Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Corpas ARÉ werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Corpas ARÉ werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2020-12-08

Comhacht Uisce in Éirinn

 
Ní foilsíthear mórán ar ábhar theicniúil as Gaeilge. Ar feadh seal bhí mé af freastal ar fochumann de chuid Cumann na nInnealtóirí - An Roth - a reachtálann léacht míosúil ar ábhar teicneolaíochta. Is minic áfach - agus seans go raibh baint aige leis an mballraíocht - gur ag amharc siar a bhí na léachtaí, sa stair nó i stair na mball cibé. Bíonn comórtas aistí de chuid an Oireachtais urraithe ag an Roth freisin agus chuir mé isteach air uair nó dhó agus bhí mé i mo mholtóir roinnt blianta eile - arís, stair is mó a bhí i gceist leis na haistí. Scríobh Michéal Ó Bréartúin, beannacht Dé ar a anam,  leabhar ar an Aibhléis agus ar an Teilegraif (Sreangscéal) - ach arís is ag amharc siar is mó a bhí sé.

Tháinig mé ar tagairt don paimfléid "Comhacht Uisce in Éirinn" agus mé ag léamh faoin bhfile Nuala Ní Dhomhnaill le déanaí - gaol léi an P. Ó Dónaill atá ar dhuine de na húdáir. Chuaigh mé sa tóir ar ar Chorpas ARÉ agus fuair mé é - agus chuir mé ar mo Khindle é ar mhaith le éascaíocht. Ar ndóigh níl ansin ach an téacs lom - atá iontach spéisúil ach ní saothar innealtóireachta go táblaí agus léaráidí! Fuair mé cóip ar  ball ar archive.org - níl an chaighdéan ró iontach ach tá na léaráidí agus na táblaí so-léite go maith.

Tá an méid seo scríofa ag na húdair san réamhrá:

Má's dóigh le haoine gur lughaide tairbhe an leabhráin seo é do scríobhadh i nGaedhilg, bíodh a fhios aige gur i gcomhair fíor-Ghaedheal amháin a scríobhamar é, mar gurab é ár ndóigh-ne, an té a thuigeann a riachtanaighe atá an Ghaedhilg do mhuintir na hÉireann, dá gcur ar a leas, agus gur leasc leis í fhoghluim 'na dhiaidh san, gur seacht leisce leis cloí le saothrú comhacht a uisce: agus an té ná tuigeann gur chomhairle in aisge ár gcomhairle dho.

Is eárd atá  sa phaimfléid tuairisc ar na féidirtheachtaí a bhaineadh le cumhacht uisce in Éirinn - le hinúchadh ar leith i gCiarraí maidir leis an méid eachchumhacht a bheadh le fáil in áiteanna éagsúla, an buntáiste a bhaineadh leo ó thaobh iompar uisce agus talún; na rudaí a dhéanfadh brabúsach é - go bhféadfaí monarcha a bheith in áit iarghúlta más é an cumhacht an rud is costasaí a bheadh i gceist.

É seo ar fad leagtha amach le samplaí, bunaithe ar sonraí agus meastúcháin, bunús tugtha le gach rud. Ní gineadh aibhléis amháín a bhí i gceist, ach úsáid cumhacht uisce chun cumhacht meicniúil a bhaint amach freisin - le déanaí rinneadh tionscadal ó thart ar am am céanna a athnuachan cois Súláin i gCúil Aodha - uisce ag tiomáint muileann admhadóireachta measaim.

Rith sé liom agus mé ag léamh gur fusa go mór plé leis an gcóras idirnáisúnta atá againn seachas troigheanna, puint agus araile mar atá sa leabhrán seo! Ach bhí an dóchas agus an flosc ann iontach ar fad le léamh. Measaim go bhfuil go leor de na nithe a bhí á thuar acu mar féidirtheachtaí nár baineadh amach riamh - agus seans gur fiú amharc arís orthu agus muid ag iarraidh breis breosla inathnuaite a úsáid. 

