Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-06-19

Americanah

Luaigh Siún, ar an eagrán de Beo Ar Éigean inar rinne siad plé ar chiníochas, gur mhol Ola Majekodunmi an t-úrscéal seo di.
Bhí mé ag léamh roinnt úrscéalta Afracacha ar aon nós agus spreag an moladh mé fios a chur ar seo don Kindle. 
Tugann scéal grá idir beirt Nigéireach den meánaicme a chasann ar a chéile ar an meánscoil fráma do scéal i bhfad níos leithne agus doimhne.
Baineann Chimamanda Ngozi Adichie feidhm as scéal na beirte chun réimse leathan cúinsí a imríonn tionchar ar saol daoine sa Nigéir agus san imirce leath dleathach agus neamhdhleathach i Meiriceá agus Sasana a léiriú. Agus tuiscint a mhúscailt don fáth go dtéann daoine atá réasúnta maith as san amhantar ar imirce - ceal deiseanna cearta de bharr an sochaí lofa iarchoilíneach. 
Agus na dóigheanna éagsúla a imríonn ciníochas tionchar agus na difríochtaí idir an tionchar ar daoine atá tagtha le déanaí ón Afraic le hais sliocht na ndaor. 
Ceisteanna creidimh, caidrimh, collaíochta, carthanachta, corbachta. Pléite go cúramach tríd léiriú seachas go teagascach. Bíonn an príomhphearsa baineann (agus an príomhghuth san úrscéal) ag blagadóireacht, rud a thugann deis don údar tráchtaireacht a dhéanamh go nádúrtha. Chomh maith le sruth smaointe agus taithí na beirte, tugann sleachta ón mblag deis ceisteanna a chíoradh. 
Agus tá an scéal féin eachtrúil, spéisiúil agus gan é soiléir an n-éireoidh leis an lánúin teacht le chéile arís tar éis blianta scarúna agus dul ó aithne. 
Tá go leor ábhar machnaimh san úrscéal (téagartha) seo. Tá roinnt de haltanna Chimamanda Ngozi Adichie le fáil ar líne, agus fonn orm breis dá húrscéalta a léamh!