Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-04-15

Anamchairdeas


 
 Anois, a mhic, faigh duine éigin iontaofa le dul in éineacht leat

Is mise Rafael, ceann den seachtar aingeal atá ina lucht freastail ar Dhia na glóire agus a théann isteach ina láthair.

Ní haon naomh mé. Tá gaois san nath go mbíonn an chreideamh á chleachtadh ag duine. Caidreamh le Dia, le hÍosa go háirithe, atá sa chreideamh Chaitliceach. Rud a éilíonn gnása agus cleachtais. Aithne a chur agus a fhorbairt. Comhrá. Éisteacht. Urnaí. Ar ndóigh níl sé chomh simplí le caidreamh aghaidh ar aghaidh le duine. Dá mbeadh Dia follasach dúinn ní bheadh aon amhras. Ach ní bheadh áit ach oiread do saorthoil. Agus gan saorthoil ní bheadh grá i gceist. Agus is grá atá á éileamh ag Dia. 

Teipeann ar an duine is fearr. 

Óir titeann an fíréan faoi seacht, ach éiríonn arís; 

Éirí arís an eochair. Is chuige sin sacraimint na faoistine. Deirtear gur manaigh Éireannacha a d'fhorbair an dóigh atá ann anois - faoistin príobháideach le sagart. Anaithnid más mian leis an aithríoch sin. Dualgas trom ar an sagart gach a chloiseann sé a choinneáil faoi rún. (Cúis teannas riamh anall leis na húdaráis saolta. Agus, faraor, deis mioscaise don sagart bradach). 

Ó ghlac mé an chéad comaoineach blianta fada ó shin, agus mé i mo dhalta i Scoil Bhríde, táim ag dul ar fhaoistin go measartha rialta. Bhíodh sagart Proinsiasach ag teacht go Scoil Lorcáin, ag éisteacht faoistin in oifig an phríomhoide. 

Sa mheánscoil bhí séiplíneach ann. Agus gné breise dóibh siúd ar mhian leo é. Treoir spioradálta. Anamchairdeas, i mbun chiall an fhocail. (Cuireann an tuiscint maoithneach Béarla, gur caidreamh rómánsach atá i gceist le hanamchara, soir ar fad mé.) Cleachtas a ghabhann i bhfad siar. Go gcuirfeadh duine a chaidreamh le Dia, a chleachtais spioradálta faoi stiúir duine iontaofa. Toisc nach breitheamh éinne ina chás féin. Is maith an scáthán súil carad. 

Ó shin i leith, thuas seal, thíos seal táim ag dul chun faoistine agus chun treoir a fháil go rialta. Go dtí an sagart céanna ar feadh tréimhsí fada. Ní hé go bhfuil foirfeacht ná fiú fiúntas bainte amach agam. Táim fós ag streachailt le mo dhuáilcí agus laigí. Is deacair miangas, falsacht agus mífhoighne a cheansú. Agus an ceannpheaca mharfach - uabhar. 

Murach an chleachtas seo, go háirithe os rud é go raibh an deis agam i mo fhichidí fiáine sa Ghearmáin i bhfad ó bhaile, is dócha go mbeadh mé sleamhnaithe diaidh ar ndiaidh as chleachtadh an chreidimh. 

 Is cuid den dteagasc Chaitliceach go bhfuil aingeal coimhdeachta againn ar fad. Ní léiríonn na haingil iad féin dúinn de ghnáth, fiú faoi bhréagriocht mar a rinne Rafael le Tobias. Ach is féidir le treoraí maith spioradálta, ach muinín a chur ann agus bheith oscailte ionraic leis, an ról sin a imirt. Cé gur deacair a bheith ionraic mar is minic nach mbíonn muid ionraic linn féin, ní áirím duine eile. 

Diaidh ar ndiaidh a tógtar caidreamh, fearacht caisleán. Agus is taca anamchara maith.