Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label focalbhá werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label focalbhá werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-02-08

Turas Góidrisc

Le Bargode, CC BY-SA 4.0 , via Wikimedia Commons

Tá sé de nós ag lucht scríofa ceannlínte Nuacht RTÉ leagnacha neamhchoitianta a úsáid, agus is breá liom an aclaíocht intinne a thugann sin dom. (Tá daoine eile ar malairt tuairime!). An ceannteideal inné is déanaí a phrioc m'fhiosracht Paráid na Féile Pádraig: ní turas Góidrisc a dhéanfar i mbliana. Tugann an ceannlitir le fios gur ainm dílís Góidrisc - ach cé hé féin?

Sular dhírigh Ailbhe Ó Monacháin m'aird ar deireadh an ailt bhí an cuardach tosaithe agam: tá "turas góidrisc (gan ceannlitir) ag FGB agus an ciall "turas in aisce" leis. D'aimsigh mé dhá shampla i gCorpas Stairiúil na Gaeilge.
Uch! Is Truagh Mo Ghuais Ón Ghleobhroid

Do mhairg ní fhuil acht malairt re góidrisc
I n-a thaisteal tar beannaibh na bóchna,
Guth na cuaiche, mo nuar, dom dhóigh-se,
Im chluais deis ní headh do thósnuigh.



Bíth a haimrél ins an Ruiséil
cuid dá caithréim chomhgaraigh
théid a lucht gliaidh tar muir dToirrian
is don Innia órchlochaigh
gnáth a tréinfhir ins an Éigipt
fá leor éide ar óigfhearaibh
is tig ar dtionól dóibh go Briostó
nach é gunó Góidrisce.
Flann mac Eoghain Mac Craith
I n-Ainm an Áirdmhic.
Tá an méid seo le rá ag eDil faoi "gunó Góidrisce":

gunó (= gnó) Góidrisce (prov.) a profitless venture, Ó Bruad. iii 72 § 12 

eDIL s.v. 2 gnó or dil.ie/26237
In alt na nuachta féin, mar a dúirt Ailbhe liom, tá an méid seo:
"Taoiseach Dhún Briste i Maigh Eo ab ea Góidrisc a chuir bagairt gan tairbhe ar Naomh Pádraig, dar leis an Duinníneach."

De bharr na noda in eDIL chuaigh mé sa tóir ar Dhuanaire Uí Bhruadair agus fuair (via archive.org) an fonóta seo leanas leis an dán. 

i.e. no fruitless journey or profitless adventure. For the story of Góidrisc and the legend of Dúin Briste see Mr. Thomas F. O'Rahilly's article in Gadelica, Part i, p. 171 et seqq., and the Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland of the year 1912, vol. xlii, p. 106 et seqq. In addition to the present instance and the two references given by me in my edition of Geoffrey Keating's Poems, pp. 28 and 157, Risteard Ua Foghlugha has sent me the following quatrain by Tomás Ó Maolriain, taken from Murphy Ms. (Maynooth) xii, p. 293

 also the following line from the Contention of the Bards,

Tuig a Thaidhg gé taoi ró ghlic: gur éirigh daoibh toisc Ghóidrisc.


THE PROMONTORY FORTS AND EARLY REMAINS OF THE COASTS OF COUNTY MAYO
PART I.— THE NORTH COAST (TIRAWLEY AND ERRIS)
By THOMAS JOHNSON WESTROPP, M.A.
Downpatrick and Dunbriste (Ordnance Survey Map, No. 7).
Tá sraith fínscéalta luaite san alt, agus an Dún féin luaite le fathach darbh ainm Góidrisc: tá cill ar an gceann tíre atá luaite le Pádraig, agus a ainm ar an gceann tíre.
  1. Bhíodh an fathach ag cuir as do Phádraig ag é ag rá aifrinn; thosaigh Pádraig ag urnaí, scoilt an carraig ón gceann tíre, agus bhásaigh an arracht.
  2. Foghlaí ab ea Góidrisc, ag creachadh an ceantar agus ag tabhairt an chreich ar ais go dtí an dún. Tháinig baintreach bhocht ag éileamh a heallach; d'eitigh sé í. Chuir sí a mallacht air, agus scoilt an charraig ón mórthír.
  3. Tháinig Padraig ag éileamh cúiteamh don pobal. Chuaigh sé ar a ghlúine ag urnaí. Chaith an fathach sleá leis, ach theip air aimsiú. Nuair a chas sé chun teitheadh, thit an charraig idir é agus an dún - agus a) cailleadh é nó b) thiontaigh sé ina Chríostaí agus rinneahd manach de.
  4. sin, nó rinne sé iarracht léim ar ais thar an bhearna ach thit i bhfarraige. (Féach Léim an Fhathaigh thuas)
  5. Nó bhí sé ar thuras nuair a thit an charraig, agus nuair nach raibh sé in ann dul isteach sa dhún, d'imigh agus ní fhacthas arís é.
Táim buíoch as Nuacht RTÉ a chuir ar an dturas seo mé, nárbh aon turas Góidrisc é, dar liom!

