Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Mícheál ó Conghaile werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Mícheál ó Conghaile werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2025-04-23

Gearr gonta - filíocht don ré greimeanna gasta

Sheol Cló Iar-Chonnacht cóip léirmheasa den gcnuasach seo a roghnaigh Micheál Ó Conghaile. Céad dán le céad file, iad ar fad gairid. Gearr gonta. An-éagsúlacht sna dánta mar sin féin. In ord aibítre ainmneacha na bhfilí atá na dánta - mar sin níl aon aicmiú de réir téama ná a leithéid ann. Leabhar breá le n-oscailt gó fánach féachaint cad air a thagann tú! 

Tá an leabhar féin an-deas. Clúdach crua, cló shoiléir, ribín chun d'áit a aimsiú arís. Oiriúnach le hiompar i bpóca. Agus rogha céad file ann, aimseoidh cách rud éigin.
 
Splancéigse. Oiriúnach do ré an théacsteachtaireacht gearr gonta.  Splancanna a lasfaidh tinfeadh. Bhain mé sult as, agus fillfidh mé air cinnte.
 
Gearr Gonta
Micheál Ó Conghaile a chnuasaigh
ISBN: 9781784442941
Cló Iar-Chonnacht Clib:  
 

2025-04-22

An Bhlaosc sa mBois

Le linn Covid bhí mé sa lucht féachana nuair a chuir Mícheál Ó Conghaile leagan den scéal seo i láthair, mar chuid de Fhéile Fíorúil Cúirt. Togra dhinnseanchais i gcomhar le scríbhneoirí Maori. 

D'fhás an scéal agus rinneadh nóibhille de. Seanfhear a fhaigheann iarsma an deirfiúr nach bhfaca sé riamh, a cailleadh roinnt bliain sular rugadh é. I dTuaim, in áras an mhíchlú. Blaosc. Tugtha ar lámh dó - é le tuiscint gurbh é sin an chinneadh a ghlacadh faoi dheireadh maidir leis na taisí.
 
Seanfhear fágtha leis féin a fhaigheann an bosca diamhair. Gan fhios aige cad is ceart a dhéanamh. Téann sé ar camchuairt an cheantair, ag seanchas agus ag roinnt chuimhní leis an mBlaosc. Liodán logainmneacha. Ach stair, seanchas agus cuimhní ag baint le gach logainm acu, agus an seanfhear á dtabhairt chun cuimhne, agus ag samhlú an páirt go mba cheart a bheith ag a deirfiúr iontu.   

Stair an chine, stair an teaghlaigh, agus fealsúnacht. Le tuiscint gur gar a chuaigh sé féin don gcinniúint céanna nuair a bhásaigh a mháthair de luí seoil. Murach daoine a sheas leis agus a thug dúshlán an tsagairt mhór. Agus dá réir don smacht poiblí arbh ionchollú air cumhacht na sagart. Mar a dúirt Séamus Ó Lorcáin, is cionn is go bhfuilimid ar an nglúine a bhfuil cuma mór ar na Móir. Éirímis. (Níl na sagairt mór feasta, ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil smacht agus "Móir" ann).
 
Scéal fiúntach, lón machnaimh. Eipic - mar a mheabhraigh Kavanagh ina dhán dúinn, níl mioneachtraí ná mion-áiteanna mion dáiríre. 

Mícheál Ó Conghaile
ISBN: 9781784442736
Cló Iar-Chonnacht.

2021-01-29

Liam Ó Flaithearta - Rogha Scéalta

Is éard atá sa chnuasach seo ná scéalta a foilsíodh as Béarla, roghnaithe agus aistrithe ag Mícheál Ó Conghaile. Níl mórán de shaothair Uí Fhlaithearta léite agam, agus an méid a léigh is i bhfad ó shin a léigh.

Bhraith mé neart agus úire sna leaganacha seo. Na cinn a phléann le dúlra go háirithe, nó le caidreamh idir beirt - ceann acu sin lonnaithe i gCúba fadó! Tá na scéalta sin uilíoch agus lasmuigh den stair ar bhealach.

Roinnt de na scéalta eile, shíl mé barraíocht dá ré ndearóil a bheith ag baint leo ach iad cumhachtach mar sin féin. 

Tá Liam Ó Flaithearta tugtha abhaile ar bhealach ag Ó Conghaile - oireann an Ghaeilge na scéalta seo. 

Tá aguisín spéisiúil curtha aige leis an leabhar - scéal luath dá chuid féin faoi bhó faoi dháir, a aithníodh mar "Scéal Flaitheartach".

Agus tá an dornán dánta Gaeilge leis an bhFlaitheartach in aguisín eile. 

Bhain mé sásamh as an gcnuasach seo! Is maith ann é. 

2019-12-05

Sa Teach seo anocht


Úrscéal gairid, úrscéilín dáiríre atá anseo. Caibidlí gairide. Sruth comhfheasa fir atá á intinn déanta suas aige a bhean, a bhfuil a ghrá di fuaraithe a thréigean. Agus an tig inar tógadh é. Agus a mhac, a bhfuil grá aige fós dó. É diongbháilte imeacht ar maidin. Scéal coitianta faraor. 

Tá teannas san insint, gnéithe den scéal á nochtadh diaidh ar ndiaidh. Ach mar a bheadh sceitse a fhágann fairsinge don léitheoir ionannú leis an reacaire. Macalla de tragóidí bheaga saol aon duine a thug grá seal agus ar tháinig athrú ar an gcaidreamh - agus ní dócha go bhfuil mórán fear nach n-aithneodh tréithe acu san reacaire. Is obair leanúnach caidreamh ar bith seachas finscéal sona amach ón bpósadh go bás. 

Luaigh Mícheál agus é ag caint ar An Cúinne Dána ar RnaG gur insint an fhir amháin atá anseo. Ach tugtar go leor eolais le go gcuirfeadh an léitheoir a léamh f(h)éin ar an scéal. 

Thaithin an scéal go mór liom, ainneoin a truamhéalaí is atá an ábhar. Agus tá an insint snasta. Mórán d'aon ráig amháin a léigh mé é. Bheadh freisin murach go raibh obair le déanamh! 

Táim buíoch de Chló Iar-Chonnacht a chuir cóip léirmheasa chugham. Tá oiread leabhair maithe foilsithe le déanaí gur dócha go mbeadh an ceann seo éalaithe uaim! 



Sa Teach seo Anocht
Mícheál Ó Conghaile
Cló Iar-Chonnacht