231 | Cenéle dáileman: mórmenmnach meda, bolcsrónach brocóiti, itfa eserni, cúacroessach, donndabach, bolcra paitte, abartach escrai, geir grainne, cranndretel cuirn. | Cínealacha dáileamh: (arí, ní raibh ag Meyer ach buillí faoi thuairim, agus mar sin tá siad fágtha gan aistriú) |
232 | Trí as anso bís do accallaim .i. rí imma gabáil ⁊ Gall ina lúirig ⁊ athech do muin commairchi. | Tríur ar deacair agallamh leo: rí faoina ghabháil ⁊ Gall ina lúireach ⁊ aitheach faoi choimirce. |
233 | Trí as mó menma bís .i. scolóc iar légad a shalm ⁊ gilla íar lécud a erraid úad ⁊ ingen íar ndénam mná dí. | Triúr is airde meanman: scoláire iar léamh a sailm ⁊ giolla iar ligean dá éide (óige) uaidh ⁊ ainnir iar bean a dhéanamh di. |
234 | Cetharda forná bí cosc nó ríagail .i. gilla sacairt ⁊ cú muilleórach ⁊ mac bantrebthaige ⁊ gamain gamnaige. | Ceathrar nach bhfuil cosc ná riail orthu: giolla sagairt ⁊ cú muilleora ⁊ mac baintrí ⁊ gamhain gamhnaí gamhnach = Bó atá tuirseach agus ar bheagán bainne tar éis blianta ag obair |
235 |
Trí húais dóib: dul ar ríg nó úasal nemid, ar is lethiu enech ríg aidbriud; dul fri cath, ar ní túalaing nech glinni fri cath acht ríg lasmbíat secht túatha foa mám; dul fri cimmidecht acht nech lasa mbí mug dóer.
| Trí ghuais: ráthú do rí nó dó ard-uasail, óir is leithne eineach rí ná aon chúis; cath a rathú óir níl neach seacha rí agus seacht dtuath faoi ar féidir amhlaidh; ráthú do chimíocht - neach ag a mbí daor amháin is féidir amhlaidh. Seacht gcosc: ráthú ar dheoraí, ar dhrúth, ar dhásachtach, ar eisreachtaí, ar angoire, ar éigiallta, ar easconn. Trioblóideach gach ráth, is éigin fógra tobann a thabhairt as gach geall a tugtar, roimhe agus ina dhiadh. goire = an chúram is dual do mhac dá athair. Níl angoire (easpa an dualgais) sa bhfoclóir ach ní léim ró mhór é! |
236 | Trí hamra Glinne Dalláin i tír Eogain: | Féach leathanach ar leith! |
237 | Trí hamra Connacht: | Féach leathanach ar leith! |
238 | Trí luchra ata mesa: luchra tuinde, luchra mná bóithe, luchra con foléimnige. Féach freisin #91 | Trí gháire is measa: gáire toinne, gáire mná baoithe, gáire con ar nós leis léim ar dhaoine |
239 | Cisne trí ana soitcedach? Ní handsa són. Immarchor erlam, cuirm cen árus, cummairce for sét. | Cad iad trí ana sonasaigh? Ní hansa son. Iompar athlamh, coirm gan áras, coimirce ar séad |
240 | Trí maic beres genas do gáis: gal, gart, gaire. | Triúr mac a bheireann geanas do ghaois: gal, gart, gáire (nó goire) gal = laochas gart = féile goire = dualgas mic |
Nótaí:
Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn!
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn!
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.