Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-06-24

Trecheng Breth Féne : 91 - 100

91Trí gena ata messu brón: gen snechta oc legad, gen do mná frit íar mbith fhir aili lé, gen chon fhoilmnich.Trí meangadh is measa ná brón - meangadh sneachta ag leá, meangadh do mhnaoi tar éis di luí le fear eile, meangadh con atá ar tí léimt ort

gean 1 ag Ó Dónaill, ach is gá gáire a chuir leis!
92Trí báis ata ferr bethaid: bás iach, bás muicce méithe, bás foglada.Trí bhás atá níos fearr ná beatha: bás iach, bás muice méithe, bás foghlaí.

eo, ginideach iach = bradán
93Trí húathaid ata ferr sochaidi: úathad dagbríathar, úathad bó hi feór, úathad carat im chuirm.Trí bheagán is fearr ná mórán: beagán deábhriathar, beagán bó ar fhéarach, beagán cairde um coirm
94Trí brónaig choirmthige: fer dogní fleid, fer dia ndéntar, fer ibes menip sáithech.Triúr brónach coirmthí - fear déanta an fleá, an fear dá ndéantar, agus fear ibheann gan bheith sách
95Trí cuitbidi in domain: fer lonn, fer étaid, fer díbech.Trí staicín áiféis an domhain: fear lonn, fear éadmhar, fear díbheach

lonn = feargach.
díbheach = cúngchroíoch
96Trí cuil túaithe: flaith brécach, breithem gúach, sacart colach.Trí chol tuaithe: flaith bréagach, breitheamh éitheach, sagart collaí.
97Trí fuiric thige degduni: cuirm, fothrucud, tene mór.Trí fúr tigh deadhuine: coirm, fothragadh, tine mór

fúr = réiteach
fothragadh = folca
98Trí fuiric thige drochduni: debuid ar do chinn, athchosan frit, a chú dot gabáil.Trí fúr tigh drochdhuine: deabhaidh ann romhat, achasán leat, a chú do'd gabháil.

deabhaidh = achrann
99Trí gretha tige degláich: grith fodla, grith suide, grith coméirge.Trí ghraith tigh dealaoch: graith fodháileadh, graith suí, graith chomhéirí.

graith = gáir
100Trí dorchae ná dlegat mná do imthecht: dorcha cíach, dorcha aidche, dorcha feda.Trí dorchadas nach ceart do mhná dul iontu: dorchadas ceo, dorchadas oíche, dorchadas coille.

Nótaí: 

Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn! Tá tochailt áirithe déanta agam in Onomasticon Goedelicum le Edmund Hogan, coigeartithe ag Donnchadh Ó Corráin maidir le logainmneacha.
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.