Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-06-24

Trecheng Breth Féne - Eadarlúid - Focail Liteartha sa bhFoclóir Gaeilge Béarla

Le cúpla bliain anois táim ag aistriú giotaí Sean-Ghaeilge ó chnuasaigh Dennis King, mar shampla https://www.sengoidelc.com/ agus na Tréanna. Is minic mé ag ceadú Foclóir Uí Dhónaill ar mhaith leis an "mot juste", an focal oirúnach. Tá sé de nós agam cloí le focal at a gar don mbunleagan má aimsím ann é. Beag beann ar an nod "Lit(eartha) leis. B'é an míthuiscint a bhí orm ná go raibh na focail seo sa nua-litríocht ach ní sa chaint.

Nuair a thosaigh mé ar an dtogra seo ar mholadh Dennis King bhí plé maidir leis an nós seo ar Twitter. Luaigh Sharon Arbuthnot (cuid d'fhoireann eDIL) gur mheas sí gurb as an bhfoclóir sin a tháining mórchuid na tearmaí leis na nod i FGB. Spreag sé sin mé chun amharc ar an réamhra, agus tá sé ráite go soiléir ansin:

Aidhm an Fhoclóra

... Lena chois sin cuireadh isteach focail áirithe as seanlitríocht na Nua Ghaeilge nach n-úsáidtear go coitianta anois, ach a mbeadh a mbrí ag teastáil le lucht léite na litríochta sin. Cuireadh an nod Lit. le focail den aicme sin lena chur in iúl gur sa litríocht amháin a fuarthas iad. Mar an gcéanna cuireadh an nod Lit. le haon bhrí ar leith d'fhocal nach bhfuil le fáil anois ach sa tseanlitríocht, e.g. scanradh, m. (gs-aidh).1. Lit: Routscatteringdispersal2. Fright. ...
Tá sé ráite ag Sharon Arbuthnot gur minic, agus focal a bhfuil fianaise airithe dó sna meánaoiseanna, go ndeirtear léi go bhfuil sé fós sa chaint agus an iontráil i FGB mar thaca dó sin - beag beann ar an nod Lit. Is léir mar sin go mba cheart a bheith airdeallach san úsáid. Sin ráite, tá athbheochan tagtha ar fhocail áirithe Liteartha de réir taighde atá déanta ag Kevin Scannell. Mar shampla, focal coitianta anois - sa mheamráiméis ach go háirithe - 
earnáilf. (gs-álapl-álacha).Lit: Partsharebranchdivisionclasscategorykind.
Dar leis an scagadh minicíochta ar potafocal.com (a eascraíonn as scagadh Kevin) Is é earnáil an 1,285ú focal is minice úsáid sa Ghaeilge. Tagann sé chun cinn uair amháin i ngach 16,992 focal.
Agus tá 
aonbheannachm. (gs. & npl-aighgpl~).Lit: Unicorn
sa bhfaisean!

Tá míle éigin ceannfhocal nó brí leis an nod Lit in FGB.

Chun críche an togra seo chuir mé pobalbhreith ar Twitter. 


Ní bhfuair sé ach 22 freagra, ach seans go bhfuil sé sin sách ionadaíocht don lucht leitheoreachta atá ag an togra seo. Bhí 3/4 den tuairim go mba cheart na focail liteartha a úsáid, ach nótaí mínithe a chuir leo - mar a bhí beartaithe agam. Sin mar sin an cuir chuige. Cá bhfios nach ndeanfaí athbheochan ar roinnt acu!