 Tá leagan iomlán eile de scéal Dún Bhriste in Annála MhicFhirbhisigh, is cuimhin liom dul sa tóir air tamall siar, ach is ar Twitter a chuir mé torthaí mo chuardaigh agus níl mé in ann teacht orthu.

 

2021-04-07

Wipfel, Gipfel, Zipfel…


Bhí mé ag siúl sa choill ar na mallaibh. Bhí na héin – an spideog ach go háirithe – ag fógairt a bhfearann. Go minic san craobh is airde ar chrann. I gcás giúise, is ag gobadh suas ingearach a bhíonn an craobh céanna. Rith an focal Gearmáinise Wipfel liom ar an bpointe. Barr crainn is brí leis.
 
Mheabhraigh sin dom an focal Gipfel – buaic sléibhe. Is minic Gipfelkreuz ar a leithéid. Is eol dom trí chinn ar a laghad in Éirinn, atá feicthe agam féin – ar Chorrán Tuathail, ar Chnoc Bréanainn agus ar  Cheann Bhré. Is líonmhaire go mór iad sa Bhaváir agus san Ostair!
 
Tá dán cáiliúil ag Goethe, Laoi Oíche an Fhánaí  :
Ueber allen Gipfeln
Ist Ruh‘,
In allen Wipfeln
Spürest Du
Kaum einen Hauch;
Die Vögelein schweigen im Walde.
Warte nur! Balde
Ruhest du auch.

(Os cionn gach buaic
Tá suaimhneas,
Ní mhothaíonn tú
Oiread is leoithne
I mbarr crainn ar bith
Tá na héiníní ina dtost sa choill
Fan anois! Ní fada
Scíth uait féin)
 
Scríobhadh an dán, is cosúil, ar bhalla both sléibhe agus Goethe ag siúl na sléibhte, ag iarraidh corraí intinne a chuir de. (Faoin teideal “ein gleiches” – a mhacasamhail - atá an dán seo san saothar foilsithe, ach Wandrers Nachtlied atá ar an dán roimhe, agus nuair atá an rann as féin is mó ciall leis an teideal sin air).
 
Ós ar Buaic atáimid ag trácht, scríobh Dermot Somers úrscéal, lonnaithe sna Himiléithe, agus Buaic mar theideal air. Is cuimhin liom é ag insint tráth gur thug an teideal sásamh dó. Bheadh freagra i gcónaí aige ar an gceist Duibhlinneach – “Tell me, do you ever open a buaic? – Sairtaintly, I even wrote a Buaic!”
 
Tá suaimhneas ar fáil sna coillte i measc na Wipfel, agus os cionn na Gipfel ag an fánaí, agus is breá liom an siúil sléibhe agus coille. Táim buíoch faoi láthair, agus teorann m’fhearann dúnta isteach ag an ngéarchéim sláinte go cúig ciliméadar, go bhfuil teacht agam ar roinnt coillte agus corr buaic chnoic chun an suaimhneas úd a bhaint amach. Coillte aeracha measctha atá iontu don gcuid is mó seachas coillte dorcha aonchineálacha giúise tráchtala gur beag beatha eile a bhíonn iontu – cineál atá i bhfad ró fhorleathan in Éirinn. Bíonn deis agam cúpla uair a chloig a chaitheamh ag siúl ar na deireadh seachtainí, agus is beag lá nach caithim ceathrú uair nó fiche nóiméad ag siúl sa choill lámh leis an teach, ag baint sásamh as péacadh na mbachlóg agus  bláthú na lus anois san Earrach. San Fhómhair bhí flosc na hioraí glasa le feiceáil, agus na fungais ag coinneal rothaí an tsaoil ag casadh! Agus i dtólamh tá na héin gníomhach, ó Diarmaidín Riabhach go Scréachóg Choille. Chonaic mé Piasúin ag siúl ann uair amháin, agus measaim go bhfaca mé clamhán – éan mór éigin a d’imigh sula bhfuair mé radharc ceart air. Bíonn na clamhán le feiceáil go hard sa spéir agus mé ag siúl níos faide ó bhaile.
 
Tá brí níos leithne ag an tríú focal a rith liom – Zipfel – ach is Zipfelmütze is túisce a ritheann liom féin i gcónaí, i. caidhp fhada den gcineál a mbíonn scothóg ar a chríoch go minic. Leis na habhaic a samhlaítear iad thall go minic! Nó mar chaipín oíche.

