go gcuireann fógraíocht soir mé, na guthanna go háirithe. Agus gurbh é sin an chúis nach n-éistim le RTÉ raidió 1, go drogallach le Lyric agus go mbíonn an cnaipe balbhaithe gar nuair atá mé ag faire ar an teilifís (go hannamh). 

Go dtí seo ba thearmann RnaG. Is dona liom go bhfuil an tearmann sin bearnaithe. Níl na fógraí ag briseadh isteach ar cláracha - fós. Ach má chliseann ar nasc an tseinnteora, rud a tharlaíonn minic go leor agus mé ag siúl cois cósta, caillim amach nuair atáim ag éisteacht beo le clár - Tús Áite, abair.

Agus bíonn orm mo chantal a shrianadh agus mé ag éisteacht siar. 

Tá súil agam go bhfuil mé ró éadóchasach, agus nach mbeidh tionchar ró mhór ag fógraíocht ar eagarthóireacht agus caighdeán. Agus go mbeidh brabach ag RnaG as, seachas go mbeidh leithscéal ag an gceannáras gearradh siar ar an riar a thugann siad féin. 

Ocus sin mo racht go n-uige seo.