Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-06-25

Trecheng Breth Féne: 131 - 140

131Teora ranna sluinte fri cáintocad: trumma, toicthiu, talchaire.Trí ranna a léiríonn rath: toirtéis, ádh, daingne.

Níor aistrigh Meyer toitchiu - ach measaim go bhfeileann ádh de réir sainmhínithe DIL.
132Teora ranna sluinte dotcaid: tlás, áes, airbire.Trí ranna a léiríonn mírath: tlás, aos, achasánacht
133Dí derbshiair: tlás ⁊ trúaige. Beirt deirfiúr: tlás ⁊ ainnise
134Dá derbráthair: tocad  ⁊ brugaide.Beirt dheartháir: toice ⁊ féile

toice = ádh

Maidir le brugaide, féile an míniú atá tugtha in eDil ach d'aistrigh Meyer mar Husbandry/Hauswirtschaft é. Tá an focal brigu ann agus is cosúil gur brugaide an iompar is dual don úinéir talúin den aicme seo - féile ina bhrú d'aoinne a tháinig an bealach. Hapax - focal nach bhfuil aon fhoinse eile againn dó - is ea brugaide.  Measaim féin, i bhfianaise #133 gur maith an péire iad toice ⁊ féile. Is féidir áfach, dar le David Stifter, gur leis an bhfocal briug - talamh, fearann atá brugaide gaolta. Níl gaol sanasaíochta idir brigu agus briug.
135Trí fuidb dotcadaig: ráthaiges, etargaire, fiadnaise. Dotoing dia fiadnaisi, íccaid dia ráthaiges, doberar béimm n-etargaire ina chinn.Trí ? mí-ámharacha: ráthú, idirghabháil, fianaise. Is gá fianaise a mhionnú, ráth a íoc, agus buile sa cheann a fhaigheann idirghabhálaí.
136Trí sethracha góa: béss, dóig, toimtiu.Tríur siúr bhréagacha: B’fhéidir, is dócha, Dar liom.
137Trí bráthair uamain: sta! sit! coiste! Triúr bráthair faiteach: fuist! stop! éist!
138Trí mairb fortgellat for bíu: med, airmed, forrach.Trí marbh a thugann fianaise ar bheo: meá, miach, forrach

miach = tomhais d'earraí tirime
forrach = slat tomhais
139Trí brothcháin rátha: rothice, rosiacht, rotochtaig. Trí bhracháin ratha: (dorcha agus is dócha millte dar le Meyer - fch #219 freisin)
140Trí dubthrebtha: tuga co fúatchai, imme co forngaire, tírad co n-aurgorad.

Nóta: tá malairt léamh i roinnt lámhscríbhinn - co fodaib seachas co fúatchai.
Trí dubhthreabhchas: díonadh le habhar goidte, fálú le fógra fóghail, tíoradh go ruadhó.

Treabhchas - feirmeoireacht

Nótaí:

Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn! Tá tochailt áirithe déanta agam in Onomasticon Goedelicum le Edmund Hogan, coigeartithe ag Donnchadh Ó Corráin maidir le logainmneacha.
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.