Ciallaíonn Zipfel críoch nó cúinne nó foirceann ar bhall éadaigh – nó ar Ispín!
 
Rede mit den Kindern Israel und sprich zu ihnen, daß sie sich Quasten machen an den Zipfeln ihrer Kleider samt allen ihren Nachkommen, und blaue Schnüre auf die Quasten an die Zipfel tun;
 
Labhair le clann Iosrael agus abair leo scothóga a chur ar fháithimí a mbrat ó ghlúin go glúin, agus ribín corcra a chur ar an scothóg ag an bhfáithim.

Uimhreacha 15:38





2020-06-24

Trecheng Breth Féne - Eadarlúid - Focail Liteartha sa bhFoclóir Gaeilge Béarla

Le cúpla bliain anois táim ag aistriú giotaí Sean-Ghaeilge ó chnuasaigh Dennis King, mar shampla https://www.sengoidelc.com/ agus na Tréanna. Is minic mé ag ceadú Foclóir Uí Dhónaill ar mhaith leis an "mot juste", an focal oirúnach. Tá sé de nós agam cloí le focal at a gar don mbunleagan má aimsím ann é. Beag beann ar an nod "Lit(eartha) leis. B'é an míthuiscint a bhí orm ná go raibh na focail seo sa nua-litríocht ach ní sa chaint.

Nuair a thosaigh mé ar an dtogra seo ar mholadh Dennis King bhí plé maidir leis an nós seo ar Twitter. Luaigh Sharon Arbuthnot (cuid d'fhoireann eDIL) gur mheas sí gurb as an bhfoclóir sin a tháining mórchuid na tearmaí leis na nod i FGB. Spreag sé sin mé chun amharc ar an réamhra, agus tá sé ráite go soiléir ansin:

Aidhm an Fhoclóra

... Lena chois sin cuireadh isteach focail áirithe as seanlitríocht na Nua Ghaeilge nach n-úsáidtear go coitianta anois, ach a mbeadh a mbrí ag teastáil le lucht léite na litríochta sin. Cuireadh an nod Lit. le focail den aicme sin lena chur in iúl gur sa litríocht amháin a fuarthas iad. Mar an gcéanna cuireadh an nod Lit. le haon bhrí ar leith d'fhocal nach bhfuil le fáil anois ach sa tseanlitríocht, e.g. scanradh, m. (gs. -aidh).1. Lit: Rout; scattering, dispersal. 2. Fright. ...
Tá sé ráite ag Sharon Arbuthnot gur minic, agus focal a bhfuil fianaise airithe dó sna meánaoiseanna, go ndeirtear léi go bhfuil sé fós sa chaint agus an iontráil i FGB mar thaca dó sin - beag beann ar an nod Lit. Is léir mar sin go mba cheart a bheith airdeallach san úsáid. Sin ráite, tá athbheochan tagtha ar fhocail áirithe Liteartha de réir taighde atá déanta ag Kevin Scannell. Mar shampla, focal coitianta anois - sa mheamráiméis ach go háirithe - 
earnáil, f. (gs. -ála, pl. -álacha).Lit: Part, share; branch, division; class, category, kind.
Dar leis an scagadh minicíochta ar potafocal.com (a eascraíonn as scagadh Kevin) Is é earnáil an 1,285ú focal is minice úsáid sa Ghaeilge. Tagann sé chun cinn uair amháin i ngach 16,992 focal.
Agus tá 
aonbheannach, m. (gs. & npl. -aigh, gpl. ~).Lit: Unicorn. 
sa bhfaisean!

Tá míle éigin ceannfhocal nó brí leis an nod Lit in FGB.

Chun críche an togra seo chuir mé pobalbhreith ar Twitter. 


Ní bhfuair sé ach 22 freagra, ach seans go bhfuil sé sin sách ionadaíocht don lucht leitheoreachta atá ag an togra seo. Bhí 3/4 den tuairim go mba cheart na focail liteartha a úsáid, ach nótaí mínithe a chuir leo - mar a bhí beartaithe agam. Sin mar sin an cuir chuige. Cá bhfios nach ndeanfaí athbheochan ar roinnt acu!

2019-12-27

Lá Coille

Tamall siar scaip @edil_dictionary an nasc chuig "callann" eadhon kalend na Laidine, .i. céad lá na míosa. Bunús Lá Caille - mar caileann atá sé ag Ó Dónaill. 

Luaigh @riadach go raibh tagairt dó "Lá Coille" ag Amhlaoibh Uí Súilleabháin agus timpeallghearradh luaite leis. Chuir sé sin mearbhall orm agus chuaigh mé ag tochailt. 

