Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-04-14

Fahrmeister Stosch

Tar éis scaithimh ar an líne profa in aice an chuideachta, tháinig muid ar an dtuiscint nárbh leor an foinse cumhachta chun gach aonad a thiomáint, agus go háirithe ní fhéadfaí na coscáin athghiniúnacha a phromhaidh toisc nach raibh aon ualach eile ar an gcóras cumhachta chun an farasbarr fuinnimh a ghlacadh.

Toisc gur sraith iomlán nua traenacha a bhí i gceist, agus athruithe ar an bealach a mbeadh an tiománaí ag stiúradh an traein, ina measc scáileán agus ríomhaire stiúrtha ar leibhéal an traein, bhí an BVG ag iarraidh go mbeadh tiománaí sinsearach dá gcuid bainteach leis an gcoimisiniú.

Ní cuimhin liom an raibh Fahrmeister Stosch linn ón tús, ach cinnte bhí sé linn ón am gur thosaíomar ag obair ar línte an BVG. Dúirt Google liom, agus mé ag déanamh athnuachan ar mo chuimhne, go raibh sé sna tríochaidí an uair úd. Is cuimhin liomsa fear péacach, croiméal agus gruaig deabhearrtha. Seaicéad éide ar ghorm na spéire. Ach gnaíúil. Ní fada go raibh muid ag tabhairt Jens air, seachas Fahrmeister Stosch.

Pé scéal é, bhogamar go Friedrichsfelde. Beirlín Thoir. An U5. Ní raibh cuma chomh snasta ar an Betriebswerkstatt seo. Bhí easpa an DDR tar éis a lorg a fhágáil air. Ach bhí cúiseanna polaitiúla ann gur ann i dtosach a seoladh an traein nua. Rinneamar roinnt oibre ann ach ní fada go raibh an fhadhb chéanna le sonrú - ní raibh an líonra cumhachta sách maith.

Beartaíodh an traein a bhogadh go Britz-Süd. Ach ar línte an U-Bahn, istoíche chun gan cuir as don gnáth trácht. Bhí fadhb áirithe le trealamh an traein. Bhí lasc cosanta ann a mhúch an chumhacht dá mbeadh an sruth ró ard, nó an athrú ar an sruth ró thobann. Ach bhí an lasc sin ró íogair agus d'osclaíodh sé i gnáth úsáid. Bhí gá súil a choinneáil air. Mar sin, bhí ormsa taisteal leis an traein thar oíche. Le dearbhú don tiománaí go raibh sé ceart go leor an lasc a dhúnadh arís. Bhí mise i lár na traenach, ag caint thar raidió leis an tiománaí agus muid ag bogadh tríd na tolláin.

Bhí daoine eile ón BVG ar bord, agus duine acu ag scannánú. Bhain sé an méid a bhí á rá agam den fhuaimrian. Seachas abairt amháin. Le teann grinn dúirt mé "Sie verlassen jetzt den demokratischen Sektor" (Tá an rannán daonlathach á fhágáil agat) agus muid ag trasnú ó Bheirlín Thoir siar. Fógra a bhíodh le léamh sna caogaidí roimh tógáil an bhalla.