Ba chabhair measaim go leor córais beaga neamhspléacha scaipthe timpeall na tíre chun cumhacht glan a ginúint seachas an cúpla mórscéim uisce - Ard na Croise, Poll an Phúca agus araile, a tógadh.

Tá tréan bhíos buan!

2020-10-08

Niamh

Ós rud é gur bhain mé taitneamh as An Craosdeamhan agus Eisirt, shocraigh mé Niamh a íoslódáil freisin ó Chorpas ARÉ. Athinsint Peadar Ua Laoghaire ar Cogadh Gael re Gall atá ann, na himeachtaí a raibh Cath Chluain Tairbh agus bás Bhrian Ború mar deireadh leo.

Níl mé cinnte, ach ní dóigh liom gur pearsa stairiúil í an Niamh, iníon leis an rí Tadhg Mór ua Cealla, rí Uí Mháine. Brian féin, a mhac Mhurcadh, dearthair le Niamh Tadhg (níl mé cinnte arbh ann dó go stairiúil  ach oiread), Gormlaith bean Bhrian agus máthair Sitric rí Áth Cliath agus deirfiúr le Maol Mórdha Rí Laighean. Tá mac (neamhstairiúil ?) le Gormlaith - Amhlaoibh - lárnach san insint freisin. 

Tá cnámha maithe sa scéal, teannas agus spiadóireacht agus comhcheilg idir prionsaí a raibh gaoltá líonmhaire pósta eatarthu ainneoin iad a bheith ina nGael nó a Lochlannaigh faoi seach. 

Ach ar an drochuair tá laigí go leor leis mar úrscéal. Barraíocht insint seachas léiriú; agus teipeann ar dar liom Niamh a chuir i lár an scéal mar ghníomhaí seachas mar ceithearnach. Bheadh an scéal mórán mar an gcéanna ach í a bhaint as. Bíonn cuid de na hiarrachtaí í nascadh leis an aicsean dochreidthe ar fad - spiairí ag tuairisciú di chomh maith le do Bhriain ach gan é soiléir cén éifeacht a bheadh aige sin. Agus tá sí i bhfad ró "naofa" dáiríre. 

Agus déanann an tAthair Peadar barraíocht seanmóireacht; tá seobhaineachas láidir creidimh agus Gaelachas ann. Bolscaireacht a bhí feiliúnach i 1910 b'fhéidir ach atá sách ait do léitheoir na linne seo.

Tá ábhar iontach urscéil stairiúil ann - ach ní hé Niamh an toradh ceart. D'fhéadfaí an plota a thógáil, an bolscaireacht a bhaint as, agus úrscéal fearacht Cluiche na Corónach a dhéanamh as a bheadh iontach láidir.

2020-09-28

An Craos-Deamhan

Blianta fada ó shin cheannaigh mé leabhar Gearmáinise le rogha Thurneysen de scéalta as litríocht na nGael. Bhí leagan ann de Aislinge Meic Con Glinne, téacs iontach áiféiseach faoi bhia, agus an laoch ag leigheas Rí Mumhan ó chraos-deamhan tríd an scéal a reic dó. Tá leagan Béarla ar shuíomh CELT freisin.

Bhí mé ag súil go bhfaigheann leagan Nua Ghaeilge a bheadh ar mo chumas léamh uair éigin. Thóg sé tamall orm tuiscint gurb é sin díreach atá in "An Craos-Deamhan" le Peadar Ua Laoghaire; agus fuair mé ó Chorpas ARÉ é agus sheol ag mo Kindle é.

Leanann sé an lamhscríbhinn go dílis, feictear dom. Anuas go dtí an mionn "Dar mo dhebhroth". Ach ag deireadh an scéal tá aguisín curtha leis aige, soiscéal na Measarthachta de réir an tAthair Maitiú á thabhairt aige. Mheas mé freisin, mar Chorcaíoch dílis, go raibh roinnt curtha leis aige chun clú Mainchín a chosaint ar an líomháin gur go héagórach a chaith sé le Mac Con Glinne.

