Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-06-23

Trecheng Breth Féne : 81 - 90

81Tréde ara miscnigther cara: fogal, dognas, dímainche.Trí cúis a fhuathaítear cara: foghail, coimhthíos, díomhaointeas
82Trí buirb in betha: óc contibi sen, slán contibi galarach, gáeth contibi báeth.Trí borba an tsaoil: óg ag fonóid faoi sean, slán ag fonóid faoi galrach, gaoth ag fonóid faoi bhaoth

gaoth 3 = gaoismhear
83Trí buidir in betha: robud do throich, airchisecht fri faigdech, cosc mná báithe do drúis.Trí bodhar an bheatha: rabhadh do throchoirchiseacht do  foigheach, drúis a chosc ar bhean bhaoth.

Troch = trú, duine atá gafa ag cinnúint
oirichiseacht = trua
foigheach = duine lorgtha déirce
84Trí cáin docelat éitchi: sobés la anricht, áne la dóer, ecna la dodelb.Trí chaoin a cheileann míofaire: sobhéasa ag ainriocht, áine ag daor, eagna ag dodhealbhach

Níl sobhéasa ag Ó Dónaill, ach tá dobhéasa
Scil atá ag Meyer, ach tá David Stifter den tuairim gur meancóg sin. Áine < án = lonrach 
85Trí héitich docelat cáin: bó binnech cen as, ech án amlúath, sodelb cen tothucht.Trí míofaire a cheileann caoine: bó binn gan as, each án gan lúth, sodhealbhach gan tothacht.

as = bainne
án = uasal
tothacht = maoin, substaint
86Trí óible adannat seirc: gnúis, alaig, erlabra

Trí aibhleog a adhnann seirc: gnúis, iompar, urlabhra
87Trí haithne co fomailt: aithne mná, aithne eich, aithne salainnTrí thaisce le ceart usáide: taisce mná, taisce eich, taisce salainn.
88Trí búada téiti: ben cháem, ech maith, cú lúath.Trí bhua aonaigh: bean chaomh, each maith, cú luath
89Trí ségainni Hérenn: fáthrann, adbann a cruit, berrad aigthe.Trí shaoithiúlacht Éireann: rann maith, ábhann ar chruit, bearradh aghaidh.
90Trí comartha clúanaigi: búaidriud scél, cluiche tenn, abucht co n-imdergad.Trí chomhartha chladhaire: buaireamh scéil, cluiche teann, ábhacht go deargadh

ábhacht = magadh
cluiche teann = caimiléireacht

Nótaí:


2020-09-29

Maidir le tréanna 84 agus 85: Bhí comhrá Twitter inné idir Dennis agus mé féin faoi. Shoiléirigh David Stifter nach é caín ainmní an bhriathair docelat, go bhfuil sé san iolra.
"Conceals" atá ag Meyer as Béarla, agus "überdecken" (clúdaíonn) as Gearmáinis. Tá Dennis den tuairim nach bhfuil ciall leis sin - cloistear binneas an bhó sula mbíonn fhios nach dtálann sí bainne. Ní ceilt atá ann mar sin, ná folach. Molann Dennis an léamh "cealaíonn" seachas "ceileann"

Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn! Tá tochailt áirithe déanta agam in Onomasticon Goedelicum le Edmund Hogan, coigeartithe ag Donnchadh Ó Corráin maidir le logainmneacha.
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.