Ba mhór an chuidiú a thug Jens dúinn lena chomhairle agus muid ag mionchoigeartú rialú na n-innill. Thuig sé go paiteanta an dóigh a mbeadh an traein in úsáid. Dóigh a bhí bunoscionn cuid mhaith leis an áireamh a bhí déanta ag na pleanálaithe. Shamhlaigh siadsan luasghéarú seasta go 80 km/h, tréimhse gairid rollála agus ansin coscánú ar neart iomlán go stopadh. Níor chuir siad san áireamh go mbeadh an luasghéarú agus an moilliú le tógáil go séimh. Sa mhullach ar sin, bhí an córas ceaptha meáchain na bpaisinéirí a chur san áireamh agus coscánú a dhéanamh. Go teoiriciúil, bhí an fhaid i méadar a thóg sé coscánú ó 80 km/h go lánstad ceaptha a bheith mar an gcéanna, beag beann ar líon na bpaisinéir. Ach ó tharla gurbh tollán folamh an traein, agus áireamh teoiriciúil ann go mbeadh - sa chás is measa - ceathrar le meáchan 75kg an duine ag seasamh ar gach méadar cearnach a bhí ar fáil, bhí difríocht 30% idir meáchan folamh agus lán an traein. Bhí roinnt botúin agus athraithe déanta ag lucht pleanála agus an ríomh á dhéanamh ar an fhaid céanna. Rud a d'fhág nach raibh an leictreonaic cumhachta leagtha amach i gceart ó thaobh fáil réidh leis an dteas. Is amhlaidh go ndearnadh dearmad i dtosach ar mheáchan an insliú leictreach ar cháblaí agus araile. B'shin 10% den meáchan iomlán. Agus ansin athraíodh leagan amach na suíocháin, sa dóigh is go raibh i bhfad níos mó spás chun seasamh agus féidearthacht dá réir do i bhfad níos mó paisinéirí. Agus is leis an meáchan teoiriciúil iomlán a bhí an faid coscáinithe le baint amach. Sa mhullach ar sin, bhí sé de nós ag na tiománaithe - go deimhin ba riachtanas é sna tolláin de bharr cuartha agus eile, luasghéarú céim ar chéim agus moilliú mar an gcéanna. Rud a d'fhág an trealamh faoi sruth níos lú, ach ar feadh níos faide - agus éifeacht aige sin ar theas an trealaimh. Bhí an dearthóir buartha, agus bhí caint ar rialú ar leith bunaithe ar theocht an trealaimh. Lochtanna i ndearadh na crua earraí le réiteach tríd an bogearra a dhéanamh níos casta.... 

Leanamar orainn leis an obair, ag mionchoigeartú. Bhí dúshlán ar leith ag baint le coscánú athghiniúnach ag leibhéal íseal nuair a bhí an luas ard, ach nuair nach raibh an líonra in ann glacadh leis an bhfuinneamh toisc go raibh voltais an líonra ag an dtairseach uasta cheana. Bhí ar an gcóras fáil réidh leis an cumhacht i bhfriotóir - é a iompú ina theas. Tá sonraí na gcothromóidí dearmadta le fada agam, ach go bunúsach an fhadhb a bhí ann ná an voltais ar dhá thaobh an ionduchtóra a bhí sa ciorcad a choinneáil ar aon dul. Mura mbeadh sin amhlaidh mhéadódh an sruth agus d'fhéadfadh rudaí dul as smacht. Ach má bhí an sruth íseal, bheadh an voltais trasna an friotóir íseal. Bhraith voltais an innill ar an luas agus an flosc maighnéadach, a raibh gaol níos casta aige leis an sruth. Bhí orainn rialú cúramach a dhéanamh, agus go bunúsach bhí leibhéil áirithe íseal coscánú a bhí dodhéanta. 

San gnáth oibriú, níorbh fadhb a bhí ansin. Ach bhí córas luasrialaithe ann freisin - agus éilíonn a leithéid coscánú agus luasghéarú seasta ar leibhéal íseal. 

Chaitheamar neart dua le réiteach sásúil a aimsiú, cé nach raibh sé iomlán foirfe. Gan amhras tá a leithéid de mhodh na trialach agus na hearráide fadálach. Chaitheamar laethanta fada air. Ba mhór an chabhair foighne agus gealgháire Jens! 

Bhí réiteach eile déanta againn a bhí sé, agus na teicneoirí eile iontach sásta leis. Nuair a bhí an traein ag teacht chun stad bhíomar in ann an moilliú a laghdú go séimh san dóigh is nach raibh sracadh ar bith ann. Séimh. 

Ar an ndrochuair, ní raibh muid in ann cloí leis sin. Is amhlaidh go raibh córas taca coscáin ann a d'oibrigh le haer comhbhrúite. Bhrúigh an t-aer gabhlóg ar diosca miotail timpeall ar an acastóir. Ach chun go mbeadh an córas éifeachtach, bhí gá snas a choimeád ar an ndiosca. Ba den riachtanas é mar sin an coscán aeir a úsáid go rialta. An socrú a bhí ann ná go stopadh an coscán leictreach ag luas íseal, agus gurb é an córas aeir a thabharfadh an traein go lánstad. Le sracadh! 

Go minic, ní féidir an réiteach is fearr a chur i bhfeidhm!