Tamall siar scaip @edil_dictionary an nasc chuig "callann" eadhon kalend na Laidine, .i. céad lá na míosa. Bunús Lá Caille - mar caileann atá sé ag Ó Dónaill.
Luaigh @riadach go raibh tagairt dó "Lá Coille" ag Amhlaoibh Uí Súilleabháin agus timpeallghearradh luaite leis. Chuir sé sin mearbhall orm agus chuaigh mé ag tochailt.
Seo an tagairt:
CINNLAE AMHLAOIBH UÍ SÚILEABHÁINTháinig mé ar thagairt do thimpeallghearradh ar seanmóir Lá Coille ag an Athair Pheadar:
1834
MI GIONBHAIR - Gach la line. An cead la .i. la 'anodlag beag .i. dia ceadaoin .i. la an Timchiollghearradh. - Creidim gur air an la so glaodhaid na Ciaruighig "la Coilleadh";
oir is ionnan coilleadh agus gearradh no timchiollgearradh.
Nuair a bhíodar araon sa n-aois sin do labhair Dia le h-Ábhraham agus d'órduigh sé dhó tímpalghearradh do dhéanamh air féin agus ar gach duine fireann.Ansin is ea rith sé liom go bhfuil Lá Coille ocht lá i ndiaidh Lá Nollaig:
Nuair a bhí ocht lá caite agus é le timpeallghearradh, tugadh Íosa mar ainm air, mar a thug an t‑aingeal air sular gabhadh sa bhroinn é. Lúcás 2:21
Tráthúil go leor bhí plé ar Twitter freisin faoi amhrán Nollaig a bhíodh ag Peig Sayers agus a chan Aodán Ó Ceallaigh ar an gclár Bladhaire, agus amhránaí Déiseach eile Ciarán Ó Gealbháin ar chlár Mhuireann Nic Amhlaoibh, agus tá sé ar fáil ar an CD Déan Gáirdeachas ag Cór Fear na nDéise. Tráthúil mar go bhfuil an véarsa seo leanas ann (aimsithe i gcnuasach Dúchas - ach tá sé sa leabhar Labharfad le Cách freisin):
Is ocht lá na déid sin-
'Seadh glaodhtar la 'Coille air-
I dTeampall na Trionóide.
'Seadh doirteadh an Fhuil Mhilis
Dá chur in-iúl dóibh siúd
Gur scéal é a bhí Chuige
Bheith ag fulaing na daor-pháise
Is ag iomchar na Croise.
Tháining Seaghan Mac an tSionnaigh ar léamh eile ar an gceist as Albain, san leabhar Carad nan Gàidheal i gcaibidil faoi Saobh-Chrabhadh na nGaidheal
Bha e 'n a chleachdadh am measg nan Gàidheal, 's na linntibh a chaidh seachad, beachd sònraichte 'ghabhail air na neoil, agus air àirde na gaoithe, air ceud oidhche na bliadhn' ùir'. Air an oidhche so, ma tha a' gbaoth o'n àird' an iar, tha sin anabarrach sealbhach, rathail; agus their iad ris, uime sin, " Dàir-na-Coille" — 's e sin, oidhche anns am bheil beatha ùr air a cur anns na craobhan, no anns a' choille ; agus tha daoine fiosrach ag ràdh, gur ann uime sin a thugadh oidhche-choinnle, no choille, mar ainm air an oidhche so.
Bha meas mòr aca air a' ghaoith 'n iar, mar tha na sean-fhocail ag innseadh dhuinn : —
Gaoth à deas, teas 'us toradh ;Gaoth o'n iar, iasg 'us bainne ;Gaoth à tuath, fuachd 'us gaillion;Gaoth o'n ear, meas air crannadh.