Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-06-24

Trecheng Breth Féne : 101 - 110

101Trí sailge boccachta: imgellad, immarbág, imreson.Trí sail  ceanntréine: gealladh, iomarbhá, imreas.
102Trí airisena boccachta: sírchéilide, sírdécsain, síriarfaige.Trí airíonna ceanntréine: síor chuartaíocht, stánadh, síor fiafraí.

103Trí comartha meraigi: slicht a chíre ina fholt, slicht a fhíacal ina chuit, slicht a luirge ina diaid.Trí comhartha mearaí
sliocht a chíre ina fholt
sliocht a fhiacail ina chuid
sliocht a lorga ina dhiaidh

cf Trí comhartha bligeard 
Feirc
Feadaíl 
Fiafraitheacht....
104Trí máidme clúanaigi: ató ar do scáth, rosaltrus fort, rotfliuchus com étach.Trí maíomh cladhaire: táim ar do scáth, shatail mé ort, fhliuch mé tú le'm éadach
105Trí bí focherdat marbdili: oss foceird a congna, fid foceird a duille, cethra focerdat a mbrénfhinda.Trí beo a chaitheann marbha; os ag caitheamh adharc, fiodh ag caitheamh duillúir, eallach ag caitheamh fionnadh bréan

Féach caith IIb
106Trí scenb Hérenn: Tulach na nEpscop, Ached Déo, Duma mBúirig.

Tá gluais luaite in DIL: sceinbh .i. ionadha baoghlacha dochum sceinm do chur i neach nó ionada sccunamhla
Trí scéin Éireann: Tulach na nEaspag, Achadh Deo, Duma mBúirig

Tulach na nEaspag: fonóta gur cnoc gar do Chill Dara - Thesaurus Palaeo-hibernicus ii., p. 335
Níl mé cinnte go bhfuil an Achadh Deo ceart agam -  (i n-iarthar Erenn, Fél., p. clvvi)
107Trí hingnad Hérenn: lige inn abaic, lige nEothuili, allabair i foccusTrí iontas Éireann: uaigh an abhaic, uaigh Eochaidh, macalla i bhfos.

1) Teamhair: Todd’s ‘Irish Nennius’, p. 200
2) Todd’s “Irish Nennius”, p. 199, and Zeitschrift für Celt. Phil. v., p. 23 luaite le "Trawohelly
108Trí daurthige Hérenn: daurthech Birra, daurthech Clúana Eidnech, daurthech Leithglinde.Trí dairtheach Éireann: dairtheach Biorra, dairtheach Chluain Eidhneach, dairtheach  Leithghlinne

dairtheach = aragail adhmaid
109Trí hingena berta miscais do míthocod: labra, lesca, anidna.Trí chailín a thugann mioscais sa mhullach ar mhí-ádh: labhairt, leisce, éigneastacht.
110Trí hingena berta seirc do cháintocud: túa, éscuss, idnae.Trí chailín a thugann searc sa mhullach ar ádh: tost, dúthracht, cneastacht.

Nótaí:

Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn! Tá tochailt áirithe déanta agam in Onomasticon Goedelicum le Edmund Hogan, coigeartithe ag Donnchadh Ó Corráin maidir le logainmneacha.
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.