Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-06-26

Trecheng Breth Féne: 141 - 150

141Trí hiarnduba: fer tochmairc, fer gaite meirle, fer hic aisnéis.Trí iarghnó: fir tochmhairc, meirligh, fir tabhairt faisnéise
142Trí maic beres drús do lonnus: tuilfhéth, fidchell, dulsaine.Tríur mac a bheireann drúis do loinne: toilfhéith, ficheall, cáineadh.

Triúr mac a bheireann baois do fearg: gnúsacht, argóint, cáineadh.

Tá an ceann seo dorcha. Is mar "baois" a d'aistrigh Meyer "drús". Dar leis nach raibh ciall le ficheall sa chomhthéacs. Dar le David Stifter, cúis feirge cluichí de gach sort. Maidir le toilfhéith, bod is ciall leis. Ach tá crostagairt i DIL do "tul" agus malairt léamh ansin, i. féith tosaigh ag at. "do éirgidar toillféthi a mullaigh co mbátar ar chuing a muiníl"
D'fhéadfaí gnúsacht a léamh as sin.
143Trí maic beres féile do ainmnit: grúss, rúss, rucca. Triúr mac a bheireann féile do fadfhulaingt: ?, deargadh, náire.

Is féidir gur modhúlacht atá i gceist le féile - tá an dá chiall luaite ag DIL.
144Trí maic beres neóit do deinmnait: crith, dochell, grith.Triúr mac a bheireann neoid do deinmhne: crith, doicheall, 
145Trí húar fíchte: tipra, muir, núae corma.Trí fuara a fiuchann: tiobra, muir, coirm úr.

Luaigh Sharon Arbuthnot ar twitter idirdhealú idir "tipra" - foinse as a shileann uisce agus "topur" - tobar as a tógtar uisce. Ach níl an t-idirdhealú sin sa chaint níos mó - foinse a deirtear.

146Trí fúammann móaigthe: fúam bó mblecht, fúam cerdchae, fúam arathair. Trí fhuaim méadaíochta - fuaim bó bleacht, fuaim ceárta, fuaim arathair
147Trí hana antreinn: tipra i sléib, tene a liic, ana la fer calad.Trí hana in áit aimrid - tobar i sliabh, tine ó leac, saibhreas ag fear crua.

ana = saibhreas.
148Trí aithgine in domuin: brú mná, uth bó, ness gobann.Trí ní a athghineann an domhain - broinn mná, uth bó, neas gabha
149Trí diubarta forsná íada dílse: tinnscra mná, imthomailt lánamna, iarraid maicc.

dílse b: forghéilleadh
Trí rud nach féidir coigistiú: spré mná, lón lánúna, táille altranais.
150Trí cuir tintaiter do réir britheman: cor mná ⁊ micc ⁊ bothaich.

cor 12 = conradh
Trí chonradh a thiontaítear de réir breitheamh: conradh mná nó mic nó coiteora.

Nótaí:

Liomsa na leagnacha Nua Ghaeilge, cuid de thogra Trecheng Breth Féne. Tá nascanna freisin le teanglann.ie agus dil.ie.
Nuair atá áit i gceist tá nascanna le Logainm curtha agam - níl mé cinnte go bhfuil siad uilig cruinn! Tá tochailt áirithe déanta agam in Onomasticon Goedelicum le Edmund Hogan, coigeartithe ag Donnchadh Ó Corráin maidir le logainmneacha.
Fáilte roimh ceartúcháin nó breis eolais chuig aonghusoh@gmail.com.