Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-12-15

As na Ceithre hArdaibh

Bhí an leabhar seo i measc beart leabhar a fuair mé le huacht, mar a déarfá, ó Réaltán. Leabhair cráifeacha ab ea formhór acu (cúis a mbronnta ormsa). Tháinig mé ar an leabhar le déanaí agus roinnt neatú ar bun agam agus chuir mé pictiúir amach ar Twitter mar gur shíl mé go raibh iol-ughdair saoithiúil.

Dúirt Ailbhe Ó Monacháin gur sár leabhar atá ann. Anois agus é léite agam de bharr a spreagadh, aontaím.

Díolaim gearrscéalta atá ann a foilsíodh i 1938. Ní léir dom cén roghnú nó eagarthóireacht a rinne An Roinn Oideachais ar. Tá fiche scéal ann, le údar déag. Tá scéal an duine ag beirt bhan ann. Scilling, le Maighréad Nic Mhaicín, agus An Fhuinneog le Morag Ní Néill.

Tá dornán scéalta ag Colm Ó Gaora agus péire ag Piaras Béaslaí - an t-aon údar a roghnaigh an cló Rómhánach a úsáid. Is cosúil gur fhág na heagarthóirí cló agus litriú faoi na húdair cuid mhór. 

Tá roinnt scéalta ag Gearóid Ó Nualláin - uncail le Brian agus Ciarán Ó Nualláin. 

Mar a bheifeá ag súil leis ón ré agus na húdair, baineann sciar maith de na scéalta le cogadh na saoirse. 

Tá scéal bleachtaireachta lonnaithe i bPáras ag Gearóid Ó Nualláin - agus ainmneacha dílse sa chló rómhánach cé go bhfuil an scéal sa chló Ghaelach. Thaitneodh an scéal níos fearr liom murach go bhfuil smál an frith Ghiúdachas go láidir ann - an ré arís!

Tá Scilling Mhairéad Nic Mhaicín ar an scéal is láidre sa chnuasach dar liom. Níl fhios agam ar scríobh sí mórán eile cruthaitheach - tá cáil uirthi as aistriúcháin ón Rúisis ach go dtí seo níor éirigh liom teacht orthu. Baineann an scéal le oibrí monarcha agus a dínit nuair atá an úinéir ag déanamh uasal le híseal leis an bhfoireann. 

Tá scéalta grinn, scéalta púcaí agus scéalta grá agus gráin sa leabhar. Cnuasach ana bhreá.