Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-06-29

Deadwood Dick na Gaeilge

Gaedheal gasta géar-chúiseach a bhí ag cainnt liom oidhche ar léigheann na Gaedhilge do chuir im’ cheann an scéal so do scríobh. 

Dubhras-sa go mba mhór an truagh ná raibh breis spéise againn go léir, idir óg agus sean, i léightheoireacht na Gaedhilge. 

“Is mór an truagh é,” ar seisean; “acht ní mór an-tiongna é agus gan scéal so-léighte againn ó aimsir Fhinn anuas acht a bhfuil i gceathair nó i gcúig de leabhraibh an lae indiu.  Is amhlaidh tá ag urmhór de’n saoghal go bhfuil an leisce ’n-a ghalar ortha.  Ní bhíonn fonn ortha scéal ar bith a léigheamh mara sciobann an scéalaidhe leis an marcaidheacht iad le taithneamh agus le aoibhneas a scéil.  Tá scéálta de’n saghas sin de dhíth ar an nGaedhilg, agus is mí-ádhmharach an t-easba é.  Féach a dhuine chóir,” ar seisean, “séard atá uainn - agus glac m’fhocal leis - séard atá uainn chun an Ghaedhilg do chur d’á léigheamh, agus d’á labhairt, ar fuaid na tíre acht Deadwood Dick.” 

Do rinneas machtnamh ar chainnt mo charad. 

Ní dóigh liom go raibh iomlán an chirt aige, acht - bhí cuid mhaith de’n cheart aige. 

Cé gur dhána an gnó damh-sa tabhairt fé n-a leithéid, do bheartuigheas ar dhíchillín mo chroidhe do chur le iarracht chun scéal do chumadh ’n-a mbeadh eachtraí agus beodhacht innste, agus olcas agus maitheas; do chuireas rómham scéal do chumadh ná caithfead an léightear uaidh sul a mbeadh a leath léighte aige.  Ní fios dam ar éirigh liom; is é an léightheoir an breitheamh. 

Níor léigheas Deadwood Dick riamh acht tuigim gur scéal é tá lán d’eachtraí greannmhara gan deall- ramh, gan cruth na fírinne, gan teagasc gan múineadh gan subháilce. 

Ar eagla go leonfaí aigne an aosa óig nó go gcuirfí seirbhthean ar dhaoinibh fásta ní bhfaghainn im’ chroidhe scéal do scaoileadh ’n-a mbeadh a bheag nó a mhór de’n dubháilce ’á nochtadh agam gan an t-olcas sin do chothromú go cóir leis an subháilce.  Dá bhrigh sin tuigtear nach le dúil i gcneámhaireacht do chumas cneámhaire agus gur chuireas púca an díoghaltais ar thóir a mharbhtha acht chun an múineadh tá i gcaibiodlaibh XXIV  agus XXV do chur i n-iúl do’n léightheoir. 

Mícheál Ó Gríobhtha.


Sin agaibh an réamhrá atá leis an úrscéal Go mBeannuighthear Dhuit (1925). Luaigh Anna Heusaff ina halt faoi scéalta bleachtaireachta gur foilsíodh trí scéal bleachtaireachta leis an nGríofach i 1927.
Tá sé sin lasmuigh den réimse téacsanna atá ar fáil i gCorpas Stairiúil na Gaeilge. Chuaigh mé ag tochailt mar sin féin, m'fhiosracht spreagtha ag an bplé faoi Grádh agus Crádh. Tháinig mé ar an urscéal seo agus spreag an réamhrá m'fhiosracht. Is féidir leagan ePUB a íoslódáil, agus a thiontú don Kindle. Scéal (sách áiféiseach) eachtraíochta - seilg agus díoltas timpeall na cruinne, bás á imirt agus á fhulaingt. Agus aithrí ina dheireadh thiar thall - roimh báis. Pulp fiction. 

Feictear dom áfach go raibh a leithéid á scríobh agus á cheannach as Gaeilge ar feadh scair den chéid seo caite - ach nach bhfuil níos mó. An bhfuil gá lena leithéidí arís - nó an é go bhfuil siamsaíocht na teilefíse tagtha ina áit agus nach mbeadh tairbhe ann?

Tugaim faoi deara gur Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teoranta a d'fhoilsigh. Seans mar sin gur ar déagóirí a bhí an leabhar dírithe. Níl sé pioc níos áiféisí ná na húrscéalta Alex Rider nó Artemis Fowl nó a mhacasamhail a bhíodh mo mhic ag léamh sna déaga (cé go bhfuil an moráltacht ann sách sean-fhaiseanta).

Ceisteanna, ceisteanna...