Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-06-12

Ag fálróid le Fontane

Bhí leabhair measartha saor san Oir Ghearmáin agus bhí cnuasach measartha mór leabhair ag mo nuachar nuair a phósamar. Ina measc bhí saothair iomláine Fontane. Léigh mé roinnt de na húrscéalta blianta fada ó shin. Thaithin siad liom maith go leor.

Ba poitigéir ó thaobh a cheird foghlamtha Fontane, agus is iomaí Fontane Apotheke a fheictear i mBeirlín agus i sráidbhailte Brandenburg. Go deimhin is ainm coitianta é ar fud na Gearmáine.

Agus is líonmhar iad na "Fontane Wanderwege" - conair siúlóide. Baineann sin le cuid eile dá shaothar, cúig imleabhar maidir le Brandenburg a shiúil. Tá siad áit éigin ar na leabhragáin againn ach ...

Ar aon nós, ó tharla nach raibh siúl lasmuigh de 2 km ceadaithe ar feadh seal (tá na srianta scaoilte beagán anois) bheartaigh mé Fontane a thionlacan ar a chuid fánaíochta. Seachas dul ag tochailt san l-spás fuair mé don Kindle na leabhair ar phingneacha fánacha - tá an cóipcheart in éag. 

Bhí mé ag súil cuimhní ar an dtírdhreach a athmhúscailt - bhí codanna de siúlta againn go háirithe sular tháining ár gclann ar an tsaoil. 

Ach cé go bhfuil méid áirithe cuir síos ar an tírdhreach, is mó go mór de seanchas, stairseanchas agus béadán ar theaghlaigh uaisle atá ann. Ach go háirithe an teaghlach ríoga Hohenzollern. Ar ndóigh ba Prúiseach lena súailcí agus dúailcí ar leith é Fontane. Agus is sobaldráma den scoth stair an teaghlaigh úd - mac in achrann foréigneach le hathair, caidrimh rúnda collaí fud na baill, agus bua agus teip tubaisteach ar mhachairí an áir agus na taidhleoireachta. Scéalta teaghlaigh na tithe móra fite fuaite le scéalta cogaidh agus sóisialta na ríochta - agus mar sin níl an scéalaíocht teoranta do Bhrandenburg. Is iad lucht na tithe móra agus a mbeartais nó easpa beartais a mhúnlaigh go leor den tírdhreach - agus roimhe sin na mainstreacha.

Ach níor éirigh liom an t-iomlán a chríochnú. Tabharfaidh mé faoi arís, ach leis na leabhair clóite, ina bhfuil na léaráidí. Tá ana eolas ann, agus má bhíonn deis agam tá cúinní de Bhrandenburg ar mhaith liom iad a shiúil arís - agus eolas nua agam ar an dream a mhúnlaigh iad. Rinneadh go leor oibre chun na habhainn a "fheabhsú" agus na habhantraigh a thriomú - ní i gconaí gur chun leas fadtéarmach dúlra ná duine a bhí sin!