Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-04-12

Poblacht Shaor an Chnoic Dhuibh

           Angela M. Arnold, CC BY SA 3.0

Ag deireadh an dara ár Eorpach ghabh na comhghuaillithe an Ghearmáin agus roinn ina ceithre zón. Bhí a gceannairí tar éis an roinnt a aontú i Yalta. 

Ach níorbh ionann go baileach an roinnt agus an áit a bhí na hairm éagsúla nuair a ghéill an Ghearmáin. Bhí ceantar áirithe in oirdheisceart na Gearmáine a bhí idir ceantar a bhí gafa ag na Rúisigh agus na Meiriceánaigh. Dhá mhíle ciliméadair cearnach. Ceantar sléibhe gan mórán talmhaíochta (agus easpa bia dá réir). Ceantar a raibh go leor sclábhaithe seolta ag na Naitsithe chuige chun an tionsclaíocht a choinneáil ag dul. Ceantar a bhí plódaithe ag teifigh a bhí na Rúisigh go háirithe ag tiomáint rompu. 

Mar a tharla sa Ghearmáin uilig nuair a thit an seanreacht as a chéile, tháinig daoine a bhí sa bhfreasúra le chéile in Aktionsauschuss - coiste gnímh - chun an riarachán a choinneáil ag dul, agus chun na Naitsithe a ghabhadh agus a bhriseadh as oifig. Scoir rialtas míleata na gcomhghuaillithe formhór na gcoistí ar an bpointe. 

Ach sa cheantar gan gabhadh thart ar Schwarzenberg ní raibh malairt rialtas ann ar feadh thart ar sé seachtainí. Ag an am is mar Niemandsland - ceantar gan sealbhóir - a rinne daoine ann cuir síos air. Ach thar na blianta d'fhás miotais go leor thart air. Agus thosaigh daoine ag tabhairt Freie Republik Schwarzenberg - Poblacht Shaor an Chnoic Dhuibh - ar an interregnum. Tá an scéal tarraingteach dóibh siúd a chreid san Útóip daonlathach idir cumannachas an Aontais Shóivéadaigh agus caipitleachas Mheiriceá. 

Scríobhadh aiste sna 1960í ag staraí cumannach ón DDR. Agus sna 1980í lean úrscéal le Stefan Heym. Údar a raibh caidreamh achrannach aige leis an DDR. Ba Ghiúdach agus Cumannach é a theith sna 1930í, i dtosach go Prág agus ar ball go SAM. Bhain sé saoránacht Mheiriceá amach agus is mar saighdiúir in Arm Mheiriceá, freagrach as bolscaireacht, a d'fhill sé ar an nGearmáin. Idir eatarthu bhí ficsean rathúil á fhoilsiú aige - as Béarla. Bhí sé gníomhach mar iriseoir ar feadh seal ag fónamh don arm, go dtí gur seoladh ar ais go dtí na Stáit é. Nuair a thosaigh géarleanúint McCarthy ar chumannaigh theith sé soir arís agus chuir faoi sa DDR. Thuas Seal, thíos seal a bhí á chaidreamh leis na húdaráis. Iad amhrasach faoin ndearcadh easurramach neamhspleách aige. Nuair a thosaigh sé ag scríobh as Gearmáinis b'amhlaidh an scéal. 

Níl mé baileach cinnte cén fáth gur chinn mé an úrscéal a tabhairt liom ó leabharlann Institiúid Ghoethe. Ach thaithin sé liom. Bunaithe go scaoilte ar na fíricí stairiúla - gur ghlac oibrithe cumannacha agus daonlathaigh shóisialta ceannas. Gur gabhadh Naitsithe. Gur seoladh bránna abhaile. Go raibh idirphlé le Meiriceánaigh agus Rúisigh. Go raibh saighdiúirí ón arm scortha ina bhagairt. 

Tá dhá leibhéal san insint - duine de na hoibrithe ar an gcoiste faoi agallamh mar dhea, agus reacaire ilfheasach. Tugann sin deis dó an scéal a dhaonnú. É bheith pearsanta. Bail leis na hoibrithe tá beirt intleachtóir, codarsnacht mhór eatarthu. Duine acu, Giúdach a bhí sa phríosún ag feitheamh ar phionós an bháis. A cuireadh ar chairde arís is arís. Go dtí gur éalaigh sé le linn buamáil Dresden. Agus tháinig ar íospartach eile na buamála, ógbhean a bhí fágtha balbh ag an uafás ach a ghreamaíonn dó amhail bairneach. Bhí staidéar déanta aige ar Útóipeanna. Feicim deis anois beart a dhéanamh dá réir. Stáit idir na mórchumhachtaí. Níl sin i ndán. Realpolitik
An fear eile, fuadar mistéireach faoi. Innealtóir mianadóireachta. Nasc láidir leis na Rúisigh aige. Ann ar deoraíocht. Fillte le misean, ach cad é? Tá úráiniam faoin dtalamh... 

Tá dóchas saonta ag na hoibrithe as na "cairde" san Aontas Sóivéadach. Iad dall ar an Stailíneachas. Osclaítear a súile diaidh ar ndiaidh... 

Úrscéal thar a bheith spéisiúil faoi thréimhse iontach corrach. A bhfuil lorg a iarmhairtí fós láidir sa cheantar. 

Breis faoin gcúlra stairiúil as Gearmáinis anseo