Seo an tagairt:

CINNLAE AMHLAOIBH UÍ SÚILEABHÁIN
1834
MI GIONBHAIR - Gach la line. An cead la .i. la 'anodlag beag .i. dia ceadaoin .i. la an Timchiollghearradh. - Creidim gur air an la so glaodhaid na Ciaruighig "la Coilleadh";
oir is ionnan coilleadh agus gearradh no timchiollgearradh.
Tháinig mé ar thagairt do thimpeallghearradh ar seanmóir Lá Coille ag an Athair Pheadar:
Nuair a bhíodar araon sa n-aois sin do labhair Dia le h-Ábhraham agus d'órduigh sé dhó tímpalghearradh do dhéanamh air féin agus ar gach duine fireann.
Ansin is ea rith sé liom go bhfuil Lá Coille ocht lá i ndiaidh Lá Nollaig:
Nuair a bhí ocht lá caite agus é le timpeallghearradh, tugadh Íosa mar ainm air, mar a thug an t‑aingeal air sular gabhadh sa bhroinn é. Lúcás 2:21
Tráthúil go leor bhí plé ar Twitter freisin faoi amhrán Nollaig a bhíodh ag Peig Sayers agus a chan Aodán Ó Ceallaigh ar an gclár Bladhaire, agus amhránaí Déiseach eile  Ciarán Ó Gealbháin ar chlár Mhuireann Nic Amhlaoibh, agus tá sé ar fáil ar an CD Déan Gáirdeachas ag Cór Fear na nDéise. Tráthúil mar go bhfuil an véarsa seo leanas ann (aimsithe i gcnuasach Dúchas - ach tá sé sa leabhar Labharfad le Cách freisin):
Is ocht lá na déid sin-
'Seadh glaodhtar la 'Coille air-
I dTeampall na Trionóide.
'Seadh doirteadh an Fhuil Mhilis
Dá chur in-iúl dóibh siúd
Gur scéal é a bhí Chuige
Bheith ag fulaing na daor-pháise
Is ag iomchar na Croise.


Tháining Seaghan Mac an tSionnaigh ar léamh eile ar an gceist as Albain, san leabhar Carad nan Gàidheal i gcaibidil faoi Saobh-Chrabhadh na nGaidheal


Bha e 'n a chleachdadh am measg nan Gàidheal, 's na linntibh a chaidh seachad, beachd sònraichte 'ghabhail air na neoil, agus air àirde na gaoithe, air ceud oidhche na bliadhn' ùir'. Air an oidhche so, ma tha a' gbaoth o'n àird' an iar, tha sin anabarrach sealbhach, rathail; agus their iad ris, uime sin, " Dàir-na-Coille" — 's e sin, oidhche anns am bheil beatha ùr air a cur anns na craobhan, no anns a' choille ; agus tha daoine fiosrach ag ràdh, gur ann uime sin a thugadh oidhche-choinnle, no choille, mar ainm air an oidhche so.
Bha meas mòr aca air a' ghaoith 'n iar, mar tha na sean-fhocail ag innseadh dhuinn : —
Gaoth à deas, teas 'us toradh ;
Gaoth o'n iar, iasg 'us bainne ;
Gaoth à tuath, fuachd 'us gaillion;
Gaoth o'n ear, meas air crannadh.


2013-11-20

Parthas don bhfocalbhách

atá anois ann agus Ó Dónaill agus de Bhaldraithe ar líne.

B'iontach an áis roimhe sin an idirlíon, breac le foclóirí luachmhara agus liostaí focail. Ach fágann na scileanna a chuir Michal faobhar orthu le Focal go bhfuil teacht ar an saibhreas a chnuasaigh na scoláirí ar bhealaí nua, thar a bheith éifeachtach.

Rinne Maolmhaodhóg Ó Ruairc roinnt tochailt sa ghort seo cheana agus chroch leis Díolaim d’Abairtí Dúchasacha as na saibhris a chnuasaigh na scoláirí.

Ach tá cumhacht ar leith ag baint le bunachar deá dheartha ar an idirlíon, áit a bhfuil na nascanna agus na cros tagairtí follasach. Sa mhullach ar sin, is breá an áis é an dá fhoclóir a bheith le chéile - is féidir tuiscint ar na bhfocal a bheachtú toisc gur féidir iad a fheiceáil san dá threo. Agus is féidir teanga na mínithe a chuardach chomh maith le teanga na gceannfhocal.

Sa mhullach ar sin, moltar focail atá gar don litriú san fhocal atá á chuardach, agus is féidir foirmeacha seachas an ceannfhocal a chuardach.

Ach siad na nathanna plúr an chnuasaigh agus tá teacht orthu anois ar dhóigheanna a bheadh dodhéanta leis an leabhar. Agus iad uilig chomh in-ghiolctha, i ré seo Twitter!

