Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label sochaí werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label sochaí werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-04-21

Fainic an ghrá!

           Murillo - Chica y su dueña 
              (Cailín agus a feighlí)

Ar an gcéad lá san ollscoil, uair éigin i nDeireadh Fómhair 1986, cruinníodh isteach san fhoirgneamh spóirt muid, a bhí úrnua. Agus muid ag suí ar an urlár rinneadh neart cainte ón ardán. Is beag is cuimhin liom seachas dhá abairt. Fear mór groí ab ea an séiplíneach de chuid Eaglais na hÉireann. Canónach. Chuir sé tús lena chuid cainte le nathán "They say the larger the canon, the larger the bore". Ní dóigh liom gur tháinig an chuid eile dá chaint leis sin. Agus ansin Déan na mBan. A chuir fainic ar na mná "Fainic an ghrá!".

Ar ndóigh formhór againn, idir fireann agus baineann, is as scoileanna aon inscne a tháinig muid. Déanta na fírinne, do mac léinn innealtóireachta, is beag a d'athraigh. As an trí chéad nó mar sin dalta a bhí sa rang céad bliana, bhí deichniúr ban.

Ní raibh mé iomlán gan teagmháil le mná ar chomhaois liom roimhe - bhí idir fir agus mná sa ghrúpa gasóga, agus bhí cúpla cara baineann eile agam. Ach ní raibh aon bhean meallta agam. D'iarr mé cúpla bean amach cgl, ach eiteach béasach a fuair mé. Seachas gur thionlacan bean chuig Debs mé, ach ní dheachaigh an chaidreamh mórán níos faide. Is dócha go raibh mé ciotach agus ar easpa muiníne.

Sin ráite, bhí mná i measc an chomhluadar caife agus lóin a bhí agam sa choláiste. Bhí formhór acu ag siúl amach le fir eile. A bhí sa chomhluadar freisin. (Níor thug siad ard ar an bhfainic, ach níor tháinig tuar faoi thairngreacht teipe de dheasca easpa airde an déin.)  Aon bhean a thug faoi céim san innealtóireacht sna 80í bhí sí diongbháilte. Agus ar ndóigh, feiceálach sa léachtlann, cuma ar ghléas sí péacach mar a rinne bean amháin - folt catach fada dubh, cneas bán agus mionsciorta agus i dtólamh cúpla nóiméad mall don léacht, nó andraigíneach mar a rinne a formhór. 

Bhí an dá slat tomhais ann le cúrsaí grá, rud a chuir as dom an uair úd féin. Stail groí ab ea an banaí, a bhí le bé eile gach ré seachtain. Fial lena cuid a bhí bean a rinne amhlaidh. Bhí cumann díospóireachta ag na hinnealtóirí, arbh mó de chumann scigmhagadh é. Is cuimhin liom duine ag fonóid faoi bhean amháin sa rang, mar ó dhea is go raibh cumann féin chabhrach de dhíth ar na fir ar fad a thréig sí... 

Níl fhios agam an an uair úd nó roinnt blianta ina dhiaidh a chuala mé an sagart paróiste i mBaile Uí Mhatháin, áit dúchais mo mháthair, ag léamh dán faoin iníon drabhlásach in áit seanmóir. Inár cáineadh an easpa trócaire a fuair mná ar mheas an pobal iad a bheith imithe ar strae - óna dteaghlaigh féin, fiú. Smál fimíneachta nach bhfuil iomlán glanta go fóill ainneoin gach athrú eile sa sochaí. 

Ar aon nós, táim féin anois pósta le tríocha bliain (roghnaigh mo shonuachar mise). 

Ba chruinn teagasc Fhíthil:

“Cá ben dobér?” ar in mac.
“Da fagair na móra finna ocus na báingela duba, tabair íet.” 

Cén bhean a thógfad? arsa an mac 
Má fhaigheann tú na móra fionn agus na báingheala dubh, tóg iad. 

