Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-12-05

Comhionannas agus torthúlacht

Roinnt blianta ó shin luaigh Réaltán na 5 C atá ina gconstaic do comhionannas na mBan.

Cultúr a fréamh uile. Roimh an phaindéim bhí gach rud faoi réir ag an ngeilleagar - an gineadh brabach agus gach rud eile in áit na leathphingine. Cúrsaí cúraim - ceann eile de C-anna Réaltáin - ach go háirithe.

Shílfeá go bhfuil foghlamtha againn ón paindéim gur obair riachtanach atá i gcúram do gach aois. Ar an ndrochuair, níl an cuma ar an scéal go bhfuiltear ag géilleadh don gceacht. 

B'fhéidir anois agus Helen Mac Entee, an tAire Dlí agus Cirt, ag súil le leanbh go mbeidh guth ag bord an rialtais ag an cheist!

Mar is é bun agus barr an scéil ná go bhfágann an tréimhse srianta ama ar thorthúlacht na mban constaic roimh a gcomhionannas sa chóras reatha. Sna blianta is tairbhí ó thaobh gineadh clainne dóibh bíonn brú dréimire na gairme a dhreapadh go grod. Comhlachtaí móra ag ofráil a gcuid uibheacha a reo dóibh - chun go gcuirfeadh siad mian clainne ar an méar fhada chun "infheistíocht" an chomhlachta iontu a chosaint.

Gan amhras, níl gach bean ag iarraidh clann a bheith uirthi. Faoi láthair áfach tá brú ar mhná ar mian leo comhchéim a bhaint amach bheith níos fireannaí ná na fir - i dtuiscint chúng ar fireannachas a thugann tús áite do fónamh do bhrabach an chuideachta ("an gheilleagar") thar gach rud eile.

Feictear dom, i bhfianaise na héigeandálaí aeráide is eile a bhfuilimid i ngleic leo go bhfuil atheagar ó bhun de dhíth ar an gcultúr. Athrú a aithníonn tábhacht na torthúlachta agus a thugann deis do thuismitheoirí idir máthair agus athair cúram a thabhairt dá gclainne, agus ar ball dá dtuismitheoirí. Nach fágtar áfach faoin duine aonair é ach go n-aithnítear gur cúram an phobail ar fad aire dóibh siúd idir óg agus aosta a bhfuil tacaíocht bhreise de dhíth orthu. Nach giolla éinne dá ghaolta ach go bhfuil comhar clainne agus comharsana níos folláine do chách. Go bhfuil gá cúrsaí oibre a chur in oiriúint do chúrsaí uile an tsaoil - agus go háirithe gearradh siar ar taisteal fhada chun na hoibre. 

Shílfeá go raibh an paindéim tar éis deis a thabhairt machnamh a dhéanamh ar cheisteanna mar seo - deis meabhrú ar bun ioncaim do chách seachas brabach don mbeagán. A léiriú gur cúram don lag cnámh droma sochaí sibhialta. 

Ar an ndrochuair, is eagal liom go mbeidh an ceacht dearmadta a luaithe is a bhíonn an ráig seo curtha dínn le cabhair vacsaín, agus go fhillfidh an chultúr ar an gclais atá gearrtha amach ag an nua liobrálachas - brabach don mbeagán, ualach don mórán.