Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-06-19

Trecheng Breth Féne - Díonbhrollach

Is maith liom tréanna. Bíonn siad gairid, gonta, glic. Tá leabhar 'ac Gearailt agam, agus tá tréanna i Seanfhocail na Mumhan atá ar mo leabhragán. Tá curtha leis an stór ag leithéidí Philip Cummings go háirithe san leabhar ADS.


Ní cuimhin liom anois cathain a bhfaca mé eagrán Dennis King de Trecheng Breth Féne Meyer. Gach seans gur siar i laethanta na liostaí r-phoist a cuireadh faoi mo bhráid i dtosach é! Thar na blianta tá tré fánach aistrithe go nua Ghaeilge agam - ní scoláire mé agus go hiondúil bím spléach ar Bhéarla Meyer chun Gaeilge a chuir orthu. Má aimsím focal atá gar i gcuma agus céill don bunfhocal in Ó Dónaill sin an focal is fearr liom a úsáid - go hiondúil áfach bíonn an nod Lit(eartha) ag dul leis an bhfocal sin, i. níl sé sa chaint níos mó.

Ar Twitter a bhí na haistriúcháin seo á scaipeadh agam - giolc le gaoth. Le déanaí tá cuntas @TriadsofIreland tosaithe ag scaipeadh tré an lae as Béarla, mórchuid acu as liosta Meyer (a bhfuil a chuid foinsí luaite ar leathanach Dennis thuas. 

Inné mhol Dennis go gcuirfinn na haistriúcháin anseo, seachas iad a scaoileadh le gaoth. Tabharfaidh mé faoi, mar sin. 

Tá 256 san iomlán ann - tógfaidh sé tamall! Tá sé i gceist agam iad a scaoileadh amach ina mbraislí, ach beidh an chlib Trecheng Breth Féne orthu. 

Tá foinsí eile luaite ar leathanach Dennis - ina measc tá leagan Gaeilge ar CELT maraon le Béarla Meyer agus Gearmáinis.

Tá fáilte roimh moltaí chun feabhais ar na haistriúcháin - aonghusoh@gmail.com - tá tagairtí dúnta nach mór ar an mblag mar go raibh mé do mo chrá ag turscaireacht praistrithe!