2023-04-22
An chónaidhm shóisialta
2022-05-26
Le giolcadh an línseora
Tá alt ag Conchúr Caomhánach san eagrán is déanaí de Léann Teanga: An Reiviú - "Códswitcheáil agus códmixeáil: iniúchadh ginearálta ar an gcódmheascadh Gaeilge-Béarla ar na meáin shóisialta"
Rinne sé iniúchadh ar leith ar na leaganacha a bhaineann le Twitter agus Tweet. Ag giolcaireacht a bhíonn mé féin, ó thosaigh mé cuntas @anciorcal i Feabhra 2011 I( scoilt @aonghusoha uaidh tar éis tamaill mar do raibh fonn orm mo thuairimí féin a thabhairt agus cuireadh ar mo shúile dom nach raibh sé cuí sin a dhéanamh faoi ainm ghrúpa). Is maith liom giolc agus na foirmeacha eile a bhaineann leis mar go bhfuil sé éasca iad a sní isteach in abairt Ghaeilge - agus leithéidí Údarás na Giolcaireachta a chumadh. Níorbh mé an chéad duine le Gaeilge ar Twitter ná baol air, agus bhí díospóireacht bhríomhar faoi théarmaíocht ag an tús, agus cúpla leagan in íomaíocht. Rinne mé fein roinnt tochailt, agus d'iarr mé ar Kevin Scannell roinnt tochailt a dhéanamh ina chorpas.
@conn Fáilte. Ni raibh fhios sin agam! Agus sin focal nua dom, giolcadh. Is dócha go bhfuil míniú eile air chomh maith?
— Donal (@donal) November 23, 2008
Bunaithe ar roinnt tochailte eile is cosúil gurb í Roseanne Smith (a bhíodh gníomhach ar Twitter faoin ainm @enormous ach atá imithe ó shin) a bhí laistiar de @giolcairithe - bot a rinne athghiolcadh ar giolcanna as Gaeilge. Is dócha mar sin gurb di atá an creidiúint ag dul as an téarma a cheapadh ar Tweet.
A chairde, tá @giolchairithe múchta agam ar feadh tamaill. Táim ag iarraidh cúpla rud a dheisiú. LDG @enormous
— giolchairithe (@giolchairithe) April 24, 2010
2021-04-11
Clébhord, deasbhord, casadh agus jeidhb
Ar an gcéad amharc shíl mé gur traslitriú gránna a bhí ansin. Chuir mé ceist ar Dáithí de Mórdha an raibh leagan níos deise aige. Mhol sé siúd dom dul i dteagmháil le Padraic de Bhaldraithe. Rinneas.
Chuir sé siúd ar mo shúile dom gur jeidhb agus jeidhb amháin atá cloiste thiar aige le suas is anuas le caoga bliain i measc lucht na mbáid. Agus, seachas dornán focail de bhunadh Lochlannach gurb ón mBéarla a thagann mórán de théarmaíocht na báid. Bhí sé de cheart agam níos mó muiníne a bheith agam as an gCoiste Téarmaíochta – ainneoin go bhfuil cúpla sraith de Bhádóirí feicthe agam ar TG4 agus mé eolach dá réir ar phobal bríomhar Gaeltachta atá gafa le geallta báid, níor rith sé liom gur dócha go raibh urra maith Gaeltachta leis an gcnuasach cuimsitheach téarmaíochta atá curtha ar fáil acu.
Is eagal liom nach bhfuil mé saor an ngalar “MÁRSA” mar a thug Tomás Mac Síomóin air – caitheamh i ndiaidh an rud ársa, nó ar a laghad an rud ar a bhfuil cuma ársa air. Seachas teanga beo na Gaeltachta. Luíonn sé le ciall go mbeadh na focail tógtha ón teanga inár cuireadh an teicneolaíocht i láthair na ndaoine. Na curacha féin, is oifigeach de chuid an Gharda Cósta a chuir na Gaeil á dtógáil san naoú aois déag.
Tá leaganacha deasa fileata ar clébhord agus deasbhord sna foclóirí – “bord na sceathraí” agus “bord na heangaí”. Ach ar an gcéad dul síos, baineann siad sin le treo na gaoithe seachas treo an árthaigh – an té a chaitheadh dríodar éisc isteach sa ghaoth ní dócha go ndéanfadh sé an dearmad céanna arís! Agus ar an dara dul síos is soiléire go mór clébhord agus deasbhord ná na leaganacha port agus starboard – don té nach eol dó go raibh an stiúir ar deasbhord sna longa fadó!
Ar ndóigh, mura bhfuil na téarmaí in úsáid againn is cuma cé chomh cruinn is atá na foclóirí! Ach is maith ann iarrachtaí leithéidí an Choiste Téarmaíochta chun iad a thaifid agus a chuir ar fáil.