Is annamh a mholaim an Fhoras ná an Ghúm - ach tá gníomh bhreá fónta déanta acu an uair seo, ach dearna le pé duine go raibh an tuiscint aige ailtire eolais chumasach a thabhairt isteach sa ghníomh!

Fáinne óir orthu!

2013-01-26

Oidhre de Bhaldraithe saolaithe ach ag lámhacán fós!

Seoladh an suíomh don bhFoclóir nua Béarla Gaeilge i rith na seachtaine. Níl anseo ach tús - níl an bunachar ar fad ar fáil fós. Maíonn na heagarthóirí go bhfuil thart ar 30% den iomlán ar fáil anois, roghnaithe chun go mbeadh thart ar 80% de na cuardaithe is coitianta clúdaithe. (Sílim go bhfuil dul amú orthu ansin - gur focail eile atá á chuardach ná mar a bhí súil acu leo)
Tá na hiontrálacha atá ann thar a bheith cuimsitheach agus leagtha amach go snasta. Tá an obair theicniúil thar barr. Tá abairtí samplacha tugtha. Tá fuaimrianta sna trí mór-chanúintí ar fáil freisin do na bun-fhocail.
Sampla maith is ea an iontráil anseo do "face" (Bua eile - is féidir nascadh le hiontráil nó fiú do mhír laistigh d'iontráil - mar shampla gnúis/dreach/cuma )
Dar ndóigh tá saol na Gaeilge lofa le scolardaigh agus saoithíní, agus chonac cúpla clamhsán maidir le leithéidí "bhí gnéas acu" a bheith ann   - tá an leagan "luigh siad le chéile" ann san áit céanna. Aontaím go bhfuil cuma an lomaistriúcháin ón mBéarla ar an gcéad leagan sin. Ach spreagann sin an cheist fealsúnachta: an tuairisciú nó saintreoir ról an foclóirí?  
Tá an cur chuige anseo bunaithe ar chorpais; ach ní mór chuir san áireamh go bhfuil an lán dá bhfuil scríofa sa Ghaeilge comhaimseartha scríofa ag daoine a fhoghlaim an Ghaeilge, agus go bhfuil barraíocht meamraiméise ann. Cé gur dóigh liom féin gur tuairisciú cúram an fhoclóirí, ba mhaith an rud é sílim dá leagfaí béim ar na leaganacha a bhfuil gnás na Gaeilge dúchasaí orthu; le nod ar leith, mar shampla.
Ceist eile ná ceist síor-chonspóideach na canúna: faoi madra mar shampla, cloisfear madra (M), mada (C) agus madú (U) - ach is madra amháin atá scríofa. Is trua sin dar liom.  B'fhiú freisin focail a  bhaineann le canúint amháin a aithint; sampla a luadh agus an cheist á phlé ar Fhóram Daltaí na gasúr san ciall buachaill agus páiste; ní ionann an úsáid sna Gaeltachtaí ar fad. Is dócha gur mian liom é bheith ina ghruth is ina mheadhg agam!
Beidh daoine áirithe sásta gur féidir leo gabháil suas ar a chéile, nó orthu féin, go húdarásach anois: (Bhí duine de'm lucht aitheantais den barúil gur cur amú airgead poiblí a leithéid d'fhocal a bheith ann in aon chor. Ní aontaím; agus pé scéal é is iontach an sampla é don réimse nathaíochta atá sa Ghaeilge i comparáid leis an mBéarla tanaí comhaimseartha!)
Ainneoin gur foclóir Béarla Gaeilge atá anseo, is féidir focal Gaeilge a lorg leis an cuardach chasta - rud a thugann feidhm foclóir Gaeilge-Béarla dó freisin, leis an mbuntáiste go léiríonn na samplaí ceart-úsáid an fhocail i gcomhthéacs.
Tá cuid mhaith deá nathanna aimsithe agam cheana féin i mo thrialacha ann.
Tharraing an costas caint. Bhíothas ag caint ar "costas €6m" a bheith leis. Sílim go láimhseáladh an taobh sin den scéal go holc. Cinnte, caitheadh €6m ar an togra - nó caithfear faoin am go gcríochnaíonn sé le leagan clóite. Ach is infheistíocht i mbonneagar cuid mór den chostas sin. Cnuasaíodh na corpais - táim féin ag baint tairbhe as an gcorpas Gaeilge chun nathanna agus úsáid a chinntiú le blianta anois. Tá Corpas de Bhéarla na hÉireann cnuasaithe freisin; táim cinnte go mbeidh sin ina áis do thograí eile. Go deimhin, tá leathanach ar shuíomh an fhoclóra ag spreagadh iarrachtaí dá leithéid.
Maidir leis an réimse atá ann faoi láthair - is mór an trua nár rinneadh machnamh faoin dteachtaireacht a fhaigheann úsáideoir nuair nach bhfuil an focal san Foclóir. Mar shampla
Níor aimsíodh prescriptive Ar litrigh tú i gceart é? Seo roghanna eile:
Ba cheart dar liom ag an bpointe seo an teachtaireacht sin a leasú chun tagairt a dhéanamh do staid neamhchríochnaithe an togra!
Tá fáilte, is cosúil roimh aiseolas - chuig aiseolas ag focloir ponc ie.
Ar Daltaí bhí duine éigin ag clamhsán faoi sin - ag maíomh go raibh lucht an fhoclóra ag lorg ceartúcháin saor in aisce! Ní aontaím leis sin - sílim gur láidreacht bheadh ann cabhair a lorg ón bpobal; mar sin tar  éis an tsaoil a forbraíodh cuid mhór den idirlíon! Is mithid machnamh áfach ar dóibh éigin chun cabhair dá leithéid a aithint i dtreo is nach sílfeadh daoine go bhfuiltear ag teacht i dtír orthu.
Tús maith! B'fhiú, dar liom, an feitheamh fhada agus tá súil agam nach fada uainn oidhre an Dálach. Níl iomrá cloiste agam ar fhoclóir chuimsitheach Gaeilge-Gaeilge - ba bhreá liom a leithéid a fheiceáil!