Tá codanna den scéal ar dheacair do léitheoir na linne seo ciall a bhaint astu - agus tá cuid de na ruthaig agus athrá beagán fadálach. Ach is leabhairín beag taithneamhach atá ann mar sin féin. Thaithin sé liom.

Is iontach go bhfuil teacht measartha éasca ar na téacsanna - idir bun téacs ar CELT agus athéacs mar atá curtha ar fáil ag Peadar Ua Laoghaire. Go deimhin, an constaic is mó anois ná fios a bheith ag duine iad a bheith ann!


2020-09-04

Pairlement Chloinne Tomáis

Ro leathnuigheadar na cineoil dheamhnuighe sin fan gcruinne gceathardha go coimhleathan dá haghmhilleadh.  Do  bhí mac ag an mBeilsebub sin darbh ainm Dracapéist, agus mac do sin Lóbus Laghrach, agus mac do sin Liobur Lobhtha.  Do  bhádur sin ag aghmhilleadh bfhear nÉirionn go haimsir Laoghaire mhic Néill Naoighiallaigh do bheith a bfhlaithios Éirionn; agas do bhí taoiseach toirteamhuil tromchonáigh re tórrumh agus le treabhaireacht ag Laoghaire, eadhon Bladhorrnn Bréanánach mac Palcamais; agas do bhí inghean ag an mBladhorrnn sin, eadhon Beistea a hainm, agas do pósadh le Liobur Lobhtha í, agus ro geineadh clann iomdha eaturra; agus do bhí mac don chloinn sin do dhearrsgnuidh ar fhuathmhuireacht agus ar ainmheasardhacht an cineadh ó dtáinig .i. Tomás Mór modurrtha mísgiamhach mac Liobair Lobhtha. 

I measc na téacsanna atá ar fáil i gCorpas ARÉ tá an aoir Pairlement Chloinne Tomáis. Tá tagairtí cloiste agam dó go minic mar saothar lán grinn raibiléiseach. Thapaigh mé an deis é fháil don Kindle tríd an suíomh. Téacs ó 1615 é agus ní mór dom a rá go raibh mé ag streachailt leis. 

Maíonn sé gur de sliocht na deamhain cosmhuintir na hÉireann, agus san scéal tá tracht ar chúpla tionóil den drong sin idir aimsir Phádraig agus aimsir Chromail, agus deireadh gach tionóil acu ná troid, achrann agus slad. Tá sé ar maos le hainmneacha áiféiseacha, cuir síos tarcaisneach ar feisteas agus cuma, aidiacht carntha ar aidiacht, uaim agus ruthaig.

Is dócha go bhfuil léargas le fáil ann ar dheacadh an aicme léannta ar an gcosmhuintir agus an polaitíocht; agus is cosúil gur in ndá thréimhse a scríobadh é.

Don scíthleitheoir fearacht mise, nach bhfuil an oiread sin cur amach aige ar an stair - agus is dócha, fearacht an Béal Bocht - na saothair eile a bhfuil tagairt a dhéanmah dóibh, níl an oiread sin adhmaid le baint as. Ach is deas mar sin féin teacht éasca a bheith agam air!

2020-06-29

Deadwood Dick na Gaeilge

Gaedheal gasta géar-chúiseach a bhí ag cainnt liom oidhche ar léigheann na Gaedhilge do chuir im’ cheann an scéal so do scríobh. 

Dubhras-sa go mba mhór an truagh ná raibh breis spéise againn go léir, idir óg agus sean, i léightheoireacht na Gaedhilge. 

