Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-04-04

Mar a fuair mé Gearmáinis


Sa bhliain 1981 bhí mé i rang a sé i Scoil Lorcáin. Bhí go maith ag obair scoile, agus éirithe gan dua liom sa scrúdú iontrála do rogha meánscoile mo thuismitheoirí. Mheas mo thuismitheoirí agus múinteoirí nach déanfadh sé dochar ar bith dom roinnt scoile a chailleadh.

Tar éis na Nollag, mar sin, thug mé aghaidh ar an Ostair le fanacht le teaghlach a raibh aithne ag m'athair orthu. 

Mo chuimhne ná gur go München a d'eitil mé, mar ar fhan mé le lánúin ar feadh cúpla lá. Bhí Hanni tar éis a bheith ag cónaí inár dteach mar aoi ar feadh tréimhse, agus is in Éirinn a casadh a céile Dieter uirthi. Mo chuimhne ná gur thug mé cuairt ar Dachau, iarsmalann an champa ghéibheann gar do München. Agus gur chuaigh mé ag marcaíocht ar chapaillín agus ghnóthaigh tóin tinn. Seans áfach gur ar an bealach ar ais go hÉirinn a bhí an seal sin, seachas ar an mbealach amach. 

Ní cuimhin liom anois conas a thaisteal mé ar aghaidh. Creidim gur tháinig an teaghlach sa charr le mé a bhailiú. Beirt mhac agus iníon atá ag Gerhard agus Gundi. Gerhart a bhí bliain nó dhó níos óige ná mé. Iníon, Margit, bliain nó mar sin níos óige arís agus Michi a bhí b'fhéidir a dó nó a trí ag an am. Ag an t-aois sin is mór an bhearna cúpla bliain. Níl aon chuimhne agam ar mórán spraoi a dhéanamh leo. Is cuimhin liom go raibh teilifís acu thuas a staighre a raibh rochtain srianta air ach go raibh cead agam féachaint ar méid áirithe. Ba nuaíocht ansin domsa, toisc nach raibh teilifís ag baile. Tá cuimhne agam ar ghreannán Nick Knatterton agus Die Sendung mit der Maus. Tá an Luch agus a comrádaíthe Eilifint agus Lacha fós ina ancairí ar chlár a chuireann eolas ar fáil do leanaí. Bhain mo chlann féin taitneamh agus tairbhe as ó shin. 
Ba bleachtaire uasailaicmeach é Nick Knatterton agus eachtraí áiféiseacha aige gach seachtain. 
Tá cuimhne agam go raibh Gundi ag obair, b'fhéidir go deonach, i leabharlann an bhaile agus gur chaith mé sealanna léi ansin. 

Ag tús an tréimhse chaith mé tréimhse ag scíáil leis an dteaghlach, ag glacadh páirte i mbunranganna. Cé gur dóigh liom gur bhain mé taitneamh as, ní raibh mé ag scíáil ó shin. (Ní maith liom imeachtaí ina bhfuil gá le barraíocht trealamh dóibh!) 

An chuid is mó den am áfach, bhí mé ag freastal ar scoil. Ag streachailt i dtosach ceal Gearmáinise - seachas sa rang Béarla agus sa rang Mata. Ach aisteach go leor, chlis orm sa scrúdú Béarla um Cháisc - ceal téarmaíocht gramadaí! D'éirigh go maith liom sa Ghearmáinis áfach. 

Rinne mé cara amháin ar scoil de réir mo chuimhne, Armin. Ach níor fhan mé i dteagmháil leis. 

Tá cuimhne agam freisin ar halla spóirt nua a bheith á oscailt sa scoil. Sílim gur tháinig Uachtarán na hOstaire chun an oscailt oifigiúil a dhéanamh. 

Diaidh ar ndiaidh d'fhoghlaim mé Gearmáinis agus faoi dheireadh an tréimhse bhí mé líofa go maith.