2013-01-09

Cín Lín nó Blag, athuair.

De bhrí gur chuir Maitiú tús le blag thosaigh plé athuair ar Twitter faoin téarma Cín Lae.
Bhí míthuiscint orm an uair úd - scríobh mé:
Is é mo thuiscint gurbh amhlaidh go gciallaíonn "Cinn Lae" deireadh lae - agus an gníomh is minic a dhéantaí ann; cuntas a scríobh ar an lá.
Ach focal eile is ea Cín; chuir Dennis ar mo shúile gurbh leabhar is brí leis, agus go deimhin tá an chiall sin luaite in Ó Dónaill. Chuaigh mé ag tóraíocht i DIL agus fuair mé an méid seo:
cín f. (Lat. quinio,  Thurn. Gramm. 571 ) booklet, book (perh. smaller than lebor): 
An brí atá le quinio na Laidine ná quire1 ina bhfuil cúig bileog nó deich leathanach  - sin le rá, an bun leathanach fillte cúig uaire. Glacaim leis gur leanadh an nós céanna atá le quarto agus octavo agus go dtugtaí quinio/cín ar leabhar déanta as quires dá leithéid.

Mar sin, leabhar bheag is ea cín.

Níl aon locht agam dáiríre ar an téarma Cín Lae:

Sílim áfach go bhfuil rogha den chineál céanna le déanamh agus a rinne Micheál Ó Bréartúin ina leabhar Aibhléis - lasmuigh den teideal, bhain sé úsáid as an bhfocal leictreachas de bhrí go bhfuil sé níos éasca comhfhocail a chumadh nó a úsáid leis.
Tá an rud céanna fíor faoi "blag" - blagadóir (nó an téarma eile sin blagálaí a bhfuil beannacht an Choiste aige ach nach maith liom), blagáil, athbhlagáil, blagthacht ...

Pé scéal é, tá blag i nDIL freisin:
blog blag blad blogh Keywords: fragment; piece; bit;
Mar sin, sílim go gcloífidh mé le blag.

Feictear dom dála an scéil go bhfuil an nós sin filleadh buanaithe san córas Eorpach do méid páipéir A0, gan filleadh, A1 agus mar sin de, agus mar sin gurbh ionann cín agus A5.
San plé dúinn phléigh muid focal eile ar leabhar - Dúil  - ar cás speisialta den focal Dúil = elementum atá ann.
As DIL arís:
3 dúil
i,f. Usually transld. book: dul, duil a book, a codex,  O'Don. Suppl. ; but seems rather applied to certain accepted or authorized lists or compilations (poetic glossaries, rhymes, kennings, genealogies) of pre-Christian origin, which were no doubt in early times memorized and handed down verbally and some of which were known by special names (see below)
Tá dúil leis an gciall leabhar agus "dúile feda" luaite ag Dinneen chomh maith, ach níl aon tagairt dó in Ó Dónaill.  


