Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-01-26

Oidhre de Bhaldraithe saolaithe ach ag lámhacán fós!

Seoladh an suíomh don bhFoclóir nua Béarla Gaeilge i rith na seachtaine. Níl anseo ach tús - níl an bunachar ar fad ar fáil fós. Maíonn na heagarthóirí go bhfuil thart ar 30% den iomlán ar fáil anois, roghnaithe chun go mbeadh thart ar 80% de na cuardaithe is coitianta clúdaithe. (Sílim go bhfuil dul amú orthu ansin - gur focail eile atá á chuardach ná mar a bhí súil acu leo)
Tá na hiontrálacha atá ann thar a bheith cuimsitheach agus leagtha amach go snasta. Tá an obair theicniúil thar barr. Tá abairtí samplacha tugtha. Tá fuaimrianta sna trí mór-chanúintí ar fáil freisin do na bun-fhocail.
Sampla maith is ea an iontráil anseo do "face" (Bua eile - is féidir nascadh le hiontráil nó fiú do mhír laistigh d'iontráil - mar shampla gnúis/dreach/cuma )
Dar ndóigh tá saol na Gaeilge lofa le scolardaigh agus saoithíní, agus chonac cúpla clamhsán maidir le leithéidí "bhí gnéas acu" a bheith ann   - tá an leagan "luigh siad le chéile" ann san áit céanna. Aontaím go bhfuil cuma an lomaistriúcháin ón mBéarla ar an gcéad leagan sin. Ach spreagann sin an cheist fealsúnachta: an tuairisciú nó saintreoir ról an foclóirí?  
Tá an cur chuige anseo bunaithe ar chorpais; ach ní mór chuir san áireamh go bhfuil an lán dá bhfuil scríofa sa Ghaeilge comhaimseartha scríofa ag daoine a fhoghlaim an Ghaeilge, agus go bhfuil barraíocht meamraiméise ann. Cé gur dóigh liom féin gur tuairisciú cúram an fhoclóirí, ba mhaith an rud é sílim dá leagfaí béim ar na leaganacha a bhfuil gnás na Gaeilge dúchasaí orthu; le nod ar leith, mar shampla.
Ceist eile ná ceist síor-chonspóideach na canúna: faoi madra mar shampla, cloisfear madra (M), mada (C) agus madú (U) - ach is madra amháin atá scríofa. Is trua sin dar liom.  B'fhiú freisin focail a  bhaineann le canúint amháin a aithint; sampla a luadh agus an cheist á phlé ar Fhóram Daltaí na gasúr san ciall buachaill agus páiste; ní ionann an úsáid sna Gaeltachtaí ar fad. Is dócha gur mian liom é bheith ina ghruth is ina mheadhg agam!
Beidh daoine áirithe sásta gur féidir leo gabháil suas ar a chéile, nó orthu féin, go húdarásach anois: (Bhí duine de'm lucht aitheantais den barúil gur cur amú airgead poiblí a leithéid d'fhocal a bheith ann in aon chor. Ní aontaím; agus pé scéal é is iontach an sampla é don réimse nathaíochta atá sa Ghaeilge i comparáid leis an mBéarla tanaí comhaimseartha!)
Ainneoin gur foclóir Béarla Gaeilge atá anseo, is féidir focal Gaeilge a lorg leis an cuardach chasta - rud a thugann feidhm foclóir Gaeilge-Béarla dó freisin, leis an mbuntáiste go léiríonn na samplaí ceart-úsáid an fhocail i gcomhthéacs.
Tá cuid mhaith deá nathanna aimsithe agam cheana féin i mo thrialacha ann.
Tharraing an costas caint. Bhíothas ag caint ar "costas €6m" a bheith leis. Sílim go láimhseáladh an taobh sin den scéal go holc. Cinnte, caitheadh €6m ar an togra - nó caithfear faoin am go gcríochnaíonn sé le leagan clóite. Ach is infheistíocht i mbonneagar cuid mór den chostas sin. Cnuasaíodh na corpais - táim féin ag baint tairbhe as an gcorpas Gaeilge chun nathanna agus úsáid a chinntiú le blianta anois. Tá Corpas de Bhéarla na hÉireann cnuasaithe freisin; táim cinnte go mbeidh sin ina áis do thograí eile. Go deimhin, tá leathanach ar shuíomh an fhoclóra ag spreagadh iarrachtaí dá leithéid.
Maidir leis an réimse atá ann faoi láthair - is mór an trua nár rinneadh machnamh faoin dteachtaireacht a fhaigheann úsáideoir nuair nach bhfuil an focal san Foclóir. Mar shampla
Níor aimsíodh prescriptive Ar litrigh tú i gceart é? Seo roghanna eile:
Ba cheart dar liom ag an bpointe seo an teachtaireacht sin a leasú chun tagairt a dhéanamh do staid neamhchríochnaithe an togra!
Tá fáilte, is cosúil roimh aiseolas - chuig aiseolas ag focloir ponc ie.
Ar Daltaí bhí duine éigin ag clamhsán faoi sin - ag maíomh go raibh lucht an fhoclóra ag lorg ceartúcháin saor in aisce! Ní aontaím leis sin - sílim gur láidreacht bheadh ann cabhair a lorg ón bpobal; mar sin tar  éis an tsaoil a forbraíodh cuid mhór den idirlíon! Is mithid machnamh áfach ar dóibh éigin chun cabhair dá leithéid a aithint i dtreo is nach sílfeadh daoine go bhfuiltear ag teacht i dtír orthu.
Tús maith! B'fhiú, dar liom, an feitheamh fhada agus tá súil agam nach fada uainn oidhre an Dálach. Níl iomrá cloiste agam ar fhoclóir chuimsitheach Gaeilge-Gaeilge - ba bhreá liom a leithéid a fheiceáil!