“Is mór an truagh é,” ar seisean; “acht ní mór an-tiongna é agus gan scéal so-léighte againn ó aimsir Fhinn anuas acht a bhfuil i gceathair nó i gcúig de leabhraibh an lae indiu.  Is amhlaidh tá ag urmhór de’n saoghal go bhfuil an leisce ’n-a ghalar ortha.  Ní bhíonn fonn ortha scéal ar bith a léigheamh mara sciobann an scéalaidhe leis an marcaidheacht iad le taithneamh agus le aoibhneas a scéil.  Tá scéálta de’n saghas sin de dhíth ar an nGaedhilg, agus is mí-ádhmharach an t-easba é.  Féach a dhuine chóir,” ar seisean, “séard atá uainn - agus glac m’fhocal leis - séard atá uainn chun an Ghaedhilg do chur d’á léigheamh, agus d’á labhairt, ar fuaid na tíre acht Deadwood Dick.” 

Do rinneas machtnamh ar chainnt mo charad. 

Ní dóigh liom go raibh iomlán an chirt aige, acht - bhí cuid mhaith de’n cheart aige. 

Cé gur dhána an gnó damh-sa tabhairt fé n-a leithéid, do bheartuigheas ar dhíchillín mo chroidhe do chur le iarracht chun scéal do chumadh ’n-a mbeadh eachtraí agus beodhacht innste, agus olcas agus maitheas; do chuireas rómham scéal do chumadh ná caithfead an léightear uaidh sul a mbeadh a leath léighte aige.  Ní fios dam ar éirigh liom; is é an léightheoir an breitheamh. 

Níor léigheas Deadwood Dick riamh acht tuigim gur scéal é tá lán d’eachtraí greannmhara gan deall- ramh, gan cruth na fírinne, gan teagasc gan múineadh gan subháilce. 

Ar eagla go leonfaí aigne an aosa óig nó go gcuirfí seirbhthean ar dhaoinibh fásta ní bhfaghainn im’ chroidhe scéal do scaoileadh ’n-a mbeadh a bheag nó a mhór de’n dubháilce ’á nochtadh agam gan an t-olcas sin do chothromú go cóir leis an subháilce.  Dá bhrigh sin tuigtear nach le dúil i gcneámhaireacht do chumas cneámhaire agus gur chuireas púca an díoghaltais ar thóir a mharbhtha acht chun an múineadh tá i gcaibiodlaibh XXIV  agus XXV do chur i n-iúl do’n léightheoir. 

Mícheál Ó Gríobhtha.


Sin agaibh an réamhrá atá leis an úrscéal Go mBeannuighthear Dhuit (1925). Luaigh Anna Heusaff ina halt faoi scéalta bleachtaireachta gur foilsíodh trí scéal bleachtaireachta leis an nGríofach i 1927.
Tá sé sin lasmuigh den réimse téacsanna atá ar fáil i gCorpas Stairiúil na Gaeilge. Chuaigh mé ag tochailt mar sin féin, m'fhiosracht spreagtha ag an bplé faoi Grádh agus Crádh. Tháinig mé ar an urscéal seo agus spreag an réamhrá m'fhiosracht. Is féidir leagan ePUB a íoslódáil, agus a thiontú don Kindle. Scéal (sách áiféiseach) eachtraíochta - seilg agus díoltas timpeall na cruinne, bás á imirt agus á fhulaingt. Agus aithrí ina dheireadh thiar thall - roimh báis. Pulp fiction. 

Feictear dom áfach go raibh a leithéid á scríobh agus á cheannach as Gaeilge ar feadh scair den chéid seo caite - ach nach bhfuil níos mó. An bhfuil gá lena leithéidí arís - nó an é go bhfuil siamsaíocht na teilefíse tagtha ina áit agus nach mbeadh tairbhe ann?

Tugaim faoi deara gur Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teoranta a d'fhoilsigh. Seans mar sin gur ar déagóirí a bhí an leabhar dírithe. Níl sé pioc níos áiféisí ná na húrscéalta Alex Rider nó Artemis Fowl nó a mhacasamhail a bhíodh mo mhic ag léamh sna déaga (cé go bhfuil an moráltacht ann sách sean-fhaiseanta).

Ceisteanna, ceisteanna...