2021-04-06
Forlíonadh síne
-7 => 0b1001
-6 => 0b1010
-5 => 0b1011
-4 => 0b1100
-3 => 0b1101
-2 => 0b1110
-1 => 0b1111
0 => 0b0000
+1 => 0b0001
+2 => 0b0010
+3 => 0b0011
+4 => 0b0100
+5 => 0b0101
+6 => 0b0110
+7 => 0b0111
Feictear go bhfuil 1 mar an giotán is suntasaí do na huimhreacha faoi náid agus 0 do na huimhreacha os a chionn (agus náid féin). Tugtar an giotán síne ar seo. Má tá athróg le cuir i bhfocal níos leithne, is gá an giotán sin a líonadh isteach.
0b1000 => 0b1111_1000
Agus 7:
0b0111 => 0b0000_0111.
I gcás an ríomhtheanga C is féidir leis an ríomhchláraitheoir nod áirithe a thabhairt don tiomsaitheoir tríd cineál athróige “unsigned” – gan sín a úsáid.
int b = (int) a & 0xFFFF;
... agus sin an fáth go bhfuil an racht seo á scaoileadh agam.
2020-09-01
Gogamán
Go bhfios dom is focal Feirsteach atá anseo, ar duine a thugann aire do leanaí dhuine eile. De bharr leathtagairt a chuala mé féin ar leagan cainte do Síle na nGog mar an ainm an na híomhánna meánaoiseacha úd, plé a lean ar aghaidh ar an gclár go dti gogaide agus a léithéad, tharraing @Beirneach anuas an cheist faoi Gogamán ar Twitter. Bhí Iarla den tuairim gur le teann magaidh a thug bean as Tír Chonaill an focal do Mhuintir Béal Feirste.
Tagann sin leis an sainmhíniú atá ag Ciarán Ó Duibhín anseo: faoin ceannfhocal - Baby-sitter deir sé
gocamán (so used in Belfast, from Rannafast word for a hen set to hatch another's eggs; in Scotland the word is applied to the bird that hatches the cuckoo's eggs)
Tá cúpla brí ag Dwelly ar gocamán:
gocaman: /gɔxgəman/ fir. gin. ⁊ iol. -ain 1 usher 2 attendant 3 minder
Dar le MacBain:
an usher, attendant, sentinel, or look-out man; Martin's (Western Isles, p.103) gockmin, cockman; from Scandinavian gok-man, look-out man (Arms.; Mackinnon says it is Danish). For root, cf. German gucken, peep. Norse gauksman; gauk maðr, cuckoo man. Norse gaukr, cuckoo; Scottish gawk.
Níor aimsigh mé fianaise don focal gauk maðr ach tá do maðr :
<maðr> man, person; husband; henchman -- [Pokorny manu-s, or monu-s :: man, human being]
Ach freisin
Gocaman - Gauk-madhr (Lochlannais)
Cuthag - Cuckoo (Gàidhlig)Gowk - Cuckoo/Idiot (Beurla Ghallda/Scots)Hunt The Gowk Day/Latha Ruith na Cuthaige (April Fools)
Tá an focal "gog" ann mar leagan leanbaí ar ubh; agus tá bheith ar do ghogaide. Tá an focal "gawk" ar amharc (amaideach no míbhéasach) as Béarla; agus guck sa Ghearmáinis.
Is é mo thuairim féin áfach gur anall thar Sruth na Maoile agus roimhe sin ó Críocha Lochlainn a tháinig an focal, ag athrú brí diaidh ar ndiaidh. Agus ansin le casadh eile ó Rann na Feirste go Béal Feirste, agus ar ais - is cosúil! Murach cobcan na Tromdháimhe bheinn lán cinnte!
2020-09-02 Aguisín
Tar éis dom an méid thuas a chuir le chéile, chuaigh Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh (@Beirneach) ag tochailt arís, agus tháinig ar nithe éagsúla."Banaltra na cuaiche," atá ag muintir Chonnacht ar an riabhóig móna. "Coimhdre na cuaiche," atá ag muintir Thír Eoghain uirthi. Tá "gobadán na cuaiche," agus "an giolla cuaiche" ag na Muimhnigh uirthi, agus tugtar "éinín na cuaiche" uirthi freisin.
Saoghal Éanacha, Seán Mac Giollarnáth, 1925
Aguisín breise: Corpas an Fhoclóra agus Gaois.
Bhí gocamán eile inár measc darbh ainm Fred a raibh nead theolaí déanta aige . -- Diarmaid Ó Gráinne, An Traimp2012-05-15
Ambaist!
Aguisín: Fuair mé an fhreagra seo ó Mharcus ar Twitter: "Theip orm seo a d'fhágaint ar do bhlag ar chúis éigin. Tá 'ambaist' beo i gCorca Dhuibhne. Ó bhéal déagóra a chuala le déanaí é."