Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-04-18

Céad luch seacláide agus fiche gorm...


Agus mé níos sine agus ag iarraidh dul ar thurais leis na gasóga, bhí breis airgid de dhíth orm. Agus ón uair a shroich mé ocht mbliana déag, airgead óil. Roimhe sin bhí mé dílis don mionn lán staonadh a ghlac mé ag mo cóineartú.

Trí ní a bhaineann le hól 
É dh'ól
É iompar 
Íoc as. 

Thóg sé scaithimh mhaith orm foghlaim conas é a iompar, go háirithe toisc nach raibh an ghaois agam éirí as sula raibh mé ólta ar fad. Ach sin scéal eile. 

Ar aon nós, ní raibh mé ag ól nuair a chuaigh mé ag obair i siopa a bhí oscailte déanach don gcéad uair. Measaim go raibh mé sé déag.

Is cuimhin liom an chéad oíche. Tar éis uair an chloig nó mar sin bhailigh an úinéir leis ag rá go mbeadh sé ar ais ar ball. Bhí. Um a trí ar maidin... 

Ní cuimhin liom cé chomh fada is a d'fhan mé ag obair san siopa úd. Is cuimhin liom eachtra amháin áfach. Bhí bean níos sine ná mé i bhfeighil. Is dócha nach raibh ach cúpla bliain eadrainn ach is mór é sin agus tú sé déag. Tháinig dís isteach. Iad tar éis a bheith ag ól agus iad ar bogmheisce meidhreach. Shíl siad é bheith greannmhar céad luch seacláide a iarraidh. Is dóigh liom go raibh leathphingin an ceann orthu. Theastaigh uaim deich gcinn a chuntas agus a mheá agus an meá a úsáid leis an céad a áireamh. D'éiligh an bhean orm iad a chuntas... Agus ansin d'iarr an dá leibide céad eile, bán an uair seo... Bhí cantal orm.

Níor chaith mé riamh tobac. Ach bhí na toitíní laistiar den chuntar, agus bhí orm iad a thabhairt do na custaiméirí. Bhí cuid acu a scairteadh "fiche gorm" — ach bhí ar a laghad ceithre branda a d'fhéadfadh bheith i gceist!
Bheadh confach orthu dá shínfinn an ceann mícheart chucu. 

Bhí daoine eile a chuaigh mé i dtaithí orthu agus go raibh fhios agam cé na toitíní a bhí de dhíth orthu agus cé mhéad, gan iad faic a rá.

Tar éis an chéad siopa úd, d' oibrigh mé i ndá siopa arbh le beirt deartháir as Dún na nGall iad. Bhí bainisteoir catach Bleá Cliathach acu. D'oibrigh mé oíche Aoine agus Sathairn de réir mo chuimhne, ar feadh roinnt blianta. Go dtí bliain na céime fiú, b'fhéidir. Liom féin sa siopa go minic, beirt againn ann uaireanta eile. Na húinéirí agus an bainisteoir isteach is amach.

Nuair a bhí méid áirithe nótaí sa scipéad, burla a chur síos sa taisceadán faoi thalamh. Cuntas a choimeád agus an scipéad a áireamh ag deireadh na hoíche. 

Raidió ar siúl sa chúlra nár thug mé faoi deara seachas má theip air - bhí an ciúnas diamhair i lár na hoíche. 

Ceantar mheasúil. Ní cuimhin liom aon trioblóid, seachas uair amháin nuair a tháinig troid ón sráid isteach agus gur theith duine laistiar den gcuntar.... 

Ach ní dhéanfainn arís é! Bhí mé diongbháilte an uair úd nach raibh mé chun obair i dtábhairne ná i mbialann, mar a rinne deirfiúracha liom. Thuil siad níos mó, is dócha - ach ba leor domsa an teagmháil gairid sa siopa le leibidí meisciúla! Tá meas agam ó shin orthu siúd a bhíonn ag freastal ar an bpobal.