Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-12-05

Sa Teach seo anocht


Úrscéal gairid, úrscéilín dáiríre atá anseo. Caibidlí gairide. Sruth comhfheasa fir atá á intinn déanta suas aige a bhean, a bhfuil a ghrá di fuaraithe a thréigean. Agus an tig inar tógadh é. Agus a mhac, a bhfuil grá aige fós dó. É diongbháilte imeacht ar maidin. Scéal coitianta faraor. 

Tá teannas san insint, gnéithe den scéal á nochtadh diaidh ar ndiaidh. Ach mar a bheadh sceitse a fhágann fairsinge don léitheoir ionannú leis an reacaire. Macalla de tragóidí bheaga saol aon duine a thug grá seal agus ar tháinig athrú ar an gcaidreamh - agus ní dócha go bhfuil mórán fear nach n-aithneodh tréithe acu san reacaire. Is obair leanúnach caidreamh ar bith seachas finscéal sona amach ón bpósadh go bás. 

Luaigh Mícheál agus é ag caint ar An Cúinne Dána ar RnaG gur insint an fhir amháin atá anseo. Ach tugtar go leor eolais le go gcuirfeadh an léitheoir a léamh f(h)éin ar an scéal. 

Thaithin an scéal go mór liom, ainneoin a truamhéalaí is atá an ábhar. Agus tá an insint snasta. Mórán d'aon ráig amháin a léigh mé é. Bheadh freisin murach go raibh obair le déanamh! 

Táim buíoch de Chló Iar-Chonnacht a chuir cóip léirmheasa chugham. Tá oiread leabhair maithe foilsithe le déanaí gur dócha go mbeadh an ceann seo éalaithe uaim! 



Sa Teach seo Anocht
Mícheál Ó Conghaile
Cló Iar-Chonnacht