Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-12-18

Tom a’ tSeoighe Amhráin


Éistim le Raidió na Gaeltachta go minic - níos mó fós anois agus mé ag obair ón mbaile. Fiú roimhe sin bhí mé ceanúil go leor ar John Beag agus ar an earra a tugtar Gaelcheol Tíre. Admhaím go bhfuil col agam le roinnt amhráin atá cloiste ró mhinic agam, dar liom. Neansaí Bhán abair - ar mo chluasa tá sé maslach agus gránna. Agus táim dúdóite de bheith ag éisteacht le geonaíl faoi Mháirtín, i Wales nó as! 

Ach is breá liom eachtraí An Mhéit agus na hamhráin ag moladh báid agus bádóirí. 

Ach ag deireadh an lae, ní as Conamara dom agus ní hionann mo thaithí ar deoraíocht agus taithí mhuintir Conamara. 

Sheol Cló Iar-Chonnachta cóip léirmheasa chugam den gcnuasach atá déanta ag Síle Denvir agus Ciarán Ó Fátharta de chumadóireacht Tom a'tSeoige. Amhrán atá cloiste go minic agam cé nach dócha go raibh fhios agam cé a chum. 

Tá réamhrá breá fairsing ann ag cuir na hamhráin i gcomhthéacs saol agus dúchas Tom a'tSeoige. A thaithí mar imiriceoir, an dream fileata dar daoibh é, a chaidreamh le na fonnadóirí. 

Tá nótaí le gach ceann den leathchéad amhrán ag léiriú a fhoinse (nó ag dearbhú go bhfuil rún gan fuascailt ann). Tá liosta foinsí ann do na scoláirí. 

Agus tá téacs na nAmhrán féin, agus nótaí do véarsa agus curfá. Ach tá fainic ann go bhfuil na hamhráin beo agus nach bhfuil na nótaí in ann iad a cheapadh go sásúil. Mar sin, tá dhá CD in éineacht leis an leabhar agus rogha taifead an file féin ann - John Beag,  Ciarán Ó Fátharta, Nóra Ghriallais nó fonnadóir eile, tugtha le chéile in aon áit amháin. Níl gach amhrán ar an an dá CD ach tá 34 acu. 

Amhráin ó saol fada agus stair shóisialta Conamara agus a mhuintir. Tá an chomaoin curtha ag na heagarthóirí orainn agus ní ar mhuintir Chonamara amháin as iad a bhailiú agus a tabhairt le chéile in aon chnuasach amháin. Agus iad a chur i gcomhthéacs. 

Go bhfaighe siad uilig aois Choilm agus go leana daoine á gcanadh chun báid, imirce, grá agus buanna an phobail a choinneáil beo beathach - ar an raidió, i gcomhluadar agus cois teallaigh. 


Síle Denvir & Ciarán Ó Fátharta.
Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781784442088  

Leabhar + 2 CD