Aguisín a rinne mé dearmad a bhreacadh síos: Bhí duine de cúpla comhionann sa rang liom. Ach cé go raibh siad ana chosúil le chéile le hamharc orthu, bhí siad an-éagsúil ó thaobh pearsantachta. Le leigheas a chuaigh an deartháir eile agus bhí sé cuideachtúil. Go deimhin, banaí a bhí ann. Ach níorbh amhlaidh don innealtóireacht. Dúnárasach a bhí seisean. Bhí roinnt léachtaí ag lucht leighis na céad bhliana in Ardán Phort an Iarla freisin. Is minic bé éigin ag beannú don innealtóir as ainm a dheartháir. Bhain sé pléisiúr míchuibhiúil as freagra borb a thabhairt orthu, agus ligeann don deartháir an fhadhb a réiteach ar ball... 

2020-12-05

Comhionannas agus torthúlacht

Roinnt blianta ó shin luaigh Réaltán na 5 C atá ina gconstaic do comhionannas na mBan.

Cultúr a fréamh uile. Roimh an phaindéim bhí gach rud faoi réir ag an ngeilleagar - an gineadh brabach agus gach rud eile in áit na leathphingine. Cúrsaí cúraim - ceann eile de C-anna Réaltáin - ach go háirithe.

Shílfeá go bhfuil foghlamtha againn ón paindéim gur obair riachtanach atá i gcúram do gach aois. Ar an ndrochuair, níl an cuma ar an scéal go bhfuiltear ag géilleadh don gceacht. 

B'fhéidir anois agus Helen Mac Entee, an tAire Dlí agus Cirt, ag súil le leanbh go mbeidh guth ag bord an rialtais ag an cheist!

Mar is é bun agus barr an scéil ná go bhfágann an tréimhse srianta ama ar thorthúlacht na mban constaic roimh a gcomhionannas sa chóras reatha. Sna blianta is tairbhí ó thaobh gineadh clainne dóibh bíonn brú dréimire na gairme a dhreapadh go grod. Comhlachtaí móra ag ofráil a gcuid uibheacha a reo dóibh - chun go gcuirfeadh siad mian clainne ar an méar fhada chun "infheistíocht" an chomhlachta iontu a chosaint.

Gan amhras, níl gach bean ag iarraidh clann a bheith uirthi. Faoi láthair áfach tá brú ar mhná ar mian leo comhchéim a bhaint amach bheith níos fireannaí ná na fir - i dtuiscint chúng ar fireannachas a thugann tús áite do fónamh do bhrabach an chuideachta ("an gheilleagar") thar gach rud eile.

Feictear dom, i bhfianaise na héigeandálaí aeráide is eile a bhfuilimid i ngleic leo go bhfuil atheagar ó bhun de dhíth ar an gcultúr. Athrú a aithníonn tábhacht na torthúlachta agus a thugann deis do thuismitheoirí idir máthair agus athair cúram a thabhairt dá gclainne, agus ar ball dá dtuismitheoirí. Nach fágtar áfach faoin duine aonair é ach go n-aithnítear gur cúram an phobail ar fad aire dóibh siúd idir óg agus aosta a bhfuil tacaíocht bhreise de dhíth orthu. Nach giolla éinne dá ghaolta ach go bhfuil comhar clainne agus comharsana níos folláine do chách. Go bhfuil gá cúrsaí oibre a chur in oiriúint do chúrsaí uile an tsaoil - agus go háirithe gearradh siar ar taisteal fhada chun na hoibre. 

Shílfeá go raibh an paindéim tar éis deis a thabhairt machnamh a dhéanamh ar cheisteanna mar seo - deis meabhrú ar bun ioncaim do chách seachas brabach don mbeagán. A léiriú gur cúram don lag cnámh droma sochaí sibhialta. 

Ar an ndrochuair, is eagal liom go mbeidh an ceacht dearmadta a luaithe is a bhíonn an ráig seo curtha dínn le cabhair vacsaín, agus go fhillfidh an chultúr ar an gclais atá gearrtha amach ag an nua liobrálachas - brabach don mbeagán, ualach don mórán. 

2008-06-27

Cairdeas caide

Nuair a chuala mé go raibh an Ghearmáin agus an Tuirc le n-imirt in aghaidh a chéile, bhí imní orm go mbeadh trioblóid ina dhiaidh. Tá cáil an achrainn ar lucht leanta na peile san dá tír. Agus sé Beirlín na Gearmáine an chathair leis an líon is mó Turcach - i ndiaidh Istanbul agus Ankara.

Cúis faoiseamh agus áthais mar sin an scéal seo ón Tagespiegel.

Ní hamháin nach raibh trioblóid ann - bhain an dá dream sult as, agus bhí lúcháir ar Turcaigh Ghearmánacha.

Táthar anois ag dúil tógáil ar seo, chun na fadhbanna atá ann a réiteach.

2008-06-24

Fearaibh Fáil níos fearr ná a gcáil

innealtóirí sóisialta an Údaráis Comhionannais1 ag tabhairt amach arís d'fhir gheal na hÉireann, de bharr go bhfuil taighde acu a chruthaíonn go n-oibríonn mná na hÉireann tríocha naoi nóiméad níos mó na muid in aghaidh an lae.

Rinne Kate Holmquist3 scagadh ar a dtuairisc. Agus tagann sí ar tuairim atá beagán éagsúil ina colún san Irish Times inniu. Rinne sí amach go bhfuil mionlach d'fhir na hÉireann nach ndéanann faic sa mbaile, agus go bhfuil an mionlach seo rud beag níos mó ná an meán san Eoraip. Sna ranganna eile, tá fir na hÉireann ar chomhchéim le fir na hEorpa i gcoitinne. Deir sí, agus an cheart aici, go bhfuil rud beag níos mó mná in Éireann ag obair sa mbaile amháin - rud nach bhfeileann d'oidhrí Procrustes san Údarás Ionannú2. Ach deir Kate groí, agus an ceart go hiomlán aici, gur rogha bhailí atá ann.

Agus ní hionann daoine a bheith Comhionann faoin Dlí - rud atá ina dhlúth agus inneach do phoblacht - agus an saghas polaitíocht ionannú a bhíonn ar bun ag an Údarás thuasluaite agus roinnt dá leathbhádóirí sna heagraíochtaí stocaireachta.

Féach saíocht na Gaeilge - is féidir idirdhealú a dhéanamh - ach ní leithcheal, ná go deimhin fabhar, gach idirdhealú!



1Ní bhaineann ionannas le Gaeilgeoirí, is léir - níl faic níos déanaí na 2005 ar fáil as Gaeilge ar an suíomh úd.
2Muna bhfuil sé tugtha faoi ndeara agaibh, ní maith liom iad!
3Is maith liom colún Kate pé scéal é. Bíonn siad lán de stuaim agus de chiall ceannaithe.

2008-06-30 Ó tharla go bhfuil an balla tite ag an Irish Times, is féidir liom nascadh le alt Kate. Seo é

Easpa innealtóirí

Bhí dhá scéal i bhforlíonadh gnó an Irish Times de hAoine a bhain macalla asam.

Dhá ghné den cheist céanna. Imní ar ceannasaí Siemens in Éirinn faoi easpa innealtóirí cáilithe. Agus a leathbhreac de scéal sa Ghearmáin, áit a bhfuil comhlachtaí mór le rá ag obair le naoinraí chun suim san eolaíocht a spreagadh - ar mhaithe le innealtóirí an lae arú amáraigh.

Tá titim tubaisteach le roinnt blianta anuas san líon innealtóirí atá ag cáiliú. Bhí 80 i mo rang Innealtóireachta Leictreach agus Leictreonach nuair a bhain mé mo chéim amach i 1990. Ochtar a bhí ann anuraidh.

Siad innealtóirí agus eolaithe cnámh droma an tsochaí, ach ní bhíonn an meas sin orthu. Ní cloistear fúinn ach amháin nuair a theipeann orainn!

Sin, dar liom, ceann de na bagairtí is mó do leas an Iarthair - nach mbeidh innealtóirí an lae amáraigh ann; go mbeidh muid ag brath ar dhuine thar tír isteach - tuige nach mbeadh siadsan ag obair san Ind, nó san tSín, nó pé áit arbh as dóibh?