Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-06-22

Trecheng Breth Féne, Áiteanna: 51 - 61

51Trí drommanna Hérenn: Druimm Fingin, Druimm nDrobcoil, Druimm LeitheTrí dromanna Éireann: Droim Fhinín, Druimm nDrobcoil, Druimm Leithe

Níl fhios agam cá bhfuil siad seo, agus níl soiléiriú go bhfeicim in Onomasticon Goedelicum cé go bhfuil an tré luaite agus iontráil ag gach droim acu.
52Trí maige Hérenn: Mag mBreg, Mag Crúachan, Mac LiphiTrí má Éireann: Má Bhreá, Má Chruachan, Má Life.
53Trí clúana Hérenn: Clúain Maic Nóis, Clúain Eois, Clúain IrairdTrí cluainte Éireann: Cluain Mhic NóisCluain EoisCluain Ioraird.
54Trí tellaige Hérenn: tellach Temrach, tellach Caisil, tellach Crúachan.Trí teaghlaigh Éireann: teaghlach na Teamhrach, teaghlach  Chaisil, teaghlach Cruachain.
55Trí hessa Hérenn: Ess Rúaid, Ess Danainne, Ess Maige.Trí easanna Éireann: Eas RuaEas Danainne, Eas na Máighe

OG 15720 ess máige
56Trí fothirbi Hérenn: Tír Rátha Laideniáin, Slíab Commáin, Slíab Mancháin.Trí ghort? Éireann: Tír Ráth Laighnín?, Sliabh Commáin, Sliabh Mancháin
57Trí tiprata Hérenn: Tipra na nDési, Tipra Húarbeoil, Tipra Úaráin Garaid.Trí  toibreacha Éireann: Tobar na nDéise, Tobar Uarbheoil, Tobar Uaran Garaid.

OG 24278 seiscenn uarbeoil - Móin Seiscinn
26066 tibra uaráin garaid - Órán, Ros Comáin
58Trí haimréide Hérenn: Breifne, Bairenn, Bérre.Trí aimhréidh Éireann: BréifneBoirinn , Béara.
59Trí hinbera Hérenn: Inber na mBárc, Inber Féile, Inber Túaige.Trí inbhir Éireann: Inbhear na mBárc, Inbhear na Féile, Inbhear Tua

Inbhear (ar chruth) Tua - béal na Banna
60Trí hairderca Hérenn: Léimm Conculaind, Dún Cáin, Srub Brain.Trí oirirc Éireann; Léim Chon Chulainn, Dún Chaoin, Srubh Brain

Léim Chon Chulainn = Ceann Léime (féach Bás Chon Roi).

Tá Srubh Brain luaite ag Meyer le hIarthar Ciarraí (i n-iarthar Hérenn, YBL. 123b31) i bhfonóta, i. Srón Bhrain. Tá Srúibh Bhrain in Inis Eoghain, féach OG 25126 srúb brain. 
Ciallaíon Srúb gob, pointe, mar a chiallaíonn Srón.
61Trí gnátha Hérenn: Tráig Lí, Lúachair Dedad, Slíab Fúait.Trí áit a ghnáthítear in Éireann: Trá Lí, Luachra?, na Feá.

OG 20164 luachair dedad  
OG 24785 sliab fúait 

Nótaí: 

Tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn! Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie. Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. 
Tá tochailt áirithe déanta agam in Onomasticon Goedelicum le Edmund Hogan, coigeartithe ag  Donnchadh Ó Corráin.

Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.