Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-12-08

Comhacht Uisce in Éirinn

 
Ní foilsíthear mórán ar ábhar theicniúil as Gaeilge. Ar feadh seal bhí mé af freastal ar fochumann de chuid Cumann na nInnealtóirí - An Roth - a reachtálann léacht míosúil ar ábhar teicneolaíochta. Is minic áfach - agus seans go raibh baint aige leis an mballraíocht - gur ag amharc siar a bhí na léachtaí, sa stair nó i stair na mball cibé. Bíonn comórtas aistí de chuid an Oireachtais urraithe ag an Roth freisin agus chuir mé isteach air uair nó dhó agus bhí mé i mo mholtóir roinnt blianta eile - arís, stair is mó a bhí i gceist leis na haistí. Scríobh Michéal Ó Bréartúin, beannacht Dé ar a anam,  leabhar ar an Aibhléis agus ar an Teilegraif (Sreangscéal) - ach arís is ag amharc siar is mó a bhí sé.

Tháinig mé ar tagairt don paimfléid "Comhacht Uisce in Éirinn" agus mé ag léamh faoin bhfile Nuala Ní Dhomhnaill le déanaí - gaol léi an P. Ó Dónaill atá ar dhuine de na húdáir. Chuaigh mé sa tóir ar ar Chorpas ARÉ agus fuair mé é - agus chuir mé ar mo Khindle é ar mhaith le éascaíocht. Ar ndóigh níl ansin ach an téacs lom - atá iontach spéisúil ach ní saothar innealtóireachta go táblaí agus léaráidí! Fuair mé cóip ar  ball ar archive.org - níl an chaighdéan ró iontach ach tá na léaráidí agus na táblaí so-léite go maith.

Tá an méid seo scríofa ag na húdair san réamhrá:

Má's dóigh le haoine gur lughaide tairbhe an leabhráin seo é do scríobhadh i nGaedhilg, bíodh a fhios aige gur i gcomhair fíor-Ghaedheal amháin a scríobhamar é, mar gurab é ár ndóigh-ne, an té a thuigeann a riachtanaighe atá an Ghaedhilg do mhuintir na hÉireann, dá gcur ar a leas, agus gur leasc leis í fhoghluim 'na dhiaidh san, gur seacht leisce leis cloí le saothrú comhacht a uisce: agus an té ná tuigeann gur chomhairle in aisge ár gcomhairle dho.

Is eárd atá  sa phaimfléid tuairisc ar na féidirtheachtaí a bhaineadh le cumhacht uisce in Éirinn - le hinúchadh ar leith i gCiarraí maidir leis an méid eachchumhacht a bheadh le fáil in áiteanna éagsúla, an buntáiste a bhaineadh leo ó thaobh iompar uisce agus talún; na rudaí a dhéanfadh brabúsach é - go bhféadfaí monarcha a bheith in áit iarghúlta más é an cumhacht an rud is costasaí a bheadh i gceist.

É seo ar fad leagtha amach le samplaí, bunaithe ar sonraí agus meastúcháin, bunús tugtha le gach rud. Ní gineadh aibhléis amháín a bhí i gceist, ach úsáid cumhacht uisce chun cumhacht meicniúil a bhaint amach freisin - le déanaí rinneadh tionscadal ó thart ar am am céanna a athnuachan cois Súláin i gCúil Aodha - uisce ag tiomáint muileann admhadóireachta measaim.

Rith sé liom agus mé ag léamh gur fusa go mór plé leis an gcóras idirnáisúnta atá againn seachas troigheanna, puint agus araile mar atá sa leabhrán seo! Ach bhí an dóchas agus an flosc ann iontach ar fad le léamh. Measaim go bhfuil go leor de na nithe a bhí á thuar acu mar féidirtheachtaí nár baineadh amach riamh - agus seans gur fiú amharc arís orthu agus muid ag iarraidh breis breosla inathnuaite a úsáid. 

Ba chabhair measaim go leor córais beaga neamhspléacha scaipthe timpeall na tíre chun cumhacht glan a ginúint seachas an cúpla mórscéim uisce - Ard na Croise, Poll an Phúca agus araile, a tógadh.

Tá tréan bhíos buan!