Píosaí liom in áiteanna eile:

2019-12-09

Anseo!

Bainim taitneamh as giolcaireacht Úna-Minh agus cuireann an ciníochas a bhíonn uirthi cuir suas leis colg orm. Maith go leor, bhíomar in adharca a chéile uair nó dhó mar gur mór agam cruinneas agus sanasaíocht agus is deacair idirdhealú idir beachtaireacht (nach mbím ag iarraidh dhéanamh) agus fiosracht saoithín (a bhfuilim ciontach as agus ar deacair orm smacht a choinneáil air).

Fuair mé géarú goile don leabhar le linn an Red Line Book Festival nuair a labhair sí agus léigh sleachta as an leabhar in Áras Chrónáin. 

Tá trí ghné leis an leabhar. A huchtú ag bean singil as Éirinn a thóg anseo i lena hathair sise, iar Gharda de bhunadh na Gaeltachta. Tógáil lán ghrá ainneoin go mothaíonn sí colm an uchtaithe. Ach tógáil oscailte freisin a lig di fréamh láidir Éireannach Gaelach a chuir síos gan neamhaird a dhéanamh ar a hoidhreacht san Vítneam. An dá fréamh fógartha go mórtasach ina hainm - Úna-Minh. 

Tionchar a dhaideo a thug di grá agus cumas sa Ghaeilge, agus na laethanta saoire in Iarthar Dhuibhneach i measc gaolta agus cairde. Ardú croí ó thús deireadh. 

Faraor ansin an taobh dorcha de gan a bheith ag teacht leis an gcuma a shíleann lucht na haigne iata gur cheart a bheith ar Éireannach. An síor cheist "cárbh as dhuit dáiríre". Ionsaithe ar líne agus san fíor saol. Ionsaithe a chreimfeadh muinín duine níos íogaire. 

Bail ó Dhia ar Úna-Minh a shocraigh gan géilleadh agus bheith láidir. (Bheadh claonadh ionam féin admhaím cúlú go limistéar sábháilte). 

Tríú chuid spreagúil faoin obair ceannródaíoch atá á dhéanamh aici mar saoroibrí sna meáin dhigiteacha, ainneoin an streachailt síoraí obair a aimsiú. Feidhm á bhaint aici as a spéis sna cluichí ríomhaireachta chun an Ghaeilge a chur chun cinn! (Seanduine dóite mise gur beag a spéis i gcluichí ríomhaireachta, mar sin admhaím go raibh roinnt de nár thuig mé in aon chor). 

Tá an leabhar snasta eadrom agus go leor nathanna cuí Ghaeilge móide aistriúcháin Béarla i mboscaí tríd síos. Mar a chuireann sí féin frása an lae amárach ar Twitter. 

Thug mé an leabhar ar ais go pras go dtí an leabharlann, mar dúradh liom go raibh scuaine neamhghnách ag fanacht leis! 

Lón machnaimh fiúntach agus dearcadh dearfach ar roinnt ceisteanna atá beo - uchtú, féiniúlacht, ciníochas, saorobair agus an Ghaeilge a choinneáil beoga agus a scaipeadh. 

New Island Books a choimisiúnaigh agus a d'fhoilsigh - toradh indíreach ar an chaoi a chuaigh Úna-Minh i ngleic le hionsaí gránna ciníoch uirthi féin in Áth Cliath.... 

https://www.newisland.ie/nonfiction/anseo

Bail ó Dhia ar a gcuid oibre!