2025-11-16
Fiche bliain ag blagadóireacht....
2023-04-09
B'é fáth mo thosta....
.
![]() |
| Ernst Barlach, Der Zweifler |
.. idir Nollaig agus Inid go raibh lagar éigin - colainne agus/nó spride - orm a d'fhág easpa fuinnimh agus flosc orm. D'imigh sé cibé, ach bhí an Charghas linn agus ní nós liom aon rud a fhoilsiú anseo sa Charghas. Ní mór dom a admháil áfach gur thosaigh mé ag breacadh rudaí síos - na leabhar a bhí sé fúm le fada iad a bhlagáil ina measc - agus a bhfoilsiú a sceidealú. Beidh mír in aghaidh an lae á fhoilsiú go ceann tamaill dá réir.
2022-05-27
Seandálaíocht idirlín
Ina blagmhír inniu luaigh Áine nach raibh fhios aici cad a d'imigh ar http://miseaine.blogs.ie/. Ní ann don freastalaí blogs.ie níos mó - is minic a tharláíonn a leithéid. Dá bhrí sin, thug an meitheal laistiar de archive.org faoin bhfadhb a mhaolú i bhfad ó shin. Baintear feidhm as bogearra ar leith - ransaitheoir gréasáin a chuardaíonn an idirlíon agus a dhéanann cnuaschóipeáil ar na torthaí. Cuireann siad roinnt de na torthaí i dtaisce - "snapshot" - "roghbhlúire".
Tá fáil ar na torthaí seo tríd an "Inneal dul i bhfad siar" ar leathanach archive.org. Is féidir seoladh idirlín ar bith a chuir isteach ansin, agus má tá fáil ar sa chnuasach, taispeánfear féilire de na roghbhlúirí atá ar fáil. Ach brú ar chiorcal thart ar dháta, cuirtear nasc chuig an roghbhlúire ar fáil. Má bhrútar ar an nasc sin, léirítear an leathanach de réir an eolas a fuarthas. Laistigh den chóip den leathanach, oibríonn nascanna mar a dhéanfadh sa bhunleagan, ach gur go dtí cóipeanna eile san taisce a ghabhann siad.
Oibríonn an chóras ana mhaith de chuid den ábhar ar an idirlíon - HTML nó rudaí eile atá ar "dromchla" an idirlín. Uaireanta cuirtear rudaí ar fáil ar éileamh ó bhunachar sonraí, agus ní bhíonn fáil ag an ransaitheoir ar a leithéídí sin. Bíonn sin i gceist go háirithe do rudaí nach bhfeictear gan logáil isteach i freastalaí.
Ach is éachtach an obair atá ar bun ag archive.org - is féidir deontas a cuir ina dtreo anseo. (Déanaim féin amhlaidh, cúpla euro in aghaidh na míosa).
2016-11-03
An tOllríomhaire i mo phóca
Le tamall anois is tríd aip ar mo ghuthán póca atá mé ag breacadh na smaointe fánacha seo, toisc go mbím ag taisteal ó cheann ceann an líne DART fé dhó sa ló, am le meilt agus ceangal WiFi ar fáil.
Go deimhin, is annamh a bhainim feidhm as an ngléas chun glaoch guthán a chuir. Ach bainim feidhm as seasta mar teirminéal idirlín, agus chun grianghraf a ghlacadh. Tá gléas ar leith agam fós chun éisteacht le ceol agus mé ar an mbóthar, ach tá ar chumas an fóin a leithéidí a dhéanamh freisin. Glacadóir FM atá ann freisin, agus glacadóir loingseoireachta. Go deimhin, tá dosaen éigin feidhm raidió ann, Bluetooth, WiFi, an bunchóras teileachumarsáide, GPS, cumarsáid garraoin...
Gléas ilfheidhmeach ilmheáin.
Bhíodh mana fadó ag Sun gurbh é an líonra an ríomhaire. Bítear ag trácht coitianta ar néalríomhaireacht - níl ansin ach an leagan is déanaí den mhana sin, crua earraí scaipthe tugtha le chéile ag bogearraí chun tásc a chuir i gcrích.
Tá gné nua anois, agus na fathaigh idirlín fearacht Google agus Facebook ag cnuasach agus ag scagadh sonraí. Fágann an ollmhéid sonraí a chuirimid ar fáil dóibh go bhfuil scóip ar leith ag modhanna staitisticiúla chun brí a bhaint as na sonraí céanna.
Níl sin gan chonspóid, mar ag deireadh an lae is daoine atá ag dearadh na halgartaim, ní cinnteacht eolaíocht nádúrtha atá i gceist. Tuigtear le fada go ndéantar an rud a thomhaistear. Tá léargas maith ar an gceist ag Antain Ó Lachtnáin anseo (as Béarla)
Is éachtach an athrú atá tagtha ar chúrsaí ríomhaireachta ó bhí mise ag clóscríobh go pianmhar clár fhada FORTRAN i teirminéal mall Vax a bhí á roinnt agam le scata mór mic léinn go inniu, nuair atá ollríomhaire ilnasctha i póca mo léine. Sin uilig lastigh de tríocha éigin bliain.
Tá deiseanna agus baol ag baint leis, ar ndóigh.
2015-11-13
Deich bliana ag blagadóireacht
![]() |
| Blagmhír scríofa de réir míosa |
Léamh a dhéanann duine iomlánAllagar duine deisbhéalachScríobh duine cruinnFrancis Bacon
2014-10-07
An curadh mhír
2014-09-12
Dar mo leabhar!
Tá blagadóir misniúil nua inár measc, atá mar aidhm aici léirmheas a dhéanamh ar leabhar in aghaidh na seachtaine, agus nach gcuireann fiacail ann mura dtaitníonn leabhar léi. Dúradh an méid seo léi i rphost le déanaí:
"Léirmheastóirí eile taitníonn gach leabhar faoin spéir leo"
— Léirmheastóir (@SayersPeig) 10 Meán Fómhair, 2014
Ach tá i bhfad níos mó saothair Gaeilge léite agam ná mar a bhfuil tagairt déanta agam dóibh anseo. Scaití, níl na leabhar críochnaithe agam ceal pléisiúir. Uaireanta eile is le drogall agus díomá a chríochnaigh mé iad. Ní luaim anseo iad, mar go mbím sásta bheith réidh leo!
Tá cúis eile le mo dhrogall bheith ag foilsiú léirmheas cainteach anseo; ar feadh cuid mhór de mo shaol gairmiúil, is cuid tábhachtach de mo chuid oibre ná anailís chriticiúil a dhéanamh ar cháipéisí agus ar bhogearraí - ag lorg fabhtanna. Cothaíonn sin meon aigne sách doirbhíoch, diúltach.
Tá faoiseamh aigne mar sin, agus só bhreise, a bheith ag canadh molta leabhair a thaitin liom.
Agus sin mo scéal.
Guím súil grinn agus muineál teann ar an Léirmheastóir áfach, treise léi. Is obair fónta, riachtanach atá ar bun aici.
2013-04-01
Tranglam smaointe
2013-02-11
Carghas chughainn
Beidh mé i mo thost anois go mí Aibreáin, mar is nós liom don Charghas.
2013-01-09
Cín Lín nó Blag, athuair.
Is é mo thuiscint gurbh amhlaidh go gciallaíonn "Cinn Lae" deireadh lae - agus an gníomh is minic a dhéantaí ann; cuntas a scríobh ar an lá.
cín f. (Lat. quinio, Thurn. Gramm. 571 ) booklet, book (perh. smaller than lebor):
Mar sin, leabhar bheag is ea cín.
Níl aon locht agam dáiríre ar an téarma Cín Lae:
Sílim áfach go bhfuil rogha den chineál céanna le déanamh agus a rinne Micheál Ó Bréartúin ina leabhar Aibhléis - lasmuigh den teideal, bhain sé úsáid as an bhfocal leictreachas de bhrí go bhfuil sé níos éasca comhfhocail a chumadh nó a úsáid leis.
Tá an rud céanna fíor faoi "blag" - blagadóir (nó an téarma eile sin blagálaí a bhfuil beannacht an Choiste aige ach nach maith liom), blagáil, athbhlagáil, blagthacht ...
Pé scéal é, tá blag i nDIL freisin:
blog blag blad blogh Keywords: fragment; piece; bit;Mar sin, sílim go gcloífidh mé le blag.
Feictear dom dála an scéil go bhfuil an nós sin filleadh buanaithe san córas Eorpach do méid páipéir A0, gan filleadh, A1 agus mar sin de, agus mar sin gurbh ionann cín agus A5.
San plé dúinn phléigh muid focal eile ar leabhar - Dúil - ar cás speisialta den focal Dúil = elementum atá ann.
As DIL arís:
3 dúilTá dúil leis an gciall leabhar agus "dúile feda" luaite ag Dinneen chomh maith, ach níl aon tagairt dó in Ó Dónaill.
i,f. Usually transld. book: dul, duil a book, a codex, O'Don. Suppl. ; but seems rather applied to certain accepted or authorized lists or compilations (poetic glossaries, rhymes, kennings, genealogies) of pre-Christian origin, which were no doubt in early times memorized and handed down verbally and some of which were known by special names (see below)
1 ceathrú páipéir atá ag De Bhaldraithe ar quire - ach ní fheileann sin anseo
2012-10-25
Togra nua: Rogha Gabriel
2012-10-16
Díbirt an CAPTCHA
![]() |
| Brúigh ar le méadú! |
Molaim sin a dhéanamh!
Gabh chuig "Settings" -> "Posts and Comments" agus roghnaigh "No" do "word verification". Ansin brúigh an cnaipe "Save Settings" thuas ar dheis. Sin é.
2012-10-15
Lá Gníomhaíochta na mBlag: Comhar na gComharsan
Sin ar ndóigh tagairt don fhreagra a thug Caoilte ar Phádraig nuair a d'fhiosraigh sé rún na bhFiann:
Glaine ár gcroí,
neart ár ngéag agus
beart de réir ár mbriathar
Agus is cinnte go gcuidíonn an oscailt céanna leis an iliomad meitheal teacht le chéile beag beann ar am nó áit - rud a thugann uirlisí chun "Cumhacht na gComhar" a mhúscailt. Ní comharseilbh - ach comhareolas! Tá sé de bhuntáiste ag eolas gur féidir é a roinnt gan - de ghnáth - a luach a laghdú. (Eisceacht is ea an rún, pé acu dlisteanach nó neamhdhlisteanach: ach sin scéal eile)
Maidir le saol na Gaeilge agus an Comhar seo, tá lámh curtha agam in iarracht nó dhó dá leithéid - mar shampla an slua foinsiú a rinneadh chun "Is iomaí duine le Dia" a chnuasach agus a chuir ar fáil. Nó na hiarrachtaí reatha chun Gaeilge a chuir ar Twitter.
Fiú an bhlagadóireacht féin, is modh é chun eolas a scaipeadh agus aithne a chuir ar dhaoine; agus is ríomhaithne dá leithéid a fhásann tograí a scaoileann fuinneamh cumhacht an le chéile chun feabhas a chuir ar an saol, ar scála bheag nó ar scála mhór.
Tá an cuma ar an scéal anois go bhfuil na modhanna úd ag sileadh amach ón idirlíon isteach san fíor saol leis na "spásanna seifteála" agus tóglainní.
Agus an píosa seo á scríobh agam, ritheann sé liom go bhfuil breis a d'fheadfainn a dhéanamh san earnáil seo - ach tá nithe eile a bhfuilim gafa leo, fearacht Comhluadar - gné eile de chumhacht an dreama a thagann le chéile.
Mar a deir an seanfhocal,
2012-10-05
Lá Gníomhaíochta na mBlag: Neart ár nGéag
2012-09-10
An Gtuít: Ócáid shóisialta do lucht na Gaeilge ar líne
Baileoidh twitterati na Gaeilge lena chéile don chéad tweetup as Gaeilge, an #Gtuít sa Culture Box, 12 Sráid Essex Thoir i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath, Déardaoin 27 Meán Fómhair ón 6.00-7.15. Pléifear na forbairtí is úire atá ag titim amach ar an idirlíon agus sna meáin dhigiteacha ag an ócáid neamhfhoirmiúil a bheidh oscailte do chách.... Meascán idir tweetup agus seisiún eolais atá i gceist agus beidh an ócáid seo oscailte do gach aon duine a bhíonn ag úsáid na láithreáin líonraithe shóisialta Twitter, Instagram, Pinterest, LinkedIn, Facebook, Google+ agus an láithreán líonraithe shóisialta Ghaeilge, Abair leat ina measc.
An t-eolas iomlán anseo:
2012-08-21
Turscair sna staitisticí ar Blogger
2012-07-29
Conas cóip de'd bhlag a shábháil
Aguisín: Is cosúil go bhfuil fabht le Safari, agus nach bhfeidhmíonn an modh mar a bheadh duine ag súil leis. In ionad (de bhrí gur féidir le Safari fothaí a léamh) cruthaítear fotha nua le seoladh fearacht feed://www.blogger.com/feeds/[a lán uimhreacha]/archive. Moltar anseo brabhsálaí eile a úsáid. Níl fhios agam bhfuil bealach eile thart air.
2011-12-29
Dom féin!
Reading maketh a full man,
conference a ready man,
and writing an exact man. Sir Francis Bacon
Tá spéis áirithe agam i líon na léitheoirí abhus agus cárbh as dóibh; caithim súil ó am go chéile ar na staitisticí a chnuasaínn statcounter dom. Suim tánaisteach atá ann áfach. Bíonn sé go deas aisfhreagra - anseo nó san fíor saol - a fháil ar nithe a scríobh mé anseo. (Le déanaí baineadh siar asam nuair a chuir duine anaithnid forrán orm ar an DART. Shíl sé gur aithin sé mé ón ngrianghraif thuas; ó tharla go raibh Gaelscéal á léamh agam bhí sé measartha cinnte go raibh an duine ceart aige. Bhí).
Mar sin féin, is chun faobhar a choinneáil agus a chuir ar idir smaointe agus friotail a bhím ag scríobh anseo. Bronntanas breise atá ann má spreagtar comhrá dá bharr. Ar ndóigh, bím ar mo dhícheall go mbeadh fiúntas san méid a scríobhaim. Ach dom féin, ní don léitheoir atáim tiomanta. Agus níl meas file ná éigeas agam orm fhéin ná meas filíochta ná éigse ar an méid a bhreactar anseo.
Sin anois glac smaointe fánacha!