1 ceathrú páipéir atá ag De Bhaldraithe ar quire - ach ní fheileann sin anseo

2012-05-24

An Reacaire i mo phóca

Bíonn seinnteoir MP3 liom go hiondúil ar mo bhealaí, ceann de chuid Sony. Raidió atá ann chomh maith, agus bainim feidhm as chun éisteacht le Raidió na Gaeltachta. Seachas sin is le ceol is mó a bhím ag éisteacht uaidh. Ach oireann sé go maith do chaint, agus go háirithe do scéalaíocht agus filíocht. Tig liom mar sin éisteacht leis an mBab nó Peig: Nó cluas a thabhairt Aniar.
Tá foinse nua aimsithe agam le tamaill áfach. Tá muintir Chló Iar Chonnachta ag bronnadh seoda reacaireachta saor in aisce orainn lena rannóg "An Béal Beo"
Go dtí seo tá Scéalta an Phiarsaigh crochta liom agam. Agus filíocht le Nuala Ní Dhomhnaill, Gabriel Rosenstock agus Máire Mhac an tSaoi.
Sin anois comhluadar léannta ildánach don gcomaitéir bhocht! 
Tá scéalta an Phiarsaigh mós maoithneach, ach léite go seoigh ag Liam Mac Con Iomaire. Taitníonn an fhilíocht liom freisin nuair a bhuaileann an taom mé. Ach is breá an áis an reacaire póca, agus táim thar a bheith buíoch do Chló Iar Chonnachta as an t-ábhar a sholáthar. Cá bhfios nach spreagfaí amach anseo mé le cuid de na leabhair a cheannach (arís!).

2012-05-15

Ambaist!

Bhain mé feidhm as Ambaist! le teann grinn i ngiolc de mo chuid. Mháigh Conchubhar nár chuala sé aoinne á rá le tríocha bliain agus go raibh sé mínádúrtha é a úsáid. Go raibh rud éigin bréagach faoi fiú. Gach seans go bhfuil. Tar éis an tsaoil, cé gur tógadh le Gaeilge mé is cainteoir athdhúchais mé, a tógadh i bhfad ón nGaeltacht. Nuair a bhím ag labhairt Gaeilge is le foghlaimeoirí is mó a bhím á labhairt. Is mó i bhfad an tionchar atá ag mo chuid léitheoireachta ar m'fhoclóir mar sin, cé go mbím ag éisteacht go craosach le Raidió na Gaeltachta agus ag sciobadh nathanna fearacht "Am gliondála" ón méid a chloisim. Luíonn sé le réasún go bhfuil mórchuid den ábhar a léim seanfhaiseanta, scartha amach ó theanga bheo na Gaeltachta, fiú nuair is  údar Gaeltachta de chuid na linne seo, Joe Steve Ó Neachtain nó Maidhc Dainín Ó Sé abair, a scríobh. Níl leigheas ar sin.
Tá gné eile ann. Bíonn mo leithéidí ag iarradh lorg an Bhéarla a sheachaint agus is féidir go mbíonn ró-choigeartú ar bun agam, agus ró thóir ar an nath ársa. Tá ríomhaithne agam ar dhuine a mhaíonn go n-aithníonn sé an fíor nath Gaelach de bhrí nach féidir ciall a bhaint as má aistrítear focal ar fhocal é. (Leithéidí "Go n-éirí an bóthar leat", abair). Sílim an ceart a bheith aige san méid sin cé go bhfuil amhras orm go bhfuil a mhalairt fíor, i. nach nath dúchasach atá ann má tá ciall leis fós má thiontaítear na focail - sampla cáiliúil is ea "Tá fáilte romhat" mar fhreagra ar "Go raibh maith agat". Nath atá sa Bhéarla agus sna teangacha a bhfuil teagmháil acu leis. Nílim féin cinnte nach an bealach eile thart a bhí sé an uair seo - sna teangacha eile ar an Mór Roinn is rud éigin fearacht "le'd thoil" a bhíonn mar fhreagra i gcás mar é, nó "Na habair é".
Pé scéal é, tá sé i gceist agam an méid a léim a scagadh do nathanna, agus gan a bheith ró bhuartha faoi cé chomh hársa is atá siad chomh fada is a tuigtear mé. (Dála an scéil tá 70 amais do Ambaist sa chorpas).
Bhí plé spéisiúil eile againn ar théarmaíocht agus claonadh agam aontú le tuairim Conchubhair nach bhfuil "Cobhsaíocht" nádúrtha mar cur síos ar an seasmhacht i gcúrsaí airgeadais a mhaítear a bhronnfaidh an conradh úd orainn. Agus bhí an plé maidir le drong smaointeoireacht" (Moladh "Aonghusa) nó "sluasmaoineamh" nó fiú "sluamachnamh" a bhí againn le déanaí thar a bheith tairbheach dar liom. Ag deireadh an lae, beatha teanga a labhairt - agus buanú teanga an nathaíocht agus an sáraíocht scríofa ar líne!

Aguisín: Fuair mé an fhreagra seo ó Mharcus ar Twitter: "Theip orm seo a d'fhágaint ar do bhlag ar chúis éigin. Tá 'ambaist' beo i gCorca Dhuibhne. Ó bhéal déagóra a chuala le déanaí é."

2011-10-27

Iarmhaireacht

Maidin spéirghealaí. An Bodach ó dheas, an Céachta ó thuaidh. Cruinneachán na cruinne léirithe ag réaltbhuíonta. Aibhleoga eitleáin ag sciorradh tharstu. Bealach na Bó Finne ceilte ag solas sóid na sráide. Anáil á chuisniú ina ghal. Sráidbhaile tréigthe. Stad bus. Cruit ar chomaitéara ón bhfuacht.


Iarmhaireacht: Dinneen The loneliness felt at cock-crow. Luaite i sár leacht Titley aréir. Breis ar ball LCD.

2011-01-28

Gabhra Lir

Tonnta, le Sean O'Flaherty
Sheol an méid a scríobh Dennis inniu mé i dtreo Foclóir an Dálaigh. Agus go deimhin tá lear leis an gciall bóchna le fáil ann; i measc lear mór lir eile! Bhí crostagairt ann do Ghabhar (each bán) - agus faoi sin fuair mé an cur síos iontach ar eacha Mhanannáin - Gabhra Lir nó Gabhra réin - focal eile ar an bhfarraige is ea rian, is cosúil.

Maidir le mo cheist féin maidir le Lear maíonn Maier ina Lexikon der keltischen Religion und Kultur gurbh sna meánaoiseanna a samhlaíodh Lear mar ainm athair Mhanannáin, agus ionannú á dhéanamh le pearsa Oidhe Chlainne Lir agus an athair sin. Ach gurbh sine Tiarna Emain Ablach, agus gurbh tagairt dá ríocht fóthoinn is ea an Mac Lir.

2011-01-13

Múnlú agus claochlú focail

Píosa ag Eric Raymond ar "Hacker", "cracker", "geek" agus "nerd" a chuir ag machnamh mé ar ciall focail, agus conas mar a athraíonn siad: agus conas mar a bhíonn ciall éagsúil orthu ag lucht ceirde seachas an ciall atá ag daoine nach den gceird iad.

Moladh is ea "hacker" i measc lucht forbartha bogearraí go hiondúil, go hairithe lucht Linux. "Seifteoir" a bheadh agamsa air as Gaeilge. "Cracker" a thugtar sa chultúr sin ar dhaoine a bhriseann rudaí - ach sin an brí a bheadh ag hacker sna meáin. (Agus ag focal.ie, a thugann bradaí mar leagan Gaeilge air! Brí 3a an leagan dearfach, agus 3b an diúltach ag OED)

Maidir le geek, ba mhasla é, agus feicim go bhfuil "geocach [ríomhaire]" molta ag focal.ie. Ní dóigh liom go mbéinn sásta go dtabharfaí geocach orm! Tá geek féin síolraithe as focal Albanach ar ghramóg nó óinmhid. Focal atá gaolta le Jeck na Gearmáine, atá fréamhaithe i gnásanna an carnabhal. Ach feictear dom go bhfuil geek moltach anois sa Bhéarla.

Ach ní dóigh liom go bhfuil nerd moltach fós. Feileann moladh focal, saoithín mar sin!

2010-12-11

An Bradaí gach Hacker?

Chuas sa tóir ar Hacker ar focal.ie toisc gur theastaigh uaim Gaeilge a chuir ar Hacktivist d'alt thíos.

Bradaí an téarma atá ann; mar sin mhúnlaigh mé bradghníomhaí. D'fheil sin don chiall a bhí uaim.

Ach is amhlaidh go bhfuil bríonna eile ag Hacker - cuid acu dearfach. Go deimhin, ó thús is brí dearfach a bhí in uachtar - duine a raibh ar a chumas rudaí cliste a dhéanamh le ríomhaire, nó go deimhin nithe eile. Bhíomar á phle seo ar na mallaibh Tí Dennis agus Sugru faoi chaibidil againn. Shocraigh muid ar "seift" mar Ghaeilge ar Hack.

Mar sin, céard faoi seifteálaí don chiall dearfach? Daoine fearacht Larry Wall nó Eric Raymond?  Sár seifteálaíthe iad beirt!

An síbín é seo?

Úsáidtear an a comhartha "#!" ar a dtugtar shebang ar chóras Unix chun cuir in iúl don gcóras oibriúcháin go bhfuil eolas ag teacht maidir le cén léirmhínitheoir atá lé n-úsáid leis an script a thosaíonn leis.

Agus inniu tháinig mé ar alt a nascann